Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)
{MS folio 53b}

p.1


1]

Text 1

Incipit Táin Bó Cúalnge

Fecht n-óen do Ailill & do Meidb íar ndérgud a rígleptha dóib i Crúachanráith Chonnacht, arrecaim comrád chind cherchailli eturru. ‘Fírbriathar, a ingen,’ bar Ailill, ‘is maith ben ben
5] dagfir.’ ‘Maith omm’, bar ind ingen, ‘cid dia tá lat-su ón?’ ‘Is de atá lim,’ bar Ailill, ‘ar it ferr-su indiu indá in lá thucus-sa thú.’ ‘Ba maith-se remut’, ar Medb. ‘Is maith nach cúalammar & nach fetammar,’ ar Ailill, ‘acht do bith-siu ar bantincur mnáa & bidba na crích ba nessom duit oc breith do slait & do chrech i fúatach
10] úait.’ ‘Ní samlaid bá-sa,’ ar Medb, ‘acht m'athair i n-ardrígi Hérend .i. Eocho Feidlech mac Find meic Findomain meic Findeoin meic Findguill meic Rotha meic Rigéoin meic Blathachta meic Beothechta meic Enna Agnig meic Óengusa Turbig. Bátar aice sé ingena d'ingenaib: Derbriu, Ethi & Éle, Clothru, Mugain, Medb.
15] Messi ba úasliu & ba urraitiu díb. Bam-sa ferr im rath & tidnacul díb. Bam-sa ferr im chath & comrac & comlund díb. Is acum bátar cóic cét déc rígamus do maccaib deórad dar tír & a chomméit n-aill do maccaib aurrad ar medón, & dechenbor cach amuis díbside, & ochtur ri cach n-amus, mórfessiur cach amuis, sessiur cach
20] amais, & cóicfiur cach amuis, triur ri cach n-amus, & días cach amuis, amus cach amuis. Bátar ocom sain ri gnáthteglach,’ ar Medb, ‘conid aire dobert m'athair cúiced de chóicedaib Hérend dam .i. cóiced Crúachna. Conid de asberar Medb Chrúachna frim. T[acute ]ncas ó Find mac Rosa Rúaid ríg Lagen dom chungid-sa & ó
25] Chairpriu Nia Fer mac Rosa ríg Temrach, & táncas ó Chonchobur mac Fachtna ríg Ulad, & táncas ó Eochaid Bic. Ocus ní dechad-sa, dáig is mé ra chunnig in coibchi n-ingnaid nára chunnig ben ríam remom ar fer d'feraib Hérend .i. fer cen neóit, cen ét, cen omon. Diambad neóit in fer 'gá mbeind, níbad chomadas dún beith
30] maróen fo bíth am maith-se {MS folio 54a} im rath & tidnacul, & bad cháined


p.2

dom fir combadim ferr-sa im rath secha, & níbad cháined immorro combar commaithe acht combadar maithe díb línaib. Diambad úamain m fer, ní mó bad chomdas dún beith maróen, úair brissim-sea catha & cumlenga & congala m'óenur, & bad cháined dom fir
35] combad beódu a ben indá & ní cáined a mbeith combeóda acht combat beóda díb línaib. Dámbad étaid in fer 'cá mbeind, níbad chomdas béus. dáig ní raba-sa ríam can fer ar scáth araile ocum. Fuarusa dano in fer sain .i. tussu .i. Ailill mac Rosa Rúaid do Lagnib. Nírsat neóit, nírsat étaid, nírsat déaith. Tucusa cor &
40] coibchi duit amal as dech téit do mnaí .i. timthach dá fer déc d'étuch. carpat trí secht cumal, comlethet t'aigthi do dergór, comthrom do riged clí do finddruini. Cipé imress méla & mertain & meraigecht fort, ní fuil díri nó eneclann duit-siu ind acht na fil dam-sa,’ ar Medb, ‘dáig fer ar tincur mná atatchomnaic.’ ‘Ní
45] amlaid sin bá-sa,’ ar Ailill, ‘acht dá bráthair limm, fer díb for Temraig & fer for Lagnib .i. Find for Lagnib & Carpre for Temraig. Léicsius rígi dóib ara sinsirecht & níp ferra im rath nó thidnacul andú-sa, & ní chúala chúiced i nHérind ar bantinchur acht in cúiced sa a óenur. Tánac-sa dano, gabsus rígi sund i tunachus mo
50] máthar. dáig ar bíth Máta Murisc ingen Mágach mo máthair, & gia ferr dam-sa rígan no biad ocum andaí-siu, dáig ingen ardríg Hérend atatchomnaic.’ ‘Atá dano,’ ar Medb, ‘is lia mo maith-sea indá do maith-siu.’ ‘Is ingnad linni anísin,’ ar Ailill, ‘ar ní fil nech is lia seóit & moíne & indmassa andú-sa, & rafetar ná fail.’


