Corpus of Electronic Texts Edition
Deirdre (Author: Unknown)

p.142

Feacht n-aon ro luidhe

[There is a footnote to this 'luidh, he went'.]

Conchubhar mhac FachtnaUladh & maithe na Craobhruaidhe chum fleadha go tigh Fheidhlim mhic Doill, árd sgealuidh an righ, agus ba subhach soimheanmnach an rí agus a mhuinntir ag caitheamh na fleidhe sin a t-tigh an ard-sccealuidh le ceolta caoimh na n-oirfideach & le binneas glor na m-bard sna n-ollamh, re h-aoibhnios urlabhra & seanachais na suadh & lucht léighte caoineach leac & leabhar: re tuar na n-druadh & lucht airimhthe Raé agos Rean. Agos an tráth bu suthach sáimh an comhdháil go coitchionn, tárla go rucc bean Fheidhlimi inghion áluinn iolcrothach, le linn na fleidhe. Eirghios go h-athlomh Caithfaidh caoimh ceann draoidh na h-Eireann, a tharla a lathair san c-comhdháil an tráth sin, agus beart a shein leabhar seitheach sigh inn a láimh chlí lais, & imthighios amach fa h-ur a leasa & gabhus ag breathnughadh go grinn & ag rinfheithimh ar neultaibh an aeoir, ar alt na realt, & ar aois na Ré, chum faisdine d'fhaghail & fios na cineamhna bhi a c-cuine an linibh do gineadh ann. Fillios Cathfaidh go luath ar chách a láthair an righ, & do aithris dóibh tuar & tarrangaire, go t-tiucfadh n-iomad dochar & dithe do choicce Uladh da thoisg na h-inghiona do gineadh ann.

Ag fághail na faistine do mhaithibh Uladh do cinneadar comuirle a n-oidhe do mhilleadh & do bradar laochra na Craobhruaidhe a marbhadh gan fhuireach.

Ní h-amhlaigh deantar, ar an righ, ní h-ionmholta cathughadh a n-aghaidh na cinneamhna, & is maircc don ti do mhilleadh naoidhe neamhurcoideach, oir is geanamhuil gnaoi & gáire an leinibh: mo nuar! bu truagh a muchadh. Tugaighe fa n-deara a uaisle Uladh & eistighe liom-sa, a churadha crodha na Craobruaidhe, & tuigighe go n-géilliom-sa fos do thuar na t-tarrangaire & d'faistine bh-faidhe, acht cheana ní gheilliom 's ní mholaim gníomh táir no feillgniomh do dhénomh a n-dochas choisg feirge chúmhachta n-dúl. Mas cineamhain í nach feidir seachnadh, tugaidh gach einneach oidhe do feisin acht na dórtaoi cru a


p.144

naoídhe nimhchiontach, óir ní dual ágh 'na dhiaigh. Fuagraim dhibh iomora a mhaithe na h-Eamhna go n-gabham a n-inghion faoi mo chumairce bodhein feasta & ma beó buan me & í is eidir go m-biadh 'na h-aonmhnaoi & 'na caoimh ceile agam. Uime sin dearbhaighiom d'fhearaibh Eireand fa ratha easg & grein einneach do lamhadh a milleadh anois no arís nach buan beó é, ma mhairim-sa da héis.

D'eistiodar maithe Uladh & cách go coitcheann go toi tostach, gur eirghidh Conall Cearnach, Feargus mhac Roigh, & laochra na Craobhruaidhe a n-aoineacht, & as eadh do beart: A airdrí Uladh is ceart do breith, & is dleacht a choimhead, & gurab í do thoil-se dheantar.

Daile na h-inghiona thug Conchubhar fo n-a chumairce feisin í, & do chuir a lios fa leith í, da h-oileamhain age ag a buime darbh ainm Leabharcam, a n-daingion na Craobhruaidhe, & beirsiomh Conchobhar & Cathfaidh droidh dheire d'ainm dhi. As a h-aithle do bha Dhéirdre da h-oileamhain go h-úr fui Leabharcam re ré a h-aosa & fo bhantracht ga h-ard leasugha inn gach h-ealadhain bo h-oireamhnach d'inghion ardflaithe, gur eirghe 'na buinne blathmhur & gur chinn os gach ceim a h-áilne. Acht cheana ro h-oileadh í ré h-iomarc sogh bidh & dighe, ionnus go ma moide a mead sa h-apadh, & go ma luaiche ion-nuachar dhi. Is amhlaigh boi arus Dheirdre a n-daingion na craoibhe, do reir recht an righ, gach solus dúnta a n-éadan a dúnaigh, & na fuineóghadh cuil a bheith forsguoilte, luibhghuirt áluinn lán torrthach in n-iar thaobh a leassa inn a m-bia Déirdre, seal a siubhul faoi shuil a h-oide a t-tús & a n-deireadh an laé, faoi sgath na n-gcraobh sna n-geag úra & re h-úr sreabha siubhulach lúbach baoi snamh go sáimh tri lár an úirlis. Muir ard aibheil aimhreidh, nach uras tarsnadh ag timchiolradh an mhór adhbha soin, & ceathrar farchon fogharg o Chonchobhar ag buan choimhead ann, & bo baoghalach saoghal don te da lámhadh a ionsoigheadh.


p.146

Oir nir bho dleacht do neach firionn dol da ghar, no a c-coir Déirdre, no fós feachain uirre, acht a h-oide darb ainm Cailcin & an righ Conchobhar boidhein. Ba rathmhur reim Chonchobhair & ba calma clu curadh na Craoibhruaidhe ag cosnamh coigeadh Uladh a n-aighe Allmhurach & gach coige eile a n-Éirinn re n-a linn, & ni raibh triar a t-teaghlach na h-Amhna no a m-Banba fá seach, ba crodha iná mic Uisneach, no laochraidh dob' airde ceim na iad .i. Naoise, Ainle & Ardan.

Iomthusa Dhéirdre, an tráth ba ceithre m-bliaghan décc d'aois dí, do frith ionuachar í & do thriall Conchobhar go t-tuccadh cum a aird cearcaille

[There is a note at the bottom of the page here, 'cearcaille, a bed; aird cearcaille foidhein, his own royal bed'.]

foidhein í. Luighios mun am sin dubrón & trom thuile tuirse an an oig rioghain, gan chodhlodh sáimh, gan satha thomaltus, cen macnaois, mar ba gnátha lei.

Go t-tarla lá n-aon re lin laoige luighe san n-geimhre go n-deacha Cailcin oide Dheirdre a marbhadh laoighe chum prainn d'ollmugha di-si, & iar n-dorta fola an laoighe amuigh ar a t-sneachta cromus fiach dubh da h-ól & mar thucc Déirdre sin dá n-aire & í ag feitheamh tre fuineoig an daingnich ro

['daingnich. R' MS.]

leig osna throm go n-gcuala Cailcin í. ‘Créd fath do thuirse, inghion?’ ol sé. ‘Monuar nach raibh súd agum mar cím,’ ol si. ‘Biaidh sin agud má 's feidir,’ ol sé, ag tarraing a láimhe go h-athalámh gur chaith urchor gan iomroll da sgine ar amhus a n-fhich, gur thrasgar a leath chois dhe, & togus a n-ean iaromh & ro theilg fon aice Dheirdre é. Clisios an inghion a c-ceadoir & ro thuit a n-anfainne, go ranoicc Leabharcham fa cobhair dhi. ‘Cred fa filir mar chím, a inghion ionmhuin?’ ol si, ‘oir is truagh do gne otha n-de a leith.’ ‘Mion mian tárla dhom,’ ol Deirdre. ‘Cred an mion sin?’ ar Leabharcham. ‘Tri datha it chonarcas,’ ol Déirdre ‘.i. duibhe a n-fhich, dircce na fola, & gile an t-sneachta.’ ‘Is urus sin d'faghail duit anois,’ ol Leabharcham, & d'eircche mach cen fuireach & ro cruinnig lán leastar don t-sneachta & leath lán chuaiche d'fuil a laoigh, & beanas trí chleite as sgiathan a n-fhich & ro leag ar clar as comhar na h-inghiona iad. Ro thionsgain Deirdre samhail mar

