¶1] Rogabh ag dercoth cidh o tainig in toirnech sin. Atconnairc uaimh cetharochair annsin. Dethach et lasair morgaigthi eisti. Oencoloma ar a lar, a cenn isin aér. Robatar ilmile do demnaibh & anmannoibh ag erge lasin lasair frisin columan soin amail crithribh ag tuitim ina frithing aris a n-ichtor an tsuirn teindtighe.
¶2] Rotriald Tundal soadh & nír' caomain a cosa ó talmain. Rofobair co minic et nícon ranaic. Rolinadh o dasacht iaram é Rogabh ag a ingreimm fein & ag snoide a gruaidhe dia ingnib. Eigis co hard & atbert: Truag nach faghbuim bás & oididh. Et créd hí in miri domeall mé?
¶3] Ag a cloisdecht sin dona deamnaibh remraiti roeirgiud lasin lasair, tegoid ina tacmong cusna haidmibh día píandais na hanmonna. O a anuim trúag, ar siád, rongoais pian et cesad, cait ó tangais annso? Ní facabair piána an inaid si fós, oir dogeba piana bus imchubaidh dot gnimaib riamh ó nach ternaife tré bithe et ó nach fuigbe bás, óir bidit bithbéo 'gutt pianad dogrés gan solás, gan solas, gan sgis, gan fortacht, co na bía do doigh a trocaire olchena. Tangois go doirsib an báis immorro et ní cían co mbía a fudomhoin ifirn. Rotmeall aní tuc sunna, et madh conicc, beredh ás tú; oir ní faicfe hé festa.
¶4] Robatar ag tabhairt achmusain dó Créd an idnaidi fuil
¶5] {MS page 799}Robatar amlaid ag tomamaithem bais fair & a n-arma rinngéra fria. Ana duibithir uibhli na spirait demnacda sin, a suile amail lochairn lasamoin, a ndeta immorro dodeligsit ar gile don tsnechto, co losaibh nimhe amail nathracha. Ingnea iairnd forra & sgiatha iolair. Iarsin taisealbad an aingel é féin do, gur 'teichsiod na spirait doirchide vad la sodain. Roghabh an t-aingel ag a solásugud & atbert: Dena forbfailtiuchud, a ingen na soillsi, oir dogentar trocuire gan brethemhnus ort. Atchifi mar do pianaib & ní himértar fort. Tar biocc co ttaisealbur escara an chinith daonna det.