Corpus of Electronic Texts Edition
Aisling Tundail (Author: [unknown])

section 25

¶1] Int an rotriall Tundal [...]37 Lasodain adconnairc Tundal crann adbulmor co mbláith soinemail & gach uile cinel toraidh fair. Drong adbul d'enaibh co ndathaib examlaibh a mbarr an croinn sin. Ní raibhe didiu cinel ceóil na candais ar úair. Ní fes gné do luibibh boludhmaraibh nad bói imon mbile sin. Batar dono fon crand cétna dronga imda d'feruibh & mnaibh i fialaibh et sellaibh óir et argait et ebhair. Coróin óir im gach aoín dibh. Siád dogrés ag seinm et moladh an Righ máir ina tindluicther doiph. Slata óir ina lamhuibh. Inand dano etach doibh et dona manchaibh remraite.

¶2] ‘In crann adchí-si, a Thundail’, ar in t-aingel, ‘ag


p.118

sud fotha & post na hecailsi naoibhe. In drem immorro failet fái, lucht cumdaigh & ditin na hecailsi iád-sidhe. Is iad rocengal a mbaidh et a mbraithres re cele t bethagud et tindluictibh na hecuilsi et tuc druim frisna haibidibh saogalla et rothócaith go craibdech a mbethaid.’