p.148

da m-biadh ag ithe an t-sneachta & ag blaiseadh na fola go falsa le bar chleite an fhich & a buime ag breathnadh go geur uirre, gur iar Déirdre ar Leabharcham a fagbhail lei fein seal. Imthighios Leabharcum & fillios aris, & is amhlaighe a fuair si Deirdre ag cumadh meall sneachta a n-deilbh cinn fir & ga bhreacadh le bar chleite an n-fhich as cru a laoigh & ag cur mionchlumh dubha mar folt fair & nír airigh si a buime ag breathnughadh uirre no gur chriochnuigh e. ‘Cia dó is samhlait sin?’ ol Leabharcam. Clisios Deirdre & dubhairt ‘is oiber somilte í.’ ‘Is ró iongamh liom-sa an ober sin a inghion,’ ol Leabharcam, ‘oir nír bu ghnáth leat-sa deilbh fir do tharraing, nocha ro bhoi dleacht do bhandail na h-Amhna mhúnadh dhuit acht comhsamhlacht Chonchobhar náma.’ ‘It-conairc me gnuis am' aisling,’ ar Deirdre, ‘ba gile gnaoi ina gnuis an rígh, no Chailcin, & is ann a bh-feacus na trí datha do craigh mé .i. gile an t-sneachta ar a chneis, duibhe an fhiche ar a fhuilt, & deirge na fola ar a ghruaidh; & mo nuar, ni buan mo bheatha muna b-fhagham mo mhion.’ ‘Faroer do mhíon a mion!’ ar Leabharcham. ‘Mo mhion a bhuime caoimh,’ ar Deirdre. ‘Mo nuar, is truagh do mhion & is doilghe d'fhaghail,’ ol Leabharcam, ‘oir daingion dúnta bruighion na craoibhe, is ard aimhreidh badhmhun timchioll & geur coimhéd na m-borb f-farchon inte.’ ‘Ni baoghal duinn na coin,’ ol Déirdre, ‘Cáit inn ar dhearcais an ghnuis sin?’ ol Leabharcam. ‘I n-aisling a né,’ ol Deirdre & í ag caoi, iar bh-folach a gnuis a n-ucht a buime & ag sileadh déar gu flias fras?. ‘Eirighe diom, a dhalta dhil,’ ol Leabharcum, ‘& cosg do dheora feasta go n-ithir biadh & go n-ibhthir deoch, & d'eis Cailcin a phrainn a chealamh beimaoid ar aon a teacht ar an aisling’. Togbhas a buime cionn Dheirdre suas ‘gabh uchtac, a inghion,’ ol si, ‘& bi foigheideach, óir is doigh linn go bh-fuigheir do mhion go seadh; óir do reir aosa & beatha daonda ni fada buan saoghal Chonchobhair ad' aice.’

Iar n-imthiacht do Leabharcham uaiche d'airigh si brat uaithne crochaidh a m-bal fuineóighe dúnta, ar chionn luircc umha & bar gaithe da saitheadh tre mhuir na bruighine. Cuireas


p.150

Leabharchum a lámh chuige go ranaic lei go reídh, 's gur tuitsiomh clocha & caonach nuas ina h-aithle, co madh leir solus lae, faithche feurmhur, & rian na n-gaisgeach, os comhair eadan na bruighne, & na laochra ar a lúth-chleassa muigh. ‘Tuigim, a dhalta,’ ol Leabhurcum, ‘gur ab ann son ro chonairc tu an aisling uccadh’, acht nír fhreagar Deairdre dhí. D'fhag a buime biadh & beoir ar clar a lathoir Dheirdre & d'imthig uaiche cen labhairt lei, oir nír thaitean le Leabharcam tolladh na fuineoige d'eagla Chonchubhair no Chailcín fios d'fhaghail fair. Iomthusa Dheirdre rir chealaigh prainn, acht ro choisg a h-iotach as corn beorach & togus feoil a laoigh lei iar n-a fholach fo bhinn a braite & ro luidh chum a h-oide & iarrus cead dul seal amach fa chula na bruighne. ‘Ta an lo fuar, agus sneachta dubhuinn ann, a inghion,’ ol Cailcin, ‘acht feidir siubhul seal fa sgath sleasaibh na bruighne, & tobhair dod' aire tiach duigthear na coin’. D'imthigh Déirdre mach & nior stuanadh lei go n-deachaidh sios tri lar a t-sneachta mar a raibh cuas na bh-farchon, & mar aithin na coin í & balamh a n-feoil, nior bhain lei, & ní dhearnadar tafan, gur rainn si a prainn eotorra, & fillios asteach as a h-aithle. Tanaic Leabharcam iaramh, & fuair Déirdre na luighe air leathtaobh a cearcaille, & í ag osnamh go trom & a falcadh déar. Ro sheas a buime go toi seal, ag breathnughadh uirre, gur maothadh a croidhe chum truaighe & gur imthigh a fearcc uaidhche. Sínios a lámh & as eadh ro ráidh: ‘Eircche inghion chaidh go m-béimis a trácht ar an aisling & airis dom a bh-facais an gaisgiath dubh na h-aislinge ucchad ariamh, a roimh n-dé

[This is probably the origin of the curious phrase in modern Irish arú (arroo) andé='the day before yesterday', i.e. a-roimh andé.]

