Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 4

Incipiunt macgnímrada Con Culaind

Dáig alta in mac sin i tig a athar & a máthar icon Airgdig i
740] mMaig Muirthemne, & adféta dó scéla na maccáem i nEmain. Dáig is amlaid domeil Conchobor in rígi óro gab rígi in rí .i. mar atraig fó chétóir cesta & cangni in chóicid d'ordugud; in lá do raind i trí asa athli: cétna trian de fó chétóir ic fégad na maccáem ic imbirt chless cluchi & immánae, in trian tánaise dond
745] ló ic imbirt brandub & fidchell, & in trian dédenach ic tochathim bíd & lenna conda geib cotlud for cách. Áes cíuil & airfitid dia thálgud fri sodain. Cia 'táim ane ar longais riam reme, dabiur bréthir, (ar Fergus), ná fuil i nHérind nó i nAlbain óclach mac samla Conchobuir.

Ocus adféta don mac sin scéla na maccáem & na maccraide i
750] nEmain, &rádis in mac bec ria máthair ar co ndigsed dá chluchi do chluchemaig na Emna. ‘Romoch duit-siu sain, a meic bic,’ ar a máthair, ‘co ndeoch ánruth do ánrothaib Ulad lett nó choímthecht écin do chaímthechtaib Conchobuir do chor th' faesma & t'imdegla forin maccraid.’ ‘Cían lim-sa di sodain, a máthair,’ ar in mac
755] bec, ‘& ni bíu-sa ocá idnaide, acht tecoisc-siu dam-sa cia airm i tá Emain.’ ‘Is cían úait,’ ar a máthair, ‘airm indas fil. Slíab Fúait etrut & Emain.’ ‘Dobér-sa ardmesfurri amne,’ ar ésium.

Luid in mac remi & gebid a adbena ániusa. Gebid a chammán créduma & a liathróit n-argdide, & gebid a chlettíni díburgthi, &
760] gebid a bunsaig mbaísi mbunloscthi, & fogab ic athgardigud a sliged díb. Dobered béim {MS folio 62b} din chammán dá liathróit co mbered band fota úad. No theilged dano a chammán arís d'athbéim cona berad níba lugu andá in cétband. No thelged a chlettín & no sneded a bunsaig & no bered rith baíse 'na ndíaid. No gebed dano
765] a chammán & no geibed a liathróit & no geibed a chlettíne & ní roiched bun a bunsaige lár tráth congebed a barr etarla etarbúas.

Luid reme co forodmag na hEmna airm i mbátar in maccrad. Trí coícait maccáem im Follomain mac Conchobuir icá clessaib for


p.22

faidche na Emna. Luid in mac bec issin cluchimag eturru ar medón
770] & ecrais cid in liathróit i ndíb cossaib úadib & nís arlaic sech ard a glúne súas & nís arlaic secha adbrond sís & ris eturturthig & ros comdlúthaig i ndíb cossaib & ní rocht nech díb bir nó bulle nó béim nó fargum furri. Ocus rosfuc dar brúach mbáire úadib.

Nad fégat uili i n-óenfecht amaide. Ba machtad & ba ingantus
775] leó. ‘Maith a maccu,’ ar Follomain mac Conchobuir, ‘nobar benaid uili fóe sút & táet a bás lim dáig is geiss dúib maccáem do thíchtain infar cluchi can chur a faísma foraib, & nobar benaid uile fóe i nn-óenfecht, ar rofetammar is do maccaib ánroth Ulad sút & ná dernat bés tuidecht infar cluchi can chur a faísma foraib nó a
780] commairge.’

Is and sin ros bensat uile fóe i n-óenfecht. Tarlaicset a trí coíctu cammán ar ammus a chendmullaig in meicc. Turcbaid-sium a óenluirg n-ániusa & díchuris na trí coícait lorg. Tarlacait dano na trí coícait liathróiti ar ammus in meic bic. Turcbaid-sium
785] a dóti & a rigthi & a dernanna & díchuris na trí coíctu líathróiti. Tarlacit dó na trí coícait bunsach baísi bunloscthi. Turcbais in mac a scéthíni slissen & díchuris na trí coícait bunsach. Is and sain imsaí-sium fóthib-sium. Scarais coíca rígmac im thalmain díb fóe. Luid cóiciur díb, (ar Fergus) etrum-sa is Chonchobor 'sin
790] magin i mbámmar ic imbirt fidchilli .i. na Cendcháeme, for forodmaig na hEmna. Luid in mac bec 'na ndíaid dia nn-imdibe. Gebid Conchobor a rígláma in meic bic. ‘Ale atchíu ní fóil amberai-siu, a meic bic, in maccrad.’ ‘Fail a mórdamnae dam-sa,’ ar in mac bec. ‘Ní fúarusa fíad n-oíged ga thánac a tírib imciana ican
795] maccraid iar torachtain.’ ‘Ced són, cia tussu?’ for Conchobor. ‘Sétanta bec missi mac Sualtaim, mac-sa Dechtiri do derbsethar-su, & ní lat-su fo dóig lim-sa mo chrád d'fagbáil samlaid.’ ‘Ced ón, a meic bic,’ for Conchobor, ‘nád fetar armirt fil don macraid conid geiss dóib mac dar tír cuccu can chur a faísma forro?’ ‘Ní fetar,’
800] bar in mac bec. ‘Dia fessaind, combeind 'na fatchius.’ ‘Maith a maccu,’ bar Conchobor, ‘geibid foraib faísam in meic bic.’ ‘Ataimem omm,’ bar siat.

