Corpus of Electronic Texts Edition
Die ersten Ärzte Irlands (Author: Unknown)

p.105

Cía cétliaigh robúi ind-Érinn ar tús ríam ocus cía cétsáer ocus cía cétíasccuire? Amal ispertar:

    1. Cappo re leighius, nír lag,
      re reimmess robu comnart,
      Lúasat in sáerglicc cosse
      ocus Laighni in t-íascaire.

Éba in bainnliaigh táinicc aróen re Cessair in liaigh tánuiste. Slánga mac Parrthalóin in tres liaigh tánicc le Parrthalón i nh-Érinn. Fergne húa Crithinbéil in cethramad liaigh tánic aráen re Neimidh a n-Éirinn.

Legha Fer mBolg didiu .i. Dubda Dublosach & Codhan comchísnech ocus Fingin fisecda ocus Maine mac Grísach ocus Áengus an térnámach.

Legha Thúaithe Dé Danann íarsin Díancecht & Airmed & Míach.

Túath Dé Danann nó Mumain, is íat tug mucco i nh-Érinn ar tús.