Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Fraích (Author: Unknown)

section 23


285] Dobert íarum ind inailt in méis issa rígthech, & int


p.12


286] éicne fonaithe fuirre, is é fuillechta fo mil. Dogníth lassin
287] ingin co maith, & boí ind ordnasc óir forsind éicni anúas.
288] Dosféccai Ailill & Medb. ‘Dalei co ndercar’, ar Fráech, &
289] doéccai a bossán. ‘Indar lemm is la teist forácbus mo
290] chriss, ol Fráech. ‘For fír do flatha’, ol Fráech, apair cid
291] dernais dind ordnaisc.’ ‘Ní chéltar orut ón’, ol Ailill.
292] ‘Lemsa ind ordnasc ro baí it bossán, & rofetar is Findabair
293] dorat duit. Is airi ro lása issin duiblinni. For fír th'ainich
294] & t'anma, a Fróeich, asndíth cía cruth arrálad a tabairt
295] ass.’ ‘Ní céltar fortsu’, ol Fráech. ‘A cétlá fosfúarsa ind
296] ordnaisc i ndorus ind liss. Rofetar ropu sét cáeim. Is
297] airi dosroisechtsa co lléir im bossán. Rotchúalasa a lláa
298] dochoad dond uisciu, ind ingen roda láa immach oco
299] íarmóracht. Asbiurtsa frie: ‘Cía lóg rom bia latt ara
300] fagbáil?’ Asbertsi frimsa dombérad seirc mblíadnae
301] damsa. Ecmaing nís ragbusa immum. Fosrácbus im
302] thaig dim éis. Ní comairnecmarni co comairnecmar oc
303] tabairt in chlaidib issind abaind im láimse. Íar sin
304] atchondarcsa in tan ron oslaicsiu in mbossán & ro lláis
305] ind ordnaisc issin uisce. Atchonnarc in n-éicne dorróebblaing
306] ara chind conid gab inna béolu. Ro ngabusa in
307] n-éicni íarum. Cotnócbus issin port. Darolus i lláim na
308] hingine. Is hé int éicne sin íarum fil forsin méis.’