Luid in mac bec {MS folio 63a} for faísam na maccraidi. 'S and sain scaílset láma de-sium, & amsoí fóthu arís. Scarais coíca rígmac i talmain
805] díb fóe. Fa dóig la n-athrechaib is bás dobretha dóib. Níba sed ón acht uathbás bretha impaib do thulbémmennaib & múadbémmennaib & fotalbémmennaib móra. ‘Aile,’ for Conchobor, ‘cid ataí dóibsin béus?’ ‘Dothongu-sa mo dee dia n-adraim co ndigset-som uili ar m'fóesam-sa & ar m'imdegail feib dochúadusa ara fáesam-sun & ara


p.23


810] n-imdegail, conná gét-sa láma díb conas tarddur uile fo thalmain.’ ‘Maith a meic bic, geib-siu fort fáesam na maccraide.’ ‘Ataimim omm,’ ar in mac bec. And sain dochúatar in maccrad fora fáesam & fora imdegail.

Mac bec doringni in gním sain, (ar Fergus) i cind chóic mblíadan
815] iarna brith coro scart maccu na curad & na cathmíled ar dorus a llis & a ndúnaid fadessin, nocorb éicen machta nó ingantus de ciano thísed co hor cocríchi, gana thescad gabail cethri mbend, gana marbad fer nó dís nó triur nó cethrur in am indat slána .xvii. mbliadna de for Táin Bó Cúalnge.


820] Is and sin atubairt Cormac Cond Longas mac Conchobuir: ‘Doringni in mac bec sin gním tánaise sín bliadain ar cind doridisi.’ ‘Ciaso gním?’ bar Ailill. ‘Culand cerd buí i crích Ulad. Ro urg-nastar fleid do Chonchobur & dochúaid dá thochuriud co Emain. Rádis friss ara tísed úathad leis meni thucad fíraígid leiss ár nach
825] crích nó ferand baí aice acht a uird & a indeóna & a duirn & a thendchore. Atbert Conchobor co ticfad úathad a dóchum.’

Tánic Culand connice a dún reme do frestul & frithálim lenna & bíd. Dessid Conchobor i nEmain corbo amm scaílti co tánic deired dond ló. Gebid in rí a fiallgud n-imétrom n-imthechta
830] immi & luid do chelebrad don maccraid. Luid Conchobor arin faidchi co n-acca ní ba ingnad leiss: trí coícait mac 'sindara chind dind faithchi & óenmac barin chind aile di. Dobered in t-óenmac búaid mbáire & immána óna trí coíctaib maccáem. Tráth ba cluchi puill dóib — cluichi puill fogníthi for faithchi na Emna —
835] ocus tráth ba leó-som díburgun & ba lesium imdegail, congeibed na trí coícait liathróit fri poll immuich & ní roiched ní secha 'sin poll. Tráth ba leó-som imdegail & ba leisium díburgun, no chuired na trí coícait liathróit 'sin poll can imroll. Tráth fo imtharrung n-étaig dóib, no benad-som a trí choícait ndecheit díb & ní chumgaitis uili a
840] delg do béim assa brut-som nammá. Tráth ba imtrascrad dóib, concured-som na trí coícait cétna i talmain foí & ní roichtis-sium uili immi-sium lín a urgabála. Arrópart Conchobor ic forcsin in meic bic. ‘Amae a ócu,’ bar{MS folio 63b} Conchobor, ‘mo chin tír asa tánic in mac bec atchíd dá mbetis na gníma óclachais aice feib atát na
845] macgníma.’ ‘Ní comdas a rád,’ ar Fergus. ‘Feib atré in mac bec atrésat a gníma óclachais leis.’ ‘Congarar in mac bec dún co ndig lind do ól na fledi dia tíagam.’ Conágart in mac bec do


p.24

Chonchobur. ‘Maith a meic bic,’ ar Conchobor, ‘tair-siu linni d'ól na fledi dia tíagum.’ ‘Ní rag omm,’ bar in
850] mac bec. ‘Ced són?’ bar Conchobor. ‘Ar ní dóethanaig in maccrad do chlessaib cluchi nó ániusa, & ní rag-sa úadib corbat doíthanaig cluchi.’ ‘Is cían dúni beith acot irnaidi ri sin, a meic bic nicon & bíam itir.’ ‘Táit-si round,’ ar in mac bec, ‘ocus rag-sa far ndiaid.’ ‘Nídat eólach etir, a meic bic,’ bar Conchobor. ‘
855] Gébat-sa slichtlorg in tslúaig & na n-ech & na carpat.’

