¶1] Ní cian uadha sin adconncutar múr árd sochraid taithnemach. Bái haille gach múr da facutar. Sé 'arna cumdach do nethibh ingnaithchi & do legaibh lochmaraibh uile.
¶2] Atconnairc epscop annside. Vterinus a ainm, brathair side don Malachias roraidsimar. Fer genmnaid e-siom robúi a mbochta día deoin. Búi ann dono Nemias sagart et epscop Clúana, fer sen mesardo, dochuaidh os chach ar ecna & genmnaidecht. Roaithin Tundal iad-sidhe chena. Catháir cumdachta 'na ffarradside. Ní suidheth nech n-aon innti.Cred í an chathair si ?38 ar Tundal. Frisgart Malacias: Brathair duinne ar sé, fail ina churp béus, is e saidifius indti. Intan emh rocoimlinadh Tundal do solás et gairdechus ó gach ní dá bfacaidh, tig an t-aingel cuige & atbert ó guth milis ris: