Corpus of Electronic Texts Edition
Baile Bricín (Author: Unknown)

p.449

{MS folio 44b}Mesi an Gillo ríabach

Bái Bricíni Túama Reccon aithliu corgois céstai móir aidhche cásc, forémid techt asa tigh abbad dond eclois & lobrusi, co cóla gáir muinntiri nimi i celiubrud na cásc. Es ann atrubairt Bricín: ‘A mo Coimdi, masso chóir lat, domiced úait fóidim fírién co scélaib do flathai’. Íar sin táinic aiggiul in Coimded dia acoldoim iter midnocht & íarmérgiu. Richis a cind cech meóir dó, co mba rél dia rusc an bith & conaco imbuidi muinnteri nime immon n-altóir ríchid. ‘Maith tra’, ol Pricín, ‘ar roaír’ Día mo itche dam. Findomar úait cech turcuáil déodhai crístaide bías ic cumtach ecoilse Dé co deriod domoin.

‘Madh ém’, ol in aingiul, ‘testai trian don míliu itám co forcenn, & dano testotar secht mblíadna dot soegol-sai tar ésse na halgese forfuirmis, & dano ní ragai dochum nime ocus ní raga tuárai in cendtair it curp co ndechais d'écc & i tech atái méroid cén marus cretim a n-Érinn. Ocus dano


p.450

arafesiur i llíon psalm rogabois rie tíachtain dam-sui, is é lín cresen bías for Érind .i. óthá Beatus uir corrici Miserere mei Deus quem conculcavit.’

‘Cest tra, a bennachtoi’, ol Bricíni prisan aingiul, ‘cía mac bethad cétnoi tic díuh sund ar tús? Innid dam co lér!’

‘Maith ém’, ol in t-aingel, ‘bíaid úair tidnustar la hechtranno íath fosílfai cannilbrectaigh nethgig dia tadbustar conni carutruid fri ligiu leth tairbirthar foiltcinn imm gnúisiu carotraid fri ligi lethfolmai, ar tinólfaitis slúaig fri foigge fungairi. Bíaid dígal la hingrem íarsin frie ecolsib Dé, co mbat ili uli comcomaig Móel Briccte.’

‘Bíaid íersen’ ol in t-aingel, ‘flaidh na teorai menistrech findledd comrair Conaild clainni ilcrothaig tortigfius trebai immacaine, costaichfius ima cellai cumtachba, bid sui, bid rí, bid epscop, bid lánlinnid dércai & trócaire. Dí blíadain déc dia cét-tesbann.’ ‘Is trócairi Dé in sen’, ol Bricín.

‘Bíaid dano in fubthairi a ocht ar tri fichtib de Loch túaid Gamenais dian chainfail sidie, dia mberé a dub i find .i. Tanuidi mac Uidir.’ ‘Is trócairi Dé.’

‘Bíaid dano in túaircnid imme tuindsiumai fri domon ré a secht ar deich cét, co téd écc ernbais fria fíanai fortrénai di rinnib rogargaip in-indrechtoib Clúana.’ ‘Is trócaire’, or Bricín. ‘Bendacht a dulai ndou!’

‘Bíaid dano óigi cominad in commond cráibdiuch. Ní ba cumscaicthiuch a ríagoil re sé .xx. mblíadan. Sech bid dé, bid duine.’ ‘Is trócaire Dé in sin’, or Bricín.


p.451

‘Bíaid dano in fríthi a faitchi silfus soscéli do búaib, do thúathaib derccumtechaib re teorai mblíadnai ar tri fichtib.’ ‘Is trócaire Dé in sin’, or Bricín.

‘Bíad dano in tuardenaid na dá clúain .i. Clúain Iraird & Clúain Mac Nóis ré teorai mblíadna ar .lxxx. Sech bid dé, bid duine. Bid demon dogénai {MS folio 46b} bec do mór, dogéna mór do biuc. Tuirigen dá lethi in sen.’ ‘Is trócaire mór in sin’, or Bricín.

‘Bíaid dano in tóebfodai tanaidi cromdercc etir Droing & Uisnech re cóic mblíadna ar lxxx. Míadaigfid ile ar lethed a damraid. Bid brecc a ríagol, bid líon minésc & mórésc.’ ‘Is trócaire ind Ríg in sen’, ol Pricno.

‘Bíaid dano an crobglan a Mainistir re nói míos ar xc. Brogfaid a imtoineth dar fairci. Bid sí in gem nglainidi óbsin liic draconda.’ ‘Is trócar’, ol Bricín.

