¶1] Rogabsat ag imteacht tar aitibh dorche garbha. Fuaratar tegh adbulmór, metichthir sliabh a méd, {MS page 793} accus a airtte cruinn amail hsorn. Lasair mar ag tocht ass doloisged na hanmanna. 1000. troich uaide. Atbert Tundal frissin aingel: Támoid i focraibh di dorclaib an bais. Cía saorfas an bochtán trúag so? Saorfatt-sa on lasair imeachtraich thu. Acht chena bidat eigen dola issin tsurn tenedh isteach.
¶2] Iar ndol doibh dochum an toighe atconncatar na basaire go mbealaib accus co n-ailtnibh berrtho accus spealaib & corránaibh
¶3] Roguidh Tundal co n-eccla accus cumgo gan a chur isin pein si & nirbó tarba dó. Rotiodluicced dona demhnaibh iar sodhain. Rotimcellsiot é iaramh. Tugsad na haidhmi remhráite cuige, co ndernsat blothta becca de. Phuistrinis ba nomen don prinnsa robói for an teach-surn soin. Ba hilimda isin tigh sin cnedach accus osnadhach, iactach accus eghmhe, cái & crith fiacal & tene gur fri losgud na n-anmann. Ba himdha ocubur bidh ann & a nemfagbail, daigh is ann búi craos cin mesur, gan dighvodh tré bhithiu. Ba himdha ann nathracha neimnecha ag ceimniughud i corpuibh læch & laiches & aosa crabhaid ann. Do attoimh anam Tundail gurb imchubaid an pian sin do tabairt do bvuidein. Fogeibh hé fein a n-egmois na péine sin ina huide18 a n-ionoth doirche & a sgaile an báis.
¶4] Ticc an t-aingel cuga. Truag sin, a tigerno, caide an briathar rocuala co minic? .i. Misericordia Domini plena est terra .i. tá & in talam lan do trocuire an tigerna. {MS page 794} Atbert in t-aingel: Do meall in mbreth si lion dirimhe do daoinibh. Gidh dulgudoch ma Rí-si, ar in t-aingel, is bes do in cóir do ghnimh. Diglaid morán et maithid ni as ville. A Tunnuil, ar sé, cecip pian roicesais-si, do badh cóir a fagbáil duit. Tabair atlugud do Día im do saorad o gach péin dá háidble da bfuaroiss cusanois. Oir da maithedh Día gach uili col, cidh imma mbiadh firian fon mbith? & menbat egail lá nech a pianadh, cidh fa bad eguil lais pecoth do gnimh? no
¶5] Maithid Día tra, ar in t-aingel, mor d'ulc & ni leig didu nach maith cin chennach ar a son. Ni bfuil tra nach n-aon cin pecadh et ní bfuilid naoidin bega abáin. Gideth chena saortar mor do maithib o péin cin faicsin & cin taidbsin fosgaidh an bhais doibh amain, gonadh aire sin berthar na fireoin da dechain na pian o saortar iátt abain, ardaigh conadh moide nolasfaidis a ngrad De & a molad a cruthaigtheora a faicsin & a saoradh forra.
¶6] A contrarda sin tra berar na hanuim anbfechtnacha do fechain an flaithis huthain, fobith comad moide a ndoilges et a ndograing in glóir dosechnadar da ndeoin fein d'faicsin. Is aire sin rugad in sagart do remdecamar do dechain an droichitt, fodaigh comadh moide a gradh et molad ar Día a snadud orra iarna faicsi & a gairm iaram dochum na glóri suthaine tréna soailchibh feisin, conusfuair coróin na bethad, amail rogeall Día fein do lucht a gradaighte. As coir duin cudnodh anos, ar in t-aingel, oir ní facumar na huile olca béus.