55] Tucad dóib anba táriu dá sétaib co festais cia díb dámbad lia seóit & moíne & indmassa. Tucad chucu a n-éna & a ndabcha & a n-iarnlestair, a mílain & a lóthommair, & a ndrolmacha. Tucait dano cucu a fánne & a falge & a fornasca & a n-órdúse & a n-étguda, eter chorcair & gorm & dub & úaine, buide & brecc & lachtna, odor, alad
60] & riabach. Tucait a murthréta caírech d'aicthib & d'urlannaib & rédib. Ra rímit & ra hármit & ra achnít corbatar cutrumma comméti comlínmair. Acht baí raithi sainemail for caírchaib Medba & ba gabálta i cumail é & boí rethi a frecartha for caírchaib Ailella. Tucait a n-eich & a nechrada & a ngrega d'férgeltaib & scoraib.
65] Baí ech sainemail ar graig Medba & ba gabálta i cumail. Baí ech a frecartha oc Ailill. Tucait dano a murthréta mucc a fedaib & fánglentaib & díamairib. Ra rímit & ra hármit & ra hachnít. Boí torc sainemail oc Meidb & araile dano la hAilill. Tucait dano a mbótháinte bó & a n-alma & a n-immirge dóib a fedaib & fásaigib in
70] chúicid. Ra rímit & ra hármit & ra hachnít,& roptar cutrumma comméti comlínmair dóib. Acht boí tarb sainemail ar búaib Ailella & ba


p.3

lóeg bó do Meidb atacomnaic & Findbennach a ainm. Acht nírbo miad leis beith for bantinchur,{MS folio 54b} acht dochúaid co mboí for búaib in ríg, & ba samalta re Meidb ná beth penning a selba lé ar ná baí
75] tarb a chomméit lé fora búaib. Is and sain conacrad Mac Roth ind echlach co Meidb & conscomarc Medb de ar co fessed Mac Roth airm i mbiad tarb a samla sút i cúiciud de chúicedaib Hérend. ‘Rofetar omm,’ bar Mac Roth, ‘airm i fail tarb as dech & is ferr dorísi i cúiciud Ulad i tríchait cét Cúalnge i tig Dáre meic Fachtnai
80] .i. Dond Cúalnge a ainm.’ ‘Tó duit-siu connici sain, a Meic Roth, & cunnig dam-sa for Dáre íasacht mbliadna do Dund Cúalnge, & ragaid lóg a íasachta dó i cind bliadna .i. coíca samaisci & Dond Cúalnge fadessin. Ocus ber-siu comaid aile latt, a Meic Roth: mad olc ra lucht na críchi & ind feraind in sét sainemail sin do thabairt
85] .i. Dond Cúalnge, taít-sum féin ra tharb. Ragaid comméit a feraind féin do mín Maige Aí dó & carpat trí secht cumal, & ragaid cardes mo sliasta-sa fessin.’

Lotar iar sain na echlacha dó co tech Dáre meic Fiachnai. Is é lín luid Mac Roth nónbor echlach. Ra ferad fálti iar tain fri Mac
90] Roth i tig Dáre. Deithbir sin, prímechlach uile Mac Roth. Ra iarfacht Dáre do Mac Roth cid dobretha imthecht fair & cid 'ma tánic. Innisis ind echlach inní imma tánic & innisid immarbáig eter Meidb & Ailill. ‘Ocus is do chungid íasachta don Dund Cúalnge i n-agid ind Findbennaig tánac,’ arse, ‘& atetha lóg a íasachta .i.
95] coíca samasci & Dond Cúalnge fessin, & araill aile dano béus, tair-siu féin lat tarb & fogéba comméit th'feraind féin de mín Maige Aí & carpat trí secht cumal & cardes sliasta Medba air sin anechtair.’ Ba aitt la Dáre aní sin & ra mbertaig co raímdetar úammand a cholcthech faí & atrubairt: ‘Dar fír ar cubais, cid an ní ra Ultaib,
100] bérthair in sét sa in cur sa do Ailill & do Meidb .i. Dond Cúalnge, i crích Connacht.’ Ba maith dano la Mac Roth ra ráde Mac Fiachna.