‘Bíaid dano in torcpetai dubchas suidi Chomgaill re mbliadain ar coécaid. Ní tibri commus for abo an talman an gairsecli.’

‘Bíaid dano in crithcend Locha Con ré secht mblíadna ar tri fichtib, congéba somataid, conscáilfi fri anairches amol lúaithred sligiud.’ ‘Is trócaire mór’ ar Bricín, ‘dond Ríg’.

‘Bíaid dano in saintrebor Sléibi Fúaid co rríagoil mancuidi, co crábad martír, co tarbotaid litain, co comaldad a anmcairdiu.’ ‘Is trócaire mór don Ríg’, or Bricín.

‘Bíaid dano in mallshinech tiugsesse a Domnad ré cethri .xx. mblíadna. Timarban rechtge for turu tóebderga, síthaigfid fri trillsiu tríamann.’ ‘Is trócaire Deé in sen,’ ol Bricín.

‘Bíaid dano in douiblíath dóich anechde Loch Rí fotcanot na teorai classa .i. clais Mumon & clais Connacht &


p.452

clais Ú Néill. Séis na trí suidiu, id est, suide Cíaráin & Comán & Crónán. Nói mblíadna déc ar cóicait a óes.’ ‘Is trócor ó Día in sin,’ ol Bricín.

‘Bíaid dano in t-ésca lethumai íarthoir Macha .i. táidlech ar crábud. & is dub a ríagol re tri fichtib mblíadna. Mórfait a gragai & carpoit. Saich maith do chellaib cresion.’

‘Bíaid dano in lóebchoirnech cremloch ó Sléib Cuillind re secht ria maigh is bódelb cecha cethrai’. ‘Is trócor ó Día’, ol Bricín.

‘Bíaid dano in broccainech bindchorach uó Loch nÉrne résén ochtmad mís co foraigsi móenigfid sini sceo óclach, dodogéna réidh do aimréid.’

‘Bíaid dano an clúimderg hInsiu Muirethaich ré nói tráth ar tri fichtib mbliadna. Dosiph echtranno a hinsib. Adandafa dian chain teora frasai .i. fross flechaid & fross casrai for lár Moigi Coraind.’ ‘Is trócar Día fírién’ or Bricín.

‘Bíaid dono an clothamrae Clúana Eoís re .lxxx. blíadna. Línfaid Machai mórmáinib. Sústfaid slighiudai Érenn graigip sceo cairptib, fordoeblai chaingnib & cánib.’ ‘Is trócaire mór’, ol Pricín.

‘Bíaid dano an ladhanbél Dúin Lethglaise. Gidhnid iter Ros & Rinde ré sé mís ar .c. blíadna oigidir ar ní laimter muir bindithir crota.’

‘Bíaid dano in cláirainech Glinde Gemin ré .x. mblíadna. Búaidrifidh cech recht rodomain. Húathaighfid fri hulcco bidnécnidfid cáich {E}.

‘Bíaid dano an buicellán Bendie Codail resen .x. mblíadna. Bláithidir scotha, gairbidir draigen.’ ‘Is trócor’, ol Bricín.


p.453

‘Píaid dano an tóebfhoda Tigi Telli {MS folio 47a} re .xl. blíadna. Línfaidh muilidiu & sesrechai & echa & lestrai & cuchtracha.’ ‘Is trócairi Día in sin’, ol Pricín.

‘Bíaid dino an gabalchend Cilli Daigri re tri .xx. blíadna. Fer borb cráibdiuch etail anecnaid. Focicher teorui maisi .i. maise áenaigh Taltin, maise cána a nUsniuch, maisi mórcathuch Érend a Moig Léna.’ ‘Is trócairi Dé’, ol Bricín.

‘Bíaid dano in cáelchestoch Slemno re .xc. blíadna. Bid abb na trí n-anglass, bid manach na trí ríagol, bid croa na trí forus.’ ‘Is trócar’, ol Bricín.

‘Bíaid dano in dondainech a hAiche bes cubaid fri cech recht itir maith & olc, co ngnúis colman cádha, co cridi seboic, co nnirt tairb.’ ‘Is trócor’, ol Bricín.

‘Bíaid dono an bán bíastaidi Clúana Cáin re tri .xx. mblíadna. Bid fáid tóla túatai, dingénai sóercháin for slabri.’ ‘Is trócaire cid edh’, ol Bricín.

‘Bíaid dono an dóel dub Droma Tibrud re .xl. mbliadna & .xl. mís. Míadhaidfed cert, nenois sóiri ecoilse, sílfae soscéliu.’ ‘Is trócor,’ or Bricín.

