Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 5

In scél fodessin is ní and fodechtsa.

Táncatar cethri ollchóicid Hérend arnabárach dar Cruind .i. Sliab sair. Luid Cú Chulaind ríam remáin rempu conarnaic fri
1220] araid Órláim meic Ailella & Medba ro baí oc Tamlachtain Órláib fri Dísert Lochad atúaid. Buí ic buing na fertas carpait culind issin fid. ‘Amae, a Láeig,’ ar Cú Chulaind, ‘is tarpech in mod do Ultaib más iat benas in fid fón samlaid se ar cind fer nHérend, & airis-siu sund bic co fessur-sa cia benas in fid fón samlaid se.’
1225] Luid Cú Chulaind iarum conarnaic frisin n-araid. ‘Cid dogní-siu sund, a gillai?’ ar Cú Chulaind. ‘Itú-sa ém,’ ar in gilla, ‘oc boing na fertas carpait culind sund dáig ar bíth ro mebtatar ar carpait inné ic taffund na hailiti urdairce út .i. Con Culaind, & ar bíth t'óclachais-siu, a óclaích, congain lim-sa nacham thair in Cú
1230] Chulaind urdairc sin.’ ‘Roga duit, a gillai,’ ar Cú Chulaind, ‘a n-imtheclamad nó a n-imscothad nechtar de.’ ‘Dogén a n-imtheclamad dáig is assu.’ Forrópart Cú Chulaind fora n-imscothad,& nos tairnged tria ladraib a choss & a lám i n-agid a fíar & a fadb co


p.34

ndénad a féth & a snass & a slemnugud & a cermad. Nos bláthiged
1235] conná tairised cuil forru tráth nos léiced úad. And sin nod fégand dano in gilla. ‘Dar lim ám ale, ní h'opair chóir dombiurt-sa fort-su itir. Cóich thussu itir?’ bar in gilla. ‘Is missi in Cú Chulaind airdairc atbertais-siu imbuarach.’ ‘Ro mairc-se ón ém,’ ar in gilla, ‘darochar deside co bruinni mbrátha.’{MS folio 68b} ‘Nád bia etir, a gillai,’
1240] ar Cú Chulaind, ‘ar ní gonaim aradu nó echlachu nó áes gan armu. Is cia airm i tá do thigerna-su chena ale?’ ‘Aracút tall forin fertai,’ ar in gilla. ‘Dó duit-siu connice & urtha co robud dó & ar dogné fatchius, dáig dia condrísam, dofáeth lem-sa.’ Luid iar sain in t-ara do saigid a thigerna, & cid lúath condránic in gilla,
1245] lúathiu conarnic Cú Chulaind & tópacht a chend de Órláb, & turcbais & tasbénais do feraib Hérend in cend.

'S and sin táncatar trí meic Árach barsin n-áth ic Ard Chiannacht i n-herus Con Culaind, Lon & Úalu & Díliu. MasLir & MasLaig & MasLethair anmand a n-arad. Is aire condeochatar sin i comdáil
1250] Con Culaind dáig ba immarcraid gním leó doringni in lathe reme forro .i. dá mac Nera meic Nuatair meic Thacáin do marbad ic Áth Gabla, Órláb mac Ailella & Medba do guin dano & a chend do thaisselbad d'feraib Hérend. Coro gontais-sium Coin Culaind fón samlaid sin & go ructaís a chend leó i taisselbad. Lotar fón fid &
1255] ro bensat trí fidslatta findchuill i llámaib a n-arad condrístais a sessiur i n-óenfecht gliaid fri Coin Culaind. Impádar Cú Chulaind friu & benais a sé cinnu díb. Torchratar meic Árach samlaid la Coin Culaind.

Tánic dano Lethan fora áth for Níth i crích Conailli Murthemne do chomruc fri Coin Culaind. Barrópart forsin n-áth. Áth Carpait
1260] a chomainm inn átha áit mal connairnechtatar dáig conmebdatar a carpait ic imthrutt isinn áth. Is and sin focera Mulchi forsin taulaig eter na dá n-áth. Conid de dá tá Gúalu Mulchi dano béus. Is and sin dano condránic Cú Chulaind & Lethan & dofuit Lethan fri Coin Culaind & tópacht a chend dia méde forsin áth & nad
1265] n-ácaib leis .i. fácbais a chend la cholaind. Conid de atá in t-ainm forsinn áth ó sain .i. Áth Lethan i crích Conailli Murthemne.

And sain táncatar crutti Caínbili ó Ess Rúaid dá n-airfitiud. Indar leó-som rapo da thascélad forro ó Ultaib & rucsat in tslúaig tafond dírecra i fat forro co ndechatar i ndelbaib oss n-alta
1270] úadib icna corthib ic Lííc Móir, ar giarsa Chruitti Caínbili atberthea friu, batir fir co mórfiss & go mórfástine & druídecht iat.


p.35

And sain bágais Cú Chulaind port i faicfed Meidb dobérad chloich furri & níbad chían ó lethchind. Fír dó-som. Port indas facca Meidb, focheird chloich assa thabaill furri coros ort in petta
1275] n-eóin buí fora gúalaind fri áth aniar. Luid Medb dar áth sair & dobretha cloich assa thabaill furri béus goro ort in petta togmalláin baí fora gúalaind fri áth anair. Conid Méide in Togmaill & Méde ind Eóin a n-anmand na n-inad sin béus, conid Áth Srethe comainm ind átha dara sredestar Cú Chulaind in cloich assa thabaill.