Ra frithálit iar sain & ra hecrait aíne & urlúachra fóthib. Tucad caíne bíd dóib & ra fordáled fled forro co mbátar búadirmesca,
105] & dorécaim comrád eter dá echlaig díb. ‘Fírbriathar,’ ar indara echlach, ‘is maith fer in taige i tám.’ ‘Maith omm,’ bar araile, ‘In fuil cid d'Ultaib nech is ferr andás?’ ar ind echlach taísech béus. ‘Atá omm,’ bar ind echlach tánaise. ‘Ferr Conchobor 'cá tá & cid immi gabtais Ulaid uile ane, níbad nár dóib.’ ‘Mór in
110] maith dó aní i mbiad opair cethri n-ollchóiced nHérend do brith a crích Ulad .i. Dond Cúalnge do thabairt dúnni nónbur echla[cdot ]h.’


p.4

And sain dano conarraid in tres echlach comrád forru. ‘Ocus cid ráter lib-si?’ ar sí. ‘Ind echlach út atbeir is maith fer fer in taige i táam.’ ‘Maith omm,’ bar araile. ‘In fail cid d'Ultaib nech is ferr
115] andá?’ ar ind echlach thaísech béus. ‘Atá omm,’ ar ind echlach tánaise. ‘Ferr Conchobor cá tá & gid imme gabtais Ulaid uili ane, níbad nár dóib. Mór in maith dó aní i mbiad opair cethri n-ollchóiced nHérend do brith a crích Ulad do thabhairt dúnni nónbor echlach.’ ‘Nírb uráil limm sceith cró & fola 'sin mbel assa tic sain,
120] dáig cenco tucthá{MS folio 55a} ar áis, dobértha ar écin.’

Is and sin doruacht fer uird rainne Dáre meic Fiachnai 'sin tech & fer fo lind leis & fer fo bíud, & atchúala anra chansat, & táncatar fergga dó & turnaid a bíad & a lind dóib, & ní ebairt riu a chathim & ní ebairt a nemchathim. Dochúaid assa aithle issin tech i rrabi
125] Dáre mac Fiachnai & ra rádi: ‘In tú thuc in sét suachnid út dona hechlachaib .i. Dond Cúalnge?’ ‘Is mé omm,’ for Dáre. ‘Ní raib rígi airm i tucad, ar is fír aní rádit, ar cenco tuca-su ar áis, dombéra ar écin fri sochraiti Ailella & Medba & ra móreólas Fergusa meic Róig.’ ‘Dothung mo deo dá n-adraim ná co mberat ar écin
130] samlaid nacha mbérat ar áis.’ Fessit samlaid co matin. Atragat na echlacha co moch arnabárach & dochúatar i tech i mbaí Dáre. ‘Eólas dún, a úasail, co rísem bail a tá in Dond Cúalnge.’ ‘Nithó omm,’ ar Dáre, ‘acht diambad bés dam-sa fell for echlacha nó for aes n-imthechta nó tastil sliged, ní ragad nech úaib i mbethaid.’ ‘Cid
135] són?’ ar Mac Roth. ‘Fail a mórabba,’ ar Dáire. ‘Ra ráidsebair cenco tucaind ar áis dobéraind ar écin ra sochraiti Ailella & Medba & ra móreólas Fergusa.’ ‘Aile,’ ar Mac Roth, ‘giped no ráditís echlacha dot lind-su & dot bíud, ní hed ba tabartha do aíg nó do aire nó d'airbire do Ailill & do Meidb.’ ‘Ní thibér-sa trá, a Meic Roth,
140] mo tharb din chur sa dianetur.’

Lotar na echlacha ar cúl dó samlaid & ráncatar Crúachanráith Connacht. Conscodarc Medb scéla díb. Adféta Mac Roth scéla, ná tucsat a tharb ó Dáre. ‘Cid fotera són?’ ar Medb. Rádis Mac Roth aní dia mbaí. ‘Ní hécen féth dar fudbu de, a Meic Roth, ar
145] rafess,’ ar Medb, ‘ná tibértha ar áis cenco tuctha ar écin, & dobérthar ón.’