‘Bíaid dano in súascend Moigi Bili re laithi & mís & blíadain & .lxx. blíadna. Bid malloi a dálai, bid traiti a díglou, bid lonna a dígla.’ ‘Is trócor’, ol Bricín.

‘Bíaid dano in clúasmarb Clúana nó Qúili Conáin re .uii. .xx. mblíadna. Glic a gildocht, mald a óclachus, dércoch a sentaid.’

‘Bíaid dano in cráeblíath ó Luscai re .xxx. blíadna. Benfaid na trí banda .i. band crábaid, band ecnoi, band trebairi.’ ‘Is trócaire’, ol Bricín.

‘Bíaid dano in garbchuilciuch Sligiud Midlúachrae re nói mblíadna. Fuilcech fidbadhach fand tosoch a rechta,


p.454

tend brec a medón, tend a deredh.’ ‘Is trócor óm Fhíadaid’, ol Bricín.

‘Bíaid dano in bairend becc a Brí Leth línfus ríagail Rómán re secht fichet mblíadna, imalle congéba & conscéra.’ ‘Is trócor’, ol Bricín.

‘Bíaid dono an gaimgelt Daire Chalcoid gébus rígi Conoill co fo thrí ré trí mblíadna ar .xxx. Fofaicfe Febol fo rindib sóeroib soinemlaib. Bid droichtech a ríagol iter Érinn & Alpain.’ ‘Is trócor,’ ol Pricín.

‘Bíaid dano in builedeach Tailchi Tuirbe re tri .xx. blíadna, bos de sunn lam alailiu, lém a nem, lém a talmain.’ ‘Is trócor’, ol Bricín.

‘Bíaid dano an qúlrúad Rois Caim re .lxx. mblíadna. Is é sin an lia crédhuma húasan loch lemnachtai. Gelaid gach ros.’ ‘Is trócor’, ol Bricín.

Bíaid dano in dédgen Dairi, ud dixit hoc carmen:

    1. Détgen Dairi firfaid sel
      for bruindib Locha Dá Deal,
      ó Loch Dá Del is denim
      atrebe Lochán Eidin.
      Ó Loch Eidin for thuili
      dochom indois iar suidiu,
      cid íar tain conricfa fris
      ó Lusca do Daiminis.
      Ó Chrúaich maic Dara fo geil
      d'és Coluim Dairi Chalcaig
      a teorai aidche fes ríg
      taidlébai ailemna Scrín
      In súi, an t-espoc, and rí
      síthaigfid cáin hi Machí,
      ticfaidh ó thúaid Dúine
      seóid Érenn is Alban dó
      Tascor mara aidche mBuilt
      tidnastar dó ind-Inbiur Suird,
      bid ór, bid arcad, bud glain,
      bid fín mbárc ó Rómánchaib
      {MS folio 47b}For lá midlachda Dá Del
      ciasa fochen ní mochen,
      fochen a aós crábuid gil,
      ní fochen ó angbaidhib.

      p.455

      A .iiii. deich mairt Mugna
      tinnustar a fíchubra,
      etir Rinne ocus Ros
      bud aenach dér ocus bos.
      Dotuit íerum a railic
      diaa mairt íar sacrafic,
      bértair a thaisi co hIi
      a fail martrae Séghéni.
      Cúic blíadna tesbann di dia cét
      intan cingius & rachus n-écc.

‘Is trócor mór diar Fíadhaid an gein airechdhai do chloind.’

‘Bíaid dano in lia ega (.i. Flann) húasan grís tendtidi i Fobor. Bláith a lí & a chlércicht, imloisti immorro imonn domon re cethri .xx. mblíadna.’ ‘Is trócor’, or Bricín.

‘Bíaid dano in fidbadach fuilech Clúanau Foda. Rédigfidh doirchi & aimréde. Bid mog manchuinei, bid déarcach fri sochuidi, bid dé, bid duine.’ ‘Is trócor’, or Bricín.

‘Bíaid dano an búiredach Fathno Mura (.i. Fothad na Canóine) re nói .x. mblíadna. Selais na trí búada .i. búaid n-eccna, búaid ngóise, búaid ngensa’.

‘Bíaid dono an fírtobur búaiderta a Faidhche Sláine re mblíadain ar tri .xx. Troiscthech tredenach tidnoclach am bod resindala húair, gléid ind úair oiliu.’ ‘Is trócaire Dé’, ol Bricín.

