Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 9


1565] Ro gabad echrad Fergusa & ra indled a charpat. Ocus ro gabait a dá ech do Etarcumul mac Feda & Lethrinni, máethmaccáem di muntir Medba & Ailella. ‘Cid imluid-siu?’ ar Fergus. ‘Lodma lat-su,’ ar Etarcumul, ‘d'fégad chrotha & delba Con Culaind & do thaidbriud fair.’ ‘Día ndernta-su form-sa,’ ar Fergus, ‘ní targtha
1570] 'manetir.’ ‘Cid són amai?’ ‘Do sobcha & do saisillecht, a lunni immorro & a ágmairi & a ainserci in meic dá tégi innaigid, & is dóig lim-sa debaid dúib ria n-imscar.’ ‘Nach fétfa-su ar n-etráin?’ ar Etarcumul. ‘Rafétad,’ for Fergus, ‘acht nád chunnis fodessin.’ ‘Nad chunnius ón co brunni mbrátha.’


1575] Lotar iarum rempu iar tain do saigid Con Culaind. A mboí Cú Chulaind eter Fochaín & muir oc imbirt búanbaig fria araid, & ní théiged isin mag can arigud do Láeg & no bered cach ra cluchi for Coin Culaind asin búanbaig béus arapa. ‘Óenláech cucund, a Chúcúc,’ ar Láeg. ‘Cinnus láeich?’ ar Cú Chulaind. ‘Métithir lim
1580] óen na prímslíab is mó bís for mórmachairi{MS folio 71b} in carpat fil fónd óclaig. Métithir lim óen na prímbili bís for faidchi prímdúni in folt craíbach dúalach findbudi forórda forscaílti fail immo chend. Fúan corcra corrtharach inaithi immi. Delg n-órda n-ecortha 'sin brut. Manaís lethanglas ar derglassad 'na láim. Scíath cobradach
1585] condúalach co cobraid óir deirg úasu. Claideb fata sithlaí co n-ecrasaib serrda for díb sliastaib sudigthi dond óclaíg móir borrfaid fail isin charput ar medón.’ ‘Ale mo chen a thíchtu inar ndochum-ni ind oíged sin,’ ar Cú Chulaind. ‘Rafetamar-ni in fer sin. Mo phopa-sa Fergus dotháet and sin.’ ‘Atchíu-sa óencharpdech
1590] aile 'nar ndochum-ne béus. Is lór n-árgigi & n-óebinniusa & n-ániusa amthiagat a eich.’ ‘Cia do maccáemaib fer nHérend sin, a mo phopa Laíg,’ ar Cú Chulaind. ‘D'fégad mo chrotha-sa & mo delba dotháet in fer sain dáig am urdairc-sea leó-som 'na ndún ar medón.’ Doriacht Fergus & tarblaing assin charpat, & ferais Cú Chulaind
1595] fáilti fris. ‘Tarisi lim,’ ar Fergus. ‘Tarisi duit-siu ón om,’ ar Cú Chulaind, ‘dáig dia tóichle inn iall én 'sin mag, rot bia cadan co lleth araile. Dia tuinne iasc i n-inberaib, rot bia éicni co leith anaill. Rot bia dorn bilair & dorn femmaig & dorn fothlochta. Dámsat éicen comrac nó chomlond, missi ragas dit ráith for áth &
1600] rot bia foraire & forcomét co táthais do suan & do chotlud.’ ‘Maith


p.44

amin rofetamar mar atá th'óegedchaire in chur sa for Táin Bó Cúalnge. Acht in cor sa conattecht for firu Hérend, comlund óenfir, atetha. Is dó thánac-sa dia naidm fort, & geib-siu fort.’ ‘Ataimim omm, ’ bar Cú Chulaind, ‘a mo phopa Ferguis.’ Ocus
1605] ní baí ní ba siriu ná sain ac comlabra arná ráditis fir Hérend a mbrath nó a trécun do Fergus fria dalta. Ro gabtha a dá ech do Fergus & ro indled a charpat, & luid for cúlu.

Dessid Etarcumul dia éis ic fégad Con Culaind fri ed cían. ‘Cid fégai-siu, a gillai?’ for Cú Chulaind. ‘Fégaim-se tussu,’ for
1610] Etarcumul. ‘Ní fota in rodarc ém duit-siu ón,’ ar Cú Chulaind, ‘immonderca súil i sodain duit. Acht dia festa-su, is andíaraid in míl bec fégai-siu .i. missi. Ocus cinnas atú-sa acut frim fégad didiu?’ ‘Is maith lim ataí immorro. Maccáem tucta amra álaind tú co clessaib ána imfacsi ilarda. Mad t'árim immorro bail i mbiat
1615] daglaích nó dagoíc nó láith gaile nó ord essoirgne, nít áirmem itir & nít imrádem.’ ‘Rofetar-sa is commairgi dait immar thánac assin longphort ar einech mo phopa Fergusa. Tong-sa mo dee dá n-adraim chena, menbad ar bíth einig Fergusa, ní ricfad acht do chnámi mintai & t'áigi fodailti arís dochum longphuirt.’ ‘Aile
1620] nacham thoma-sa itir ní bas íriu de sodain dáig in cor sa ra chungis for firu Hérend, comlund óenfir, ní fil d'feraib Hérend tí imbárach dit fópairt acht missi.’ ‘Tair-siu ass ón, & gid moch thís, fogéba-su missi sund. Ní thechiub-sa riam remut.’ Luid Etarcumul ar cúlu & ro gab ar chomrád fria araid. ‘Isam écen-sa trá imbárach comrac
1625] fri Coin Culaind, a gillai,’ bar Etarcumul. ‘Ra gellais trá,’ar in t-ara.{MS folio 72a} ‘Ní fetar-sa chena in comella.’ ‘Ocus cia ferr a dénam imbárach nó innocht fo chétóir?’ ‘Is í ar cubus,’ ar in gilla, ‘acht ní búaid a dénam imbárach, is mó is dimbúaid a dénam innocht dáig is nessu do urgail.’ ‘Impá dún in carpat, a gillai, arís for
1630] cúlu dáig ar bíth tongu-sa na dé dá n-adraim, ní rag-sa ar cúl co brunni mbrátha co rucur cend na herre út lim itasselbad, cend Con Culaind.’

Imsoí in t-ara in carpat arís dochum inn átha. Tucsat a clár clé fri airecht ar amus ind átha. Rathaigis Láeg. ‘In carpdech
1635] dédenach baí sund ó chíanaib, a Chúcúc,’ ar Láeg. ‘Cid de-side?’ ar Cú Chulaind. ‘Dobretha a chlár clé riund ar ammus ind átha.’ ‘Etarcumul sain, a gillai, condaig comrac cucum-sa, & ní ramaith lim-sa dó ar bíth ainig m'aiti ara tánic assind longphurt & ní ar bíth a imdegla-som atú-sa itir. Tuc-su latt, a gillai, m'arm


p.45


1640] dam-sa connici in n-áth. Ní miad lim-sa diam túscu dó icond áth ná dam-sa.’ Ocus luid iarum Cú Chulaind connice in n-áth & nochtais a chlaideb ósa gelgúalandchor & baí urlam forsinn áth for cind Etarcomla. Dorocht dano Etarcumul. ‘Cid iarrai, a gillai?’ ar Cú Chulaind. ‘Comrac frit-su iarraim-se,’ bar Etarcumul. ‘Na
1645] dernta form, ní thargtha itir,’ ar Cú Chulaind, ‘ar bíth ainig Fergusa ara tánac assin longphurt & ní ar bíth t'imdegla-su itir itú-sa.’ Tuc trá Cú Chulaind fotalbéim dó goro thesc in fót boí fo bund a chossi conid tarla bolgfáen is a fót fora broind. Dámbad áil dó is dá orddain dogénad de. ‘Dó duit ifechtsa ar dobiurt-sa
1650] robud dait.’ ‘Ní rag-sa condrísam béus,’ bar Etarcumul. Tuc Cú Chulaind fáebarbéim co commus dó. Tópacht a folt ó chúl có étan de ón chlúais co araile marbad do altain áith étruim nad berrtha. Níro fulig tráchtad fola fair. ‘Dó duit ifechtsa’ for Cú Chulaind, ‘ar dobiurt-sa gén fort.’ ‘Ní rag-sa condrísam béus
1655] ón co rucur-sa do chend-su & do choscur & do chommaídim nó co ruccu-ssu mo chend-sa & mo choscur & mo chommaídim.’ ‘'S ed trá bias de a n-atberi-siu fo deóid, missi béras do chend-su & do choscur & do chommaídim.’ Tucastar Cú Chulaind múadalbéim dó i comard a chind co rocht a imlind. Tucastar béim tánaise dó
1660] urtharsna conid i n-óenfecht rángatar a trí gáibti rainti co talmain úad. Dorochair Etarcomul mac Feda & Lethrinne samlaid.

Ocus ní fitir Fergus in comrac do dénam, dáig ba deithbir són ar níro fég Fergus dara ais ríam ic suidi nó ic érgi nó ic astar nó ic imthecht & chléith & chath nó chomlund ar nád ráided nech ba
1665] fatchius dó fégad dara éiss, acht na mbíd ríam remi & aird fri haird friss. Rasiacht gilla Etarcomla aird i n-aird fri Fergus. ‘Cá airm inda fil do thigerna-su immanitir, a gillai?’ ar Fergus. ‘Dorochair ó chíanaib forsinn áth la Coin Culaind,’ ar in gilla. ‘Nírbu chóir ém,’ ar Fergus, ‘don serriti síabarda mo sárgud immontí thánic
1670] for m'foísam. Impá dún in carpat, a gillai,’ ar Fergus, ‘ar condrísam immacallaim fri Coin Culaind.’

Imsoí iarum in t-ara in carpat. Lotar dó rempo a dochum ind átha. ‘Cid latt mo sárgud, a serriti síabarda,’ ar Fergus, ‘immontí tánic for m'foísam & for mo chommairgi?’{MS folio 72b} ‘Dond altram & dond
1675] iarfaigid dobertaisiu form-sa, ráid dam cia de bad ferr lat-su, mo choscur-sa & mo chommaídim-se dó-som oldás a choscur-som & a chommaídim-sium dam-sa. Ocus anaill béus, iarfaig-siu a gilla-som cia bad chintach úan fri araili.’ ‘Ferr lemm na ndernais. Bendacht forin láim dofárraill.’


p.46


1680] And sin trá ra cenglait dá n-id im chaílaib choss Etarcomla & ra srengad i ndegaid a ech & a charpait. Cach all ba amréid dó no fácbaitis a scaim & a thrommai im ailib & im airtdrochib. Cach bali ba réid dó na chomraictis a gabti rainti 'mon echraid. Ra srengad samlaid dar fiartharsna longphuirt co dorus pupla Ailella
1685] & Medba. ‘Fail and sain trá,’ bar Fergus, ‘far maccaím dúib, ar cach assec cona thassec is téchta.’ Dotháet Medb immach co dorus a pupla & dobreth a hardguth for aird. ‘Dar lind ém,’ bar Medb, ‘ba mór bruth & barand in chuliúin-se tús laí dia ndechaid assin longphurt. Andar lind ní ainech athfir in t-ainech forsa ndechaid,
1690] ainech Fergusa.’ ‘Cid ra mer in cali & in banaccaid?’ bar Fergus. ‘Cid ón, ciarso dúal don athiuchmatud saigid forsin n-árchoin ná lamat cethri ollchóiceda Hérend tascud nó tairisin dó? Cid mi fadéin, ba maith limm tíchtain imslán úad.’ Torchair trá Etarcumul fón samlaid sin.


1695]

Conid Comrac Etarcomla fri Coin Culaind sin.