Corpus of Electronic Texts Edition
Aisling Tundail (Author: [unknown])

section 14

¶1] Tet riamh co doirsibh ifirn et atbert: ‘Bid a fis agat nach bfuil soillsi do biucc na már agan lucht so, acht chena dochifi-si iátt et ní faicfid thú.’ Teit an t-anam cusan dorus. Doconnairc uadha prinnsa in dorchuttois et iochtor ifirn. Da tochrad cét cenn fair et cét tengo in gach cinn, ní caoemsadh a faisneis ina facaidh di pianaibh ann.

¶2] Atconnairc prinnsa na ndemon .i. péist adhetchidhe dona faca samail riamh. Ní caomnacair an anam barsamail24 do tabairt do chorp an prinnsi sin. Ba duibhithir fiach iter centt et cois. Ar cuma 'na corp ele, acht namá robatar lamo iomda lais et iarboll. Nír luga mile a mbái do lamaib lais. Cét cubat ina fatt, aile ina lethad no 'na remha. 200 cubat in gach laim don péist sin. Cét bas i fatt gach meoir dia méraibh, .íí. mbaso a reme gach meóir dí Ba sía et ba remhe a hingni iarnaide oldás laigen læchmiled. An urdan cétna for a cosaibh. Gob roicían róireamar lé, erball fata garbh lan do delgnibh rogéro a n-urcomair na n-anmonn.

¶3] Is amlaid búi an péist adhúathmar sin, ana lighe for cleth iarnaide, a lan do crithribh teindtidhi fon cleth hisin. Builg


p.109

arna suidhechud for gach leth dí et lín diairme da demnaib ig a seidedh. I fail do deamhnaib ina timchell, ni bad aigned la haon co fetfaide a ngeinemain no a cruthugodh ó tús domain cusaníbh an nuimir sin.

¶4] Is amlaid in péist sin {MS page 800}. Ní fuil alt día altaib nachar' linad do geimlib iairn et umu. Intan rostir et loisgthir hé amlaidh sin, gabaid ferg & lonnus adhbhol hé, co n-impann on taoph co araile & gabaid a lan isna glacoibh gairbhremra sin dona hanmonnaibh, go melenn et go ngairbhfaiscend iad feibh nófaisccfed neach cæra fini etir a glacoibh ag tofasgadh fionoi eistibh, co nach terna anam diph nach bentar a cenn no a cosa a lamha de. Setid uadha na hanmanna día anáil, co nesredentt a fodrannaibh fo ifern iatt. Tig immorro lasair bren adhuathmar asin vamaidh lasin setedh hísin. Intan' diu súighius25 an péist ísin a hanál cuga afrithisi, tinoilidh cuige na huile anmonna cétna go a beola, co fordiuclonn et co sluigenn uile a n-aonfaball iád. Gach anam immorro nach roichit a lamha do tecluim chuige, gor' treigh lia a erball iad.

¶5] Is amlaidh sin an péist sin co suthain t bithu sír ag pianad na n-anmonn. Acht chena do só a phein-sium fein et doroisci da gach péin n-ifirn olchenai.

¶6] ‘A Thundail’, ar in t-aingel, ‘is é sud attchi-si Lucifer, neach rocétcruthaig Día résna huile creatúiribh. Da bfuaslaigti ó gemlibh hé, is cuma nobuaiderfed iter nemh et talmain co hind ichtair ifirn. In slúag diairme atchí ina fochuir, alaill dib d'ainglib an dorchutais, araill eli do cenel Adhaimh dno. Is amlaid atat a haithle a ndamanta ag fornaidhe na n-anmo eili re ndiultann Críst neoch doníd gnima saobha. Bidh a fis agad an drem is mó cumachta gurab iátt is mo pian antan atroillit, ut est: Potentes potenter tormenta pacientur .i. as acmoiggech fogeibid lucht na cemenn et na cumachta mor a pianadh intan na follamhnoigitt co maith na cumachta fogeibid ó Dia.’

¶7] Atbert in an m frisin aingel: ‘Cidh im na tabair Día


p.110

cumachta dona daoinibh maithe, fodaigh co mbetis os cinn caigh?’ Fregrais in t-aingel: ‘Ar dá adhbar’, ar sé ‘In cétadhbar do dighail ar na drochoglachuibh {MS page 801} .i. antan nach fiu iád follamnaghadh iar coir forra. Indara fath ar maith frisna dainibh maithi, fobith co mbadh ferrde a comet ara n-anmonnaibh feisin cin dethitti aile forra. In fer dochnaigh atchi-si .i. Lucifer, ní hair cumachtuiph raitir prinnsa fris, acht arái roderrscnaig da gach áon ar pein; ar gidh at móra na piana naill, is nemní iatt a farrad a pene somh.’

¶8] ‘Is fir sin chena, a tigerna’, ar in t-ainim, ‘or as mo rombuaidir faircsi et brenta an inaid si ina gach pian rocessus co sunn. Conad aire sin guidim tú, a tigerna, masa tualoing tú, mo saoradh on phein si síu ná rompiantar ní bus mó Dochim sunna’, ar sé, ‘mor dom companuibh & dom coibnestuibh et dom charuid rop faoilidh limm d' faicsin isin tsaogal & as imeclach anbfailtech fria faircsi anosa. Tuigim co cinnte’, ar se, ‘nach mó dleghoid súd a pianad arái ngnima ina dodlighfinn, acht namá minamsaoradh trogaire.’ ‘Tair lim-sa, a anuim chonaigh’, ar an t-aingel, ‘id ciunus budhéin, daig atá in Tigerno ar do hon et nittpianfaithir festa. Atconnarcais co so prisuna et escairde Crist. Atchife anos26 gloir a caratt.’