Corpus of Electronic Texts Edition
Togail Bruidne Da Derga (Author: Unknown)

section 2


18] Is and buí oc taithbiuch a fuilt dia folcud
19] & a dá láim tria derc a sedlaig immach. Batar gilithir
20] sneachta n-oenaichde na dí dóit & batar maethchóiri
21] & batar dergithir sían slébe na dá grúad n-glanáilli .
22] Badar duibithir druimne daeil na dá malaich . Batar
23] inand & frais do némannaib a déta ina cind. Batar
24] glasithir buga na súil. Batar dergithir partaing
25] na beóil. Batar forarda míne maethgela na dá
26] gúalaind. Batar gelglana sithfhota na méra. Batar
27] fota na láma. Ba gilithir úan tuindi in taeb seng
28] fota tláith mín maeth amal olaind. Batar teithbláithi
29] sleamongeala na dí slíasait. Batar cruindbega


p.2

{folio 91a 27}
30] caladgela na dí glún. Batar gerrgela indildírgi na
31] dé lurgain. Batar coirdírgi íaráildi na dá sáil. Cid
32] ríagail fo-certa forsna traigthib is ing má 'd-chotad égoir
33] n-indib acht ci tórmaisead feóil ná fortche
34] foraib. Solusruidiud inn éscae ina saeragaid. Urthócbáil
35] úailli ina mínmailgib. Ruithen suirghe ceachtar
36] a dá rígrosc. Tibri ániusa ceachtar a dá grúad,
37] co n-amlud indtibsen do ballaib bithchorcra co
38] n-deirgi fola laíg, & araill eile co solusgili sneachta.
39] Bocmaerdachd banamail ina glór. Cém fosud
40] n-inmálla acci. Tochim ríghnaidi lé. Ba sí trá as
41] caemeam & as áildeam & as córam ad-connarcadar
42] súili doíne de mnáib domain . Ba dóig leó bed a
43] sídaib dí. Ba fria as-breth: cruth cách co h-Étaín.
44] Caem cách co h-Étaín.