Corpus of Electronic Texts Edition
Aisling Tundail (Author: [unknown])

section 18

¶1] Adconncutar eadh cian do clochaibh uaisle ann, et dono ni raiphe fuinneog na dorus fair et ni lugaiti rosoiched gach aon lerb ail ann. Indar let nobetis grianán imda isin tigh sin fri met a dellraid. Ní raibe nach fundment fon tech sin. Is amlaid bai arna timchellod ó legaib logmaraibh.

¶2] Iar sin adconnairc Tundal cathaoir ordaide {MS page 803} do leagaib logmaraibh cona folach do sida sainemail fuirri-sidhein, et rí sochraidh sochoisc innte sin. Cormac a nomen-sei. Étach lennmaisech laindérdoi fon righ sin dona fech logh cendach ar a ingnaithchi an innill sin. I mbatar ann iaramh co facatar drong dirimhe co moinibh & aisgedaibh leó don rig sin co n-urgairdechud & áne móir ndó

¶3] Tet Tundal ina comfochraiph & rug aithne fair, daigh is é ba rí do riamh isin cenntar. A mbái ann béus co facaidh drong mar do saigertaibh & deocanaib dia saigid co timtachtaibh anetargnaidea do side & seric gacha datha, feiph nobetis ag rádh aifrinn. Rofoilgetar an tech d' etaigiph soinemlaib amail nóbiadh dáil righ chucu. Focerdsad cupa & cailice óir & argait et araile do soithigh ebair ar claruibh & froighthiph an toighe. Atar la nech nófeg for an tech sin, gin co mbeth glóir budh ville na innell ann, do bad lor d'aipnes nama soin.

¶4] Dolegedh gach nech dibh ar a ngluinibh i fiadnaise an righ sin ar váir hé & is ed atberdis uile: ‘Labores manum tuarum manducabis, beatus es et bene tibi erit’ .i. ‘bi sólasach, a tigerna, & caith saothar do lamh fein’. ‘Is machtnad limm’, ar Tundal, ‘a mét fail ac torrama & fersaidecht


p.113

don righ & gan aonnech diá muintir fein ann; daigh isam eolach-sa for a muintir

¶5] ‘At e failet sunn’, ar in t-aingel, ‘bochtæ & oilithrigh an Coimded día tuc Corbmac fein a maith ar Día isin bhith. Conad tlamha na droinge sin toirberius Día in flaithius suthain do’. ‘A tigerno’, ar Tundal30 ‘an bfuair mo tigerno Corbmac ernail peine riamh?’ ‘Fuair dibh’, ar in t-aingel, ‘& fogeba tuilled n-aile.’

¶6] A mbái ann co faca an tegh aga comdorchugudh cu rotrasgradh an teglach co lár uile. Atconncutar an rí fein ag imdecht. {MS page 804} Lenais Tundal hé & atconnairc a mbái do daoinibh isin toigh ag togbáil a lamh docom nimhe & is ed adberdis: ‘Domine Deus omnipotens, sicut vis et sicut scis miserere servi tui .i. a Tigerno et a Dhe uilechumachtaigh, dena trocuire ar do mogh fein.’

¶7] 'Ar bfechain secha do Thundal adconnairc an rí Cormac i tenid coa imlinn & inar sicilic óa imlinn súas uime. Is amlaid toimlius Cormac an lá co n-oidche .i. trí huaire isin tenid úd et uair ar fichit i soimnighe & ciunus. Is aire bis óa imlinn sis a tenid, air rothruaill a posad isin cenntar. Is de atá in cilic uime, ardaigh romarbh iarla ar comuirci Patraig et dobert guforgall béus. Acht chena romaithed na huile cair archena dó