Corpus of Electronic Texts Edition
Die Verwandlungen des Tuan mac Cairill (Author: Unknown)
  • 1] Tuan mac Cairill ro clos
    2] do-rad Ísu for anfos,
    3] do-rumalt cét m-blíadan m-búan
    4] a richt duine, ba deg-dúal.
  • 5] Trí cét blíadan dó i richt daim
    6] allaid forsna mór-muigib,
    7] do-rumailt cét m-blíadan m-bil
    8] a richt antrellaig allaid.
  • 9] Trí cét blíadan dó for feóil,
    10] dia raibi i richt in t-sen-eóin,
    11] do-rumailt cét m-blíadan m-binn
    12] i richt bratáin bodair-chinn.
  • 13] Co fúair íascaire 'na lín,
    14] co tuc leis do dún an ríg,
    15] ó 't-ces an t-écne glé glan,
    16] ro míanaig an banrígan.
  • 17] Ro fuineth dí é for ruth,
    18] gu ro tomail a h-óenur,
    19] ro toirrched an rígan rán,
    20] is de ro choimpred Tuan.

    T.

  • 21] Tuan mac Stairn sdiurda slóig,
    22] é mac bráthar Partolóin
    23] ba h-é Finntan, ferrdi a rádh,
    24] frisi n-abairthea Tuan.

    T.

  • 25] Is dó at-chúaid an scél-sa iar fír
    26] co nach raib nech 'na imsním,
    27] Finnén Maige Bile báin
    28] ro baí ac acalláim Tuain.

    Tuan.