Corpus of Electronic Texts Edition
Aisling Tundail (Author: [unknown])

section 10

De béstia altera et stangno congelato

¶1] O roascnatar iar sothain an t-aingel hi remthos {MS page 795} et Tondal ina divith atconnairc diuh Tundal an mbesd n-angbaid dona facuidh samail riam. Da chois et dí sgiatha fuirri. Ba himdo a muin et a gulba, accus ingni iairn lé. Tiged ém lasair domuchta asa gincraos.


p.104

¶2] Is amlaidh robui, ina suide for loch oigre. Nosluiged sí na hanmanna ainbfeachdnacha et dono nodíleagodh iad gomadh villide a piana, accus nodothad isin loch oigre iad co n-athnúaidhighthi iad afrithisi .i. día pianodh. Ba torrach in béist sin o uiliph anmonnaibh co hinbaid a tusmedo, et siad ag a cnamh accus ag a cognam amail toirrcnius na herci slebi. Iarna tusmed immorro is ed is altrom et is leasugud doibh: tonn(a) fuar na muire mairbhe arna techtodh ó oigri. Ba ina nathrachaib neime notuismighthi iád, accus nolindais ifern da nglaodhaib et beicethaigh accus nualla árda.

¶3] Ní hiar nadúir nama notusmigthe an clann sin. Is cuma nobered iad ar a cléib et ar a gulbain, ar a lamhaib et ar a hingnibh, ina mbéistiph gan cenduibh ar lasad, co nguilbnibh iarnaide do dluighe et teasgad na haite o tangatar. Nobidh nuimir mor do deilgnibh iarnaidhe ar a losaibh amail dubanaigh aclaidi do phianadh na n-anmann ó tangatar riamh. O na cumgaidis na herpli delgnacha sin léo, dogabhdis gles da ngobaib iarnaide i curp na péiste, no co tochaithtis a nguibh amhlaidh sin. Doclos co nellaibh nime glaodbheicethoch na piast et an aigred ag a brised fothai accus gaire na n-anmonn ag a pianad. Batar leo dono tengtho béoa am-mudh nathrach et nocaithdis iatt conuige a sgoma & a n-airtre. Batar dono bandacht na mban et ferdachta na fer i ndeilbh nathroch nimhe, accus iátt ag tesgad & ac sgaoiled a mbrondann féin et ag srengad-tarroing a n-innedh eistiph fein.

¶4] ‘Ag so, a Thundail’, ar in t-aiggel, ‘pian na manach & na canánach accus na caillech nduph et lochta na hegailsi archena dirinne breg & faill im Día accus na rocomuillsitt a riagail accus aga mbidis tengtho géra mar nathrachaibh accus nár' {MS page 796} caomhain siad a mboill ar dóailchib et drochoibrigthib. Ag so fos pían gach dreme truaillius iatt féin o druis ainmesarda.’

¶5] Asa haithle sin tugsat na diabail sreng-tarroing ar Thundal onn aingel accus telgitt a nginoil na péisti iaram hé Iar bfulang et faircsi pian n-ilerdo da Thundal a mbulg na péisti, do taisiulbh an t-aingel hé fein dó ‘Lean misi hifechdsa,


p.105

a Thundail’, ar sé Rogabsat ag asgnamh t slighthib adhétgide et t gleandaibh cumgacho dorcha dobéoili amail dobethis ag dol do mullach sleibhe aird ré fanad accus gan do soillsi acu acht taithnemh an aingil. Do bad(ar) mó acach dercaoined an anmo ima chor i curp afrithisi gach doimhne turnadh sís isna glennuib sin.