Corpus of Electronic Texts Edition
Eine Variante der Brendan-Legende (Author: Unknown)

section 2

5 Seolais iarsin Brenainn mac Findlogha for tonngar in mara mongruaidh & for treathan na ttonn ttaobhuaine & for cichanaigh in tsaili sithguirm & i mbeolu in aiccein iongantaigh ilphiastaigh .i. airm i-fuaratar ilar mbleidhmil muiridi. Is annsin dí fo-gebdís ailéna aille ingantacha, & ni-thairistis inntib sin beos.

Batar dí co cenn mbliadhna aran imramh sin. Is annsin ba comhfochraibh don caiscc. Batar a mhuinter aca radh fri Brenainn dula for tir do ceilebradh na cascc. ‘Is tualaing dia’ ol Brenainn ‘talamh do tabairt duinn in cech inad bus ail dó.’ Iar tictain na cascc trá is annsin tóccbais in mil mór a formna in-airde osin muir suas, corbo talamh comhard cobhsaidh coraighti comhlethan comreidh comhalainn. Tiacchait iarsin forin talum sin et ceilebhrait in caiscc annsin .i. oenla & da oidhche doibh isin inad sin, co-tarnacair leo ord cascc do denamh. Tiaghait iarsin ina curach. Sceinnidh in míl mór iarsin fon muir. Cech uair ba comhfachraibh in caíscc cecha bliadhna, no-tócbadh in míl mór a druim osin muir, coma talom tirim techtaidhe.