Ocus tánic Conchobor iar sin co tech Culaind cerdda. Ro fritháiled in rí, & ro fíadaiged ar grádaib & dánaib & dligedaib & úaslecht & caínbésaib. Ro hecrait aíne & úrlúachair fóthu. Gabsat for ól & for aíbnius. Ro iarfacht Culand do Chonchobur: ‘Maith
860] a rí, inra dális nech innocht it díaid don dún sa?’ ‘Níra dálius omm,’ bar Conchobor, dáig níba cuman dó in mac bec dálastar 'na díaid. ‘Cid són?’ bar Conchobor. ‘Árchú maith fil ocum. Á fúaslaicthir a chonarach dé, ní laimthanoch tasciud do óentríchait chét fris do fir chúardda nó imthechta, & ní aichne
865] nech acht missi fodessin. Feidm cét and do nirt.’ And sin atbert Conchobor: ‘Oslaicther dún dond árchoin coro imdegla in tríchait cét.’ Ra fúaslaiced dind árchoin a chonarach & fochuir lúathchúaird in tríchait cét, & tánic connice in forud i mbíd ic comét na cathrach & baí and sain & a chend ara mácaib. Ocus ba borb
870] barbarda bruthmar bachlachda múcna matnamail cách baí and sain.

Imthúsa na maccraide bátar i nEmain corbo amm scaílti dóib. Luid cách díb da thig a athar & a máthar, a mumme & a aite. Luid dano in mac bec i slichtlurg na slúag co ránic tech Culaind cerda.
875] Gabais icc athgarddigud na sliged reme dá adbenaib ániusa. Ó ránic cofaidche in dúnaid i mbaí Culand & Conchobor, focheird a adbena uile riam acht a liathróit nammá. Rathaigid in t-árchú in mac mbec ocus glomais fair co clos fosnaib túathaib uili gloimm inn árchon. Ocus ní raind fri fes ba háil dó acht a slucud i n-óenfecht
880] dar compur{MS folio 64a} a chléib & dar farsiung a brágat & dar loing a ochta. Ocus ní baí lasin mac cóir n-imdegla reme acht focheird róut n-urchair din liathróit conas tarla dar gincráes a brágat dond árchoin co ruc a mboí di fobaig inathair and dar' iarcomlai, & gebis i ndíb cossaib é & tuc béim de immun corthe co tarla 'na gabtib
885] rointi im thalmain. Atchúala Conchobor gloimm inn árchon. ‘Amae a ócu,’ bar Conchobor, ‘ní ma táncamar d'ól na fledi se.’ ‘Cid són?’ bar cách. ‘In gilla bec ra dál im díaid, mac mo sethar,


p.25

Sétanta mac Sualtaim, dorochair lasin coin.’ Atragatar i nn-óenfecht uli Ulaid ollbladacha. Ciarbo óebéla oslaicthi dorus
890] na cathrach, dochúaid cách 'na irchomair dar sondaib in dúnaid immach. Cid ellom condránic cách, lúaithium conarnic Fergus & gebis in mac mbec do lár thalman fri aidleind a gúaland & dobretha i fiadnaisi Conchobuir. Ocus tánic Culand immach & atchondairc a árchoin 'na gabtib rointi. Ba béim cride fri cliab leis. Dochúaid
895] innund isin dún asa aithle. ‘Mo chen do thíchtu, a meic bic’ bar Culand, ‘ar bíth do máthar & t'áthar, & ní mo chen do thíchtu fort féin.’ ‘Cid taí-siu don mac?’ ar Conchobor. ‘Ní ma tánac-su dam-sa do chostud mo lenna & do chathim mo bíd, dáig is maith immudu ifechtsa mo maith-se & is bethu immuig mo bethu.
900] Maith in fer muntiri rucais úaim. Concométad éite & alma & indili dam.’ ‘Nádbad lond-so etir, a mo phopa Culand,’ ar in mac bec, ‘dáig bérat-sa a fírbreth sin.’ ‘Cá breth no bértha-su fair, a meic?’ for Conchobor. ‘Má tá culén do síl in chon út i nHérind. ailébthair lim-sa gorop inengnama mar a athair. Bam cú-sa
905] imdegla a almai & a indili & a feraind in n-ed sain.’ ‘Maith rucais do breth, a meic bic,’ for Conchobor. ‘Nís bérmais ém,’ ar Cathbath, ‘ní bad ferr. Cid arnach Cú Chulaind bias fort-su de suidiu?’ ‘Nithó,’ bar in mac bec. ‘Ferr lim mo ainm fodéin, Sétanta mac Sualtaim.’ ‘Nád ráid-siu sin, a meic bic,’ ar
910] Cathbath, ‘dáig concechlabat fir Hérend & Alban in n-ainm sin & bat lána beóil fer nHérend & Alban din anmum sin.’ ‘Fó limm didiu cid sed bess form,’ ar in mac bec. Conid de sódain ro lil in t-ainm aurdairc fair .i. Cú Chulaind, ó ro marb in coin boí ic Culaind cherd.


915] Mac bec doringni in gním sin, {MS folio 64b} (ar Cormac Cond Longas mac Conchobuir), i cind sé mbliadan arna brith, ro marb in n-árchoin ná laimtís slúaig nó sochaide tascud i n-óentríchait cét fris, nírb écen machtad nó ingantus de gana thísed co hor cocríchi, giano thescad gabail cethri mbend, gana marbad fer nó dís nó triur nó chethrur
920] in am inat slána .xvii. mbliadna de for Táin Bó Cúalnge.

‘Doringni in mac bec in tres gním isin bliadain ar cind dorís,’ ar Fiachu mac Fir Aba. ‘Gá gním doringni?’ bar Ailill.