,’ ol Leabharcuim. ‘Gaisgiath geal, a bhuime chaoimh, gaisgiath na n-gruadh geanamhuil chorcuisi,’ ol Déirdre. ‘Airis dam gan ghó,’ ol Leabharcam, ‘an bh-faicis ariamh an laoch sin roimhe n-dé, no sul far thollais obair na fuineoige ré bar gaithe & le lorcc umha, & gur dhearcais thrid amach ar laochraidh na Cróibhe tan ro bhádor ar a c-cleassa lúth, ar rian na c-curadh, & go bh-facais a n-aisling a dubhrais.’ Folachas Deirdre a gnúis a m-brollach a buime ag caoi, go n-dubhairt: ‘A mháthair chain & oileamhuin mo chroidhe, ná

p.152

h-abair sin lem oide & ní cheilfim ort go bh-facas é ar faithche na h-eamhna ris na macaibh ag imirt cluibhthe & a foghlaim cleassa goile, & och ba h-álain gnaoi dho, an tráth sin, & bu ro gheanamhuil andé.’ ‘A inghion,’ ol Leabharcam, ‘ni fhaca tusa na macaoibh no faithche na h-eamhna ón trath bu seacht m-bliadhain d'aois duit, & ita sin sepht m-bliadhna o shoin.’ ‘Sepht searbh m-bliadna,’ ol Déirdre, ‘o chonairc mé aoibhneas na faithche & imirt na macan, 's gur chind Naoise tar ócclaochuibh na h-eamhna ar cheana.’ ‘Naoise mac Uisneach,’ ol Leabharcam. ‘Naoise is ainm dó mar dubhairt sé liom,’ ol Déirdre, ‘acht níor fhiarfuigh me ciar mhac é.’ ‘Mar dubhairt sé leat!’ ol Leabharcam. ‘Mar dubhairt sé liom,’ ol Déirdre, ‘an tan ro chaith se urchor meill re h-iomroll siar go fiar tar chionn an oghbhuidhean do sheas fa h-úr na faithche, & d'eirghidhe meise ar chaich gur thogus an leathroid & toirbhiros dó i, & d'faisg se mo lámh go luaghaireach.’ ‘D'faisg do lamh, inghean!’ ol Leabharcam. ‘D'faisg se í go díl, & dubhairt go b-feicfeadh arís me, ach bu deacair dó, & ní fhacus é o soin go t-ti n-dé, & a bhuime chaoimh, mas maith leat béo me, beir sgeala dhó uaim-se & aber leis tiacht dom' fhios & dom' agalla os isioll anocht, gan fhios do Chailcin, no d'aoin neach oile.’ ‘A inghion,’ ol Leabharcam, ‘is ro bhaoghalach an toisg chosg do mhiansa d'fhaghail, ó fheircc an righ, faoi gheur choimhéd Chailcin, um bh-fioch na bh-farcon n-garg, & mun aimhréidhe an bhadhbhun timchioll.’ ‘Ni baoghal duinn na coin,’ ol Déirdre. ‘Tuilleadh fos,’ ol Leabharcham, ‘is mor cion Chonchobhair ar Cloinn Uisneach & nil éin churaidh fon Craobhruaidh is disle dho ina Naoise.’ ‘Ma seadh mac Uisneach é,’ ol Déirdre, ‘do chualas a thaiste o bhandail na h-Amhna 's gur mór a ghabhaltusi fein a n-iarthar Alban, leith muigh do chumus Chonchobhair, & a bhuime chaoin, aitiom ort dul da fhios Naoise & feidir aithris do mar táim & mar mó mo chionas air ina ar Chonchobhair.’ ‘Aithris fein sin do ma eidir,’ ol Leabharcam, & d'imthigh mach a c-ceadoir d'fhios Naoise, gur frith é, & go ranaic lei go h-arus Dhéirdre a t-tus na h-oidhche gan fhios do Chailcin. Tráth

p.154

conairc Naoise breaghacht gnaoi na h-inghiona liontar é re tuile seirc, & aitighios Déirdre fair, a breith ar eologh go h-Albain, acht bu ro dhoilighe le Naoise sin, d'eagla Chonchobhair, ach faire na h-oidhche ro ghabh Dhéirdre buaidh fair, gur aonta dhi, accos ro triallsat imightheacht san oidhche iar n-a mharoch.

Dealogh Deirdre a meodhan na h-oidhche gan fhios da h-oide ina da buime o(i)r táinic Naoise an tráth sin & a dhis bráthar maraon fris, gur thollastar bearn a chúl chuas na c-con, o(i)r ro bhadhtar na madradh marbh cheana re nimh o Deirdre.

D'ardaighiodar an inghion tar na muiribh tres gach aimreidhe, gur bhuan reabpa brait & bar eideagh dhi, & cuirseamh ar muin eich í & nír stuanadh riú go Slíab Fuaid & Fioncharn na foraire, & go ranccadar au cuan, & go n-deacadar a luing & gur seoladh iad re gaoith o n-deas tar bochnamara & for dhruim cladh an domhuin fairge go Loch n-Eathaig an iarthar Albain, & tri coeccad curadh crodha maraon friu, .&. fo gach fear don tríar dearbhrathar .i. Naoise, Ainli accos Ardan.