‘Bíaid dano in sacort cruimthir Túama Fobair re cethri .xx. mblíadna. Bendachfuid cách, cách oc a bennochad. Siais co cách, cách is soigthin fair. Tidnocfaid cách, cách oc a thidhnocol.’ ‘Is trócaire Dé’, ar Bricín.

‘Bíaid dano in t-abac Moigi Belaig re secht mblíadna ar .lx. Bid sí an fínscoth a tóeb a taeb ind éccomthaind .i.


p.456

caindiul crábuid a tobor pectha. Bid sí aensciula na hoircni roort la díabul ó chén.’

‘Bíaid dano in crisfúar ó Daiminis re mblíadain in seng sémidi. Ní ba conoir laxa, lécfidh toil ar fochraciu, ní cloat dála ili.’ ‘Is trócaire Dé’, ol Bricín.

‘Bíaid dino in t-asna tairbertha ó Cill ar Loch ré sé mís ar .l. Danairberai a húasli a cheniúil hi fán umalóidi, reis fo glend ar cratib a anma, conoccaib in húasli a fírumalóide.’ ‘Is trócaire Dé, domna óigi ind sin’, ol Bricín.

‘Bíaid dano in tóebfatai trednuch Conderi re secht mblíadna ar .xxx. Bidh ógh a menma & bid lér fri Día ó bid deoluidech tidnuicthech do dóinib.’ ‘Is trócaire Dé’, ol Bricín.

‘Bíaidh dano in sanusach Átha Bláir blíadain ar .xl. Gébaid gíallaui Connacht mí for trí bliadna.’ ‘Is trócar’.

‘Bíaid dano in gairbaineach Glinne Gemin (.i. Dúnchad húa Bruin) costaigfius na teorai sése .i. sés Adomhnáin & Ségíne & Colaim Cildi re nói tráth for .lxx.’ ‘Is trócaire’, ol Bricín ‘ó Día imne.’

‘Bíaid dano in tsesérgid Suidi Chaim .i. isre atas tormus dobérai scéla derbai in todóchaidhe. Móethaighfid cride dúrai arnaisdeis na ndemno & inna n-ifernda re ocht .xx.’ ‘Is trócar’, or Bricín.

‘Bíaid dano in cenn óir forsin colomuin íarndai i Clúain Iraird .i. gnúis luchardae for colomain cestaig fri re .ix. mblíadna fo trí co n-ecno, co n-óighi, co ríagail.’ ‘Is trócor Día’, ol Bricín.

‘Bíaid dana in t-ardmoltaig na fírinia Inis Cloitgi ré cethri mblíadna ar .xl. Bid é in qúach findruine forsin {MS folio 48a} crois lúaidide .i. túaruscbáil tarbo a ciund étarboi. Cairidfid clóiniu.’ ‘Is trócor’, ol Bricín.


p.457

‘Bíaid dana in tana teólaide Tuli Én re secht mbliadna ar .xxx. Bed neictoinig, bid guis roguis. Bid orbo a clíab toll, bid diúidi ó cridi, bid utmall etaill.’ ‘Is trócor Dia’, ol Bricín.

‘Bíaid dino an muinemnach Macha. Bid moch a maton, bid foda a nóin. Bid tóeb lethfás les, bid lidi lethfúar, bid lassair cumuscdai, bid cuma loiscfius dliged & indliged la dúiri a chrábuid & ar laged a ecno.’ ‘Is trócaire Dé’, ol Bricín.

‘Bíaid dana in pauper pritchabus re trí mblíadna ar .xxx. Bíaid dana in bántipraidiu tor síthaigfius co hurai Érenn. Iss é benfus glas ndegiunoch for íarcaine Érenn & is tigba cretmi & crísdaidecht in domuin sen.’ ‘Is mór uli’, ol Bricín.

Fri ré Áeda engaig genfius Tibraiti, adbir Baili in Scáil.

‘Et cid bías and didiu?’ ol Bricín.

‘Foraithmett cretme Ancríst’, ol in t-aingel.

‘Ba trócar do Día’, ol Pricín, ‘ná tairsed lucht na hinse siu innsin.’ ‘Ni tairsiud ém’, ol in t-aingiul, ‘ar dorad Día do Pátraic ar in Crúaich in cethurdha sa .i. gan díth ecnoi a nÉrinn go deriud in domuin, et ná trebsad echtraind ar ois nó ar écin hÉrinn co bráth, et moir dar Érinn secht mblíadna re mbráth & gorub é fén bas bretheom for Góidelaib i lló brátha.’

‘Deo gratias’, ol Bricín.

‘Amen’, ol int aingiul.