Cathbad druí buí oc tabairt tecaisc? dá daltaib fri hEmain anairtúaith & ocht ndalta do áes in dána druídechta 'na farrad. Iarfacht fer
925] díb
dia aiti ciaso sén & solud buí forin ló i mbátar, in ba maith


p.26

fá in ba saich. And atbert Cathbad mac bec congébad gasced, bad án & rabad irdairc, rabad duthain & dimbúan. Rachúala-som anísin & sé fria chlessaib chluchi fri hEmain aniardes, & focheird a adbena ániusa uli úad & dochúaid i cotultech Conchobuir. ‘Cach
930] maith duit, a rí féne,’ bar in mac bec. — Aithesc dano cungeda neich ó neoch in t-athesc sain. — ‘Cid connaige, a meic bic?’ ar Conchobor. ‘Airm do gabáil,’ ar in mac bec. ‘Cia dotrecoisc, a meic bic?’ bar Conchobor. ‘Cathbad druí,’ ar in mac bec. ‘Nít mérad-su .i. nít mairnfed sain, a meic bic,’ ar Conchobor. Tobert
935] Conchobor dá sleig & claideb & scíath dó. Bocgais & bertnaigis in mac bec na harmu co nderna minbruan & minscomairt díb. Tuc Conchobor dá sleig aile dó & scíath & claideb. Bocgais & bertnaigis, crothais & certaigis co nderna minbruan & minscomairt díb. Airm i mbátar na cethri airm déc bátar ic Conchobur i nEmain ie frithálim na
940] maccáem & na maccraide — ciped mac díb no gabad gasced combad Conchobor doberad trelam fúaparta dó, búaid n-engnama leis assa aithle [dash ] cid trá acht doringni in mac bec sin minbruan & minscomairt díb uili.

‘Ní maith ám and na airm se, a mo phopa Conchobuir,’ ar in
945] mac bec. ‘Ní thic mo dingbáil-se di sodain.’ Tuc Conchobor a dá sleig fodessin & a sciath & a chlaideb dó. Bocgais & bertnaigis, crothais & certaigis conarnic a fográin aice fria n-irlaind, & níras robris na harmu & ros fulgetar dó. ‘Maithi na hairm se omm,’ bar in mac bec. ‘Is é so mo chomadas. Mo chin in rí asa gasced &
950] trelam so. Mo chin tír asa tánic.’ 'S and sin tánic Cathbad druí 'sin pupull & atbert: ‘Airm conagab sút?’ ar Cathbad. ‘'S ed écin omm,’ bar Conchobor. ‘Ní do mac do máthar bad áil dam a ngabáil 'sind ló sa,’ ar Cathbad. ‘Cid són? Nach tussu darrecoisc?’ ar Conchobor. ‘Nád mé omm,’ bar Cathbad. ‘Cid lat, a siriti
955] síabairthi,’ ar Conchobor, ‘in bréc dobertais immund?’{MS folio 65a} ‘Ná badat lond-su immorro, a mmo phopa Conchobuir,’ ar in mac bec, ‘dáig ar bíth is ésium domrecuisc-se araí ár iarfoacht a dalta dó ciaso sén baí forin ló & atbert-som mac bec no gébad gasced and, bad án & bad urdairc, bad duthain dimbúan immorro.’ ‘Fír
960] dam-sa ón,’ bar Cathbad. ‘Bat án-su & bat urdairc, bat duthain & dimbúan.’ ‘Amra bríg canco rabur acht óenlá & óenadaig ar bith acht co marat m'airscéla & m'imthechta dimm ési.’ ‘Maith a meic bic, airg i carpat ar iss ed na cétna dait.’


p.27

Dotháet i carpat, & in cétna carpat i tánic béus dano bocgais &
965] bertnaigis imme co nderna minbruan & minscomairt de. Luid issin carpat tánaise co nderna minbruan & minscomairt de fón cumma cétna. Doringni minbruar don tres carput béus. Airm i mbátar na seeht carpait déc bátar oc frithálim na maccraide & na maccáem ic Conchobur i nEmain, doringni in mac bec minbruan & minscomairt
970] díb uile & níro fulngetar dó. ‘Nít maithe and na carpait so, a phopa Chonchobuir,’ ar in mac bec. ‘Ní tháet mo dingbáil-se díb-so.’ ‘Cia airm i tá Ibar mac Riangabra?’ ar Conchobor. ‘Sund ém,’ ar Ibar. ‘Geib lat mo dá ech féin sút & inill mo charpat.’ Gebid iarum in t-ara in n-echraid & indliss in carpat.
975] Luid in mac bec 'sin carpat iarum. Bocais in carpat imme & ro fulngestar dó & níro briss. ‘Maith in carpat sa omm,’ ar in mac bec, ‘& iss ed and so mo charpat comadas.’

‘Maith a meic bic,’ bar Ibar, ‘léic na eocho ara férgeilt ifechtsa.’ ‘Romoch sin béus, a Ibair,’ ar in mac bec. ‘Tair round timchull
980] na Emna indiu. Indiu mo chétlá-sa do gabáil arm, corob búaid engnama dam.’ Táncatar fo thrí timchull na Emna. ‘Léic na eocho ar férgeilt ifechtsa, a meic bic,’ ar Ibar. ‘Romoch sin béus, a Ibair,’ ar in mac bec. ‘Tair round ar co mbennachat in maccrad dam-sa, indiu mo chétlá do gabáil arm.’ Lotar rempu
985] don magin i mbátar in maccrad. ‘Airm congab sút?’ ar cách. ‘'S ed écin són.’ ‘Rob do búaid & cétguine & choscur sin, acht ba romoch lind congabais armu fo bíth do deligthi ruind ocna clessaib cluchi.’ ‘Ní scér-sa frib-si etir, acht do seón congabsa armu indiu.’ ‘Léic, a meic bic, na eocho ar férgeilt ifechtsa,’ ar Ibar. ‘Romoch
990] sin béus, a Ibair,’ bar in mac bec. ‘Ocus in tsligi mór sa imthéit sechond, gia leth imthéit?’ ar in mac bec. ‘Cid taí-siu di?’ ar Ibar. ‘Aile it fer saignéch-su atchíu, a meic bic,’ bar Ibar. ‘Maith lim, a maccáin, prímsligeda in chóicid d'iarfaigid. Cia airet imthéit?’ ‘Téit co Áth na Foraire i Sléib Fúait,’ ar Ibar. ‘Cid
995] 'ma n-apar Áth na Foraire fris in fetar-su?’ ‘Rafetar-sa omm,’ bar Ibar. ‘Dagláech de Ultaib bís ic foraire & ic forcomét and arná tíset óic nó echtranna i nUltu do fúacra comraic forru, corop é in láech sin conairr comrac dar cend in chóicid uli. Dá ndig dano áes dána fo dímaig a Ultaib{MS folio 65b} & assin chóiciud, corop é conairr
1000] séta & maíne dar cend aenig in chóicid dóib. Dá tí dano áes dána 'sin crích, corop é in fer sin bas chommairge dóib co rrosset colbo Conchobuir, corop siat a dúana-sain & a dréchta gabtair ar tús i nEmain ar ríchtain.’ ‘In fetar-su cia fil icond áth sain indiu?’ ‘Rofetar omm,’ bar Ibar. ‘Conall Cernach curata


p.28


1005] comramach mac Amargin, rí láech Hérend,’ bar Íbar. ‘Tó rouind duit-siu, a maccáin, ar co rísem in n-áth.’ Lotar rempu co dreich inn átha i mbaí Conail. ‘Airm congab sut?’ ar Conall. ‘'S ed écin,’ bar Ibar. ‘Rop da búaid & choscur & cétguine sin,’ ar Conall, ‘acht bad romoch lind ra gabais armu, dáig ar bíth nít ingníma-su
1010] béus dámbad chommairgi ricfad a less intí ticfad sund, ar badat slánchommairgi-siu bar Ultaib uli n-óg & atréstaís maithi in chóicid rit báig.’ ‘Cid dogní and sin, a phopa Chonaill?’ ar in mac bec. ‘Foraire & forcomét in chóicid sund, a meic bic,’ bar Conall. ‘Eirgg-siu dot tig ifechtsa, a phopa Conaill,’ ar in mac
1015] bec, ‘& no léicfe dam-sa foraire & forcomét in chóicid do dénam sund.’ ‘Nithó, a meic bic,’ ar Conall. ‘Nídat túalaing comrac ri degláech co se.’ ‘Ragat-sa sechum fodes didiu,’ ar in mac bec, ‘co Fertais Locha Echtrand colléic dús in fagbaind mo láma do fuligud for carait nó námait indiu.’ ‘Rag-sa a meic bic,’ ar
1020] Conall, ‘dot imdegail arná tiasair th'óenur 'sin cocrích!’ ‘Nithó,’ ar in mac bec. ‘Rachat omm,’ bar Conall, ‘dáig benfait Ulaid form do lécud th'óenur 'sin cocrích.’

Gabtair a eich do Chonall & ro indled a charpat & dochúaid d'imdegail in meic bic. Ó rasiacht Conall ard fri aird fris, demin
1025] leis giano thachrad écht dó, ná lécfad Conall dó a dénam. Gebid lámchloich do lár thalman dárbo lán a glacc. Focheird róut n-urchoir úad ar ammus cungi carpait Conaill coro bris cuing in charpait ar dó co torchair Conall tríit go talmain co ndechaid a máel asa gúalaind. ‘Cid and so, a meic?’ ar Conall. ‘Messi
1030] tarlaic dia fis dús in díriuch m'urchor nó cinnas díbargim etir nó amm adbar gascedaig atamchomnaic.’ ‘Neim ar th'urchur & neim fort féin. Cid do chend fácba lat námtiu ifesta, nicon tías dot imdegail níba siriu.’ ‘'S ed sin conattecht-sa foraib,’ ar ésium, ‘dáig is geis dúib infar nUltaib techt dar éclind infar
1035] carptib.’ Tánic Conall fothúaid arís co Áth na Foraire ar cúlu.

Imthúsa in meic bic dochúaid-se fodes co Fertais Locha Echtrand. Baí and co tánic deired dond ló. ‘Dá lammais a rád frit, a meic bic.’ ar Ibar, ‘ropa mithig lind techt co hEmain{MS folio 66a} ifechtsa, dáig ro gabad dáil & raind & fodail i nEmain á chíanaib & fail inad urdalta
1040] lat-su and di cach lóu rodicfa bith eter dá choiss Conchobuir, & ní fail lim-sa acht bith eter echlachu & oblóire tigi Conchobuir. Mithig lim-sa techt do imscrípgail friu.’ ‘Geib lat dún ind echrad didiu.’ Gebid in t-ara in n-echraid & luid in mac issin carpat. ‘Aile a Ibair, gá tulach and in tulach sa thúas innossa?’ ar in mac bec. ‘Sliab


p.29


1045] Moduirn sin innossa,’ ar Ibar. ‘Ocus gia findcharn sút i mmullaig in tslébe?’ ‘Findcharn dano Slébe Moduirn,’ ar Ibar. ‘Aile is aíbind in carn út,’ ar in mac bec. ‘Óebind omm’ bar Ibar. ‘Tair roind, a maccáin, co rrísam in carn út.’ ‘Aile at fer saignesach-su lista atchíu,’ for Ibar, ‘acht is é seo mo chétfeht-sa lat-su. Bud é mo fecht
1050] dédenach co brunni mbrátha mad dá ríus Emain óenfecht.’ Lotar co mullach na taulcha araí. ‘Maith and, a Ibair,’ ar in mac bec, ‘tecoisc-siu dam-sa Ulaid ar cach leth dáig ním eólach-sa i crích mo phopa Conchobuir etir.’ Tecoscis in gilla dó Ulaid ar cach leth úad. Tecoiscis dó cnuicc & céti & tulcha in chóicid ar cach
1055] leth. Tecoscis dó maigi & dúne & dindgnai in chóicid. ‘Maith and sin, a Ibair,’ ar in mac bec, ‘gia mag and in cúlach cernach ochrach glennach sa ruind aness?’ ‘Mag mBreg,’ bar Ibar. ‘Tecoisc-siu dam-sa déntai dindgnai in maige sin.’ Tecuscais in gilla dó Temair & Taltiu, Cleittech & Cnogba & Brug Meic inn Óóc
1060] & Dún mac Nechtain Scéne. ‘Aile nach siat na meic Nechtain sin maídes nach mó fail 'na mbethaidd'Ultaib andá a torchair leó-som díb?’ ‘Siat ómm,’ bar in gilla. ‘Tair romuind co dún mac Nechtain,’ ar in gilla bec. ‘Mairg atbir ón omm!’ bar Ibar. ‘Is fis dún conid mór in bert baísi a rád. Gibé dig,’ bar Ibar, ‘níba
1065] missi.’ ‘Ragaid do beo nó do marb,’ ar in mac bec. ‘Is mo beo ragas fades,’ ar Ibar, ‘& mo marb fócebthar icon dún rofetar .i. oc dún mac Nechtain.’

Lotar rempo connice in dún & tarmlaing in mac assin charput forind faithche. Amlaid boí faithchi in dúnaid & corthi furri & id
1070] iarnaidi 'na thimchiull & id niachais éside & ainm n-oguim 'na menoc. Ocus is é ainm boí and: Gipé tísed in faidche, diamba gascedach, geis fair ar thecht dind faidchi cen chomrac n-óenfir do fúacra. Airlégais in mac bec in n-ainm & tuc a dá rigid 'mun coirthi, mar boí in coirthi cona id. Tarlaic sin linnid co toracht tond taris.
1075] ‘Andar lind,’ ar Ibar, ‘ní ferr sin ná a bith i fail i rraba, & rofetamar fogéba forin faidchi se aní 'coa taí iarair don chur sa .i. airdena báis & éca & aideda.’ ‘Maith a Ibair, córaig fortcha in charpait & a fortgemni dam{MS folio 66b} coro thurthaind cotlud bicán.’ ‘Mairg atbeir ón ám,’ ar in gilla, ‘dáig is crích bidbad so & ní faidchi airurais.’
1080] Córaigis in gilla fortcha in charpait & a fortgemne. Taurthais in gilla bec cotlud forind faidche.

And sain tánic mac do maccaib Nechtain forin faidchi .i. Fóill mac Nechtain, ‘Ná scuir na eochu itir, a gillai,’ ar Fóill. ‘Ní


p.30

triallaim itir,’ ar Ibar. ‘Atát a n-ési & a n-aradna ini láim béus.’
1085] ‘Cóichi na eich sin etir?’ for Fóill.‘ Dá ech Conchobuir,’ ar in gilla, ‘na dá chendbricc.’ ‘'S í sin aichni dobiur-sa forru. Ocus cid tuc na eocho sund co hor cocríchi?’ ‘Máethmaccáem congab armu lind,’ ar in gilla. ‘Tánic co hor cocríchi do thasselbad a delba.’ ‘Nírop do búaid nó choscur ón,’ ar Fóill. ‘Dia fessaind
1090] combad ingníma, is a marb ricfad fathúaid arís co hEmain & níbad a béo.’ ‘Ní ingníma omm,’ bar Ibar, ‘ní comadas gid a rád ris etir. Isin tsechtmad bliadain arna breith don fail.’ Conúargaib in mac bec a gnúis ó thalmain & tuc a láim dara gnúis & doringni rothmol corcarda de ó mulluch co talmain. ‘Isam ingníma omm,’
1095] ar in mac bec. ‘Docho lim ná 'ráda duit nídat ingníma.’ ‘Bid docho duit acht condrísem forsind áth, acht eirg-siu ar cend t'arm dáig atchíu is midlachda tánac, ar ní gonaim aradu nó echlacha nó aes cen armu.’ Bidcais in fer sain ar cend a airm. ‘Cóir duit arechus dúin fris sút, a meic bic,’ ar Ibar. ‘Ced ón écin?’ ar in
1100] mac bec. ‘Fóill mac Nechtain in fer atchí. Ní ngabat renna nó airm nó faebair itir.’ ‘Ní rum-sa is chóir duit-siu sain do rád, a Ibair,’ ar in mac bec. ‘Dobér-sa mo láim fón deil ciiss dó .i. fón n-ubull n-athlegtha n-íarnaide, & tecéma i llaind a scéith & i llaind a étain & béraid comthrom inn ubaill dá inchind tria chúladaig co
1105] ndingne retherderg de fria chend anechtair combat léiri lésbaire aeóir triana chend.’ Tánic immach Fóill mac Nechtain. Tuc-som a láim fón deil cliss dó & focheird róut n-urchair úad co tarla i llaind a scéith & i llaind a étain & berid comthrom inn ubaill dá inchind tria chúladaig co nderna retherderg de fria chend anechtair
1110] comba léir lésbaire aeóir triana chend, & tópacht-som a chend dia méde.

Tánic in mac tánaise immach arin faidchi, Túachall mac Nechtain. ‘Aile atchíu commaídfide lat sain,’ ar Túachall. ‘Ní maídim limm chétus óenláech do marbad.’ ‘Ní maídfe-su ón afechtsa dáig
1115] dofaíthaisiu limm-sa.’ ‘Tó duit-siu ar cend t'arm dáig is midlachda tánac.’ Bidgais in fer sain ar cend a arm. ‘Cóir duit arechus dúin risiút, a meic bic,’ bar Ibar. ‘Cid són?’ ar in mec bec. ‘Túachail mac Nechtain in fer atchí. Meni arrais din chétbulli nó din chéturchur nó din chéttadall ní arrais etir chaidche a
1120] amansi & a airgigi non imrend im rennaib na n-arm.’ ‘Ní rim-sa is rátti sin, a Ibair,’ ar in mac bec. ‘Dobér-sa mo láim fón manaís murnig Conchobuir, fón cruísig neme. Tecéma 'sin sciath


p.31

ósa broind & brúifet tria asna a tháeib bas siriu úaim ar tregdad a chridi 'na chliab. Bud aurchor deóraid sin & níba hicht urraid.
1125] Níba teg legis nó othrais úaim-se dó co bruinne mbrátha.’ Tánic Túachall mac Nechtain immach arin faidchi & focheird in mac bec a láim fón manaís Conchobuir dó & dorecgmaing 'sin scíath ósa broind & brúis trí asna isin taíb ba siriu úad ar tregdad a chridi 'na chlíab. Benaid-sium a chend de riasiu sessed dochum talman.


1130] And sin tánic immach sósar na clainde forsin faidche .i. Faindle mac Nechtain. ‘Is báeth in lucht condránic frit and sin,’ ar Fandle. ‘Cid ón?’ ar in mac bec. ‘Tair sechut sís arin lind bail ná ró do choss lár.’ Bidgais Fandle reme forin lind. ‘Cóir duit arechus dúin risiút, a meic bic,’ bar Ibar. ‘Cid ón écin?’ ar in mac bec. ‘Fandle
1135] mac Nechtain in fer atchí. Is de dia tá in t-ainm fair, mar fandaill nó mar íaraind imthéit muir. Ní chumgat snámaigi in talman ní dó.’ ‘Ní rim-sa is chóir sin do rád, a Ibair,’ ar in mac bec. ‘'S aichnid duit-siu ind aband fil ocuind i nEmain, Kalland. Tráth nos immet in maccrad do chlessaib cluchi furri úair nach foísam
1140] in lind, berim-se maccáem cechtar mo dá dernand tarsi and sin & maccáem cechtar mo dá gúaland, & ní fliuchaim fadesin gid mo adbrunnu fóthu.’ Condránic dóib forind lind & furmid in mac bec a rigthi tharis co tarla in muir aird fri aird fris & dobretha tathulbéim do chlaidiub Conchobuir dó & tópacht a chend dá médiu. Ocus
1145] léicis in colaind lasin sruth & dobretha a cend leis.

Lotar isin dún iar tain & ra airgset in cathraig & ra loiscset connárbdar airdiu a déntai andát a immélaig. Ocus imsóiset rempu i Slíab Fúait & dobrethsat trí cind mac Nechtain leó.

Confaccatar in n-alma do aigib alta rempu. ‘Cóchit na innili
1150] imda imdíscire, a Ibair’, ar in mac bec. ‘Pettai sút nó inn aigi chena?’ ‘Aige chena omm,’ bar Ibar. ‘Almai d'aigib alta sain bít i ndiamraib Sléibi Fúait.’ ‘Saig brot dún forsin n-echraid dús ar co nn-ársimmís ní díb.’ Saigis in t-ara brot forin n-echraid. Ní chaemnactar eich roremra ind ríg in damrad do chomaitecht.
1155] Luid in mac bec assin charput & gebis dá n-ag lúatha látiri díb. Cenglais d'fertsib & dfithisib & d'iallaib in charpait.

Lotar rempu co forodmag na hEmna co 'mafaccatar in n-elta do gésib gela seccu. ‘Cóichi and na eóin sin, a Ibair?’ ar in mac bec.


p.32

‘Indat pettai{MS folio 67b} sút nó indat eóin chena?’ ‘Eóin chena omm,’ bar
1160] Ibar, ‘Elta do gésib sin tecait di chlochaib & carrgib & ailénaib in mara móir immuich do geilt for maigib & rédib Hérend.’ ‘Cia bad irdarcu a mbeó sút do rochtain Emna nó a mmarb, a Ibair?’ ar in mac bec. ‘Airdarcu a mbeó’ omm, bar Ibar, ‘dáig ní cách conairg na eóin beóa do gabáil.’ And sain dobretha in mac ceird
1165] mbic forru. Fostaid ocht n-eóno díb. Ocus dobretha ceird máir iar sain & fastaid sé eóin déc díb. Cenglais do fertsib & d'fithisib & iallaib & d'folomnaib & tétaib in charpait. ‘Tuc lat na eónu, a Ibair,’ ar in mac bec. ‘Tú-sa i ndulig,’ ar Ibar. ‘Cid són écin?’ ar in mac bec. ‘Fail a mórabba dam. Dianom glúasiur itir assin
1170] magin i tú, nom thescfat roith iarnaide in charpait re feramla & fertsigi & fortressi céimmi inna hechraide. Dánam luur itir dano, nom thollfat & nom thregtaifet benna na n-aigi.’ ‘Aile nít fírlaech- su béus, a Ibair,’ ar in mac bec, ‘dáig in fégad fégfat-sa forna echaib, ní ragat assa certimthecht. In tincud tincfat forsna haigib,
1175] cromfait a cinnu ar m'ecla & ar m'úamain, & fó duit-siu gid dia mbendaib no chingthe.’

Lotar rempo co ráncatar Emain. Is and sin rathaigis in Leborcham íat. Ingen-saide Aí & Adairce. ‘Óencharptech sund,’ for Leborcham, ‘& is úathmar thic. Cind a bidbad fordergga 'sin
1180] charput aice. Eoin áille óengela ic imuarad aice 'sin charput. Aige altamla anríata i cengul & chrapull & chuibrech & charcair aice. Ocus meni frithálter innocht é, dosfaíthsat óic Ulad leis.’ ‘Roda-fetammar in carptech sin,’ ar Conchobor, ‘in gilla bec, mac mo sethar, dochóid co hor cocríche, ro derg a láma, & ní doíthanach
1185] comraic, & meni frithálter dano, dofaíthsat óic Emna uili leis.’ Ocus ba sed in chomairle ra cruthaiged leó in bantrocht da lécud immach do saigid in meic .i. trí coícait ban .i. deich mnáa & secht fichit díscir derglomnocht i n-óenfecht uili & a mbantóesech rempo, Scandlach, do thócbáil a nnochta & a nnáre dó. Táncatar immach
1190] in banmaccrad uile & túargbatar a nnochta & a nnáre uile dó. Foilgid in mac a gnúis forru & dobretha a dreich frisin carpat arná acced nochta nó náre na mban. And sain ro irgabad in mac bec isin charput. Tucad i trí dabchaib úaruscib é do díbdud a ferge. Ocus in chétna dabach i tucad in mac bec, ro díscaíl dá cláraib &
1195] dá circlaib amal chnómaidm imbi. In dabach tánaise configfed durnu di. In tres dabach fer fos foilnged & fer ní foilnged etir.


p.33

And sain tíagait fergga in meic for cúlu & conácbad a thimthach immi. Táncatar a delba dó{MS folio 68a} & doringni rothmól corcra de ó mulluch co talmain. Secht meóir cechtar a dá choss & secht meóir
1200] cechtar a dá lám, & secht meic imlessan cechtar a dá rígrosc iarum & secht ngemma de ruthin ruisc fo leith cech mac imlesan díb. Cethri tibri cechtar a dá grúad: tibri gorm, tibri corcra, tibri úane, tibri buide. Coíca urla fégbuide ón chlúais go 'cheile dó amal chír mbethi nó amal bretnasa bánóir fri taul ngréne. Máel glé find fair
1205] mar bó ataslilad. Brat úanide imme, delg n-argait indi. Léni órsnáith immi. Ocus ra sudiged in mac eter dá choiss Conchobuir & ro gab in rí ic slíachtad a maíle.

Mac bec doringni na gníma sin i cind a secht mbliadan arna breith, barroscart na curaid & na cathmílid ris torcratar dá trian
1210] fer nUlad & ná fúaratar a dígail forro ná co n-érracht in gein sin chucu, nocorb éicen machtad nó ingantus de giano thísed co hor críche, gana marbad fer nó dís nó triur nó chethrur in aim inat slána secht mbliadna déc de for Táin Bó Cúalnge.

Conid innisin do macgnímaib Con Culaind sin for Táin Bó Cúalnge,
1215] ocus remthús in sceóil & na sliged & imthechta in tslúaig a Crúachain connici sin.