Bator da apstol decc na Erenn hi Ccluain Iraird ic a foglaim oc Findian, co-nderna Findian fleidh dona hapstolaibh et do naemhaibh Erenn archena. Amhail rob ainiu doibh ic comhól na fleidhe, conus-aicet in scoith ndífreccra ndimoir cuca
Conidh dó ro-chan in laídh si:
Brenainn mac Findlogha
- Batar ic foghlaim trein treall.
da apstol dég na hErenn
ac Finnen co fichtib ceall.
cansat co léir a leighenn.4- Co-n-acaiset cuca in scaith.
in comunn féta firmaith
ota tír thairngire ndaith.
o righ na righ on righflaith.- Ro-raidhset uile malle.
ba dia ccomhairlibh maithe
co roctain dal diamhair de.
d'iarraidh tire na scoithe.- Scarthus dia da cech dis doib.
forba saethuir na sennaeimh
do réir cranncair amra uill.
co-tarla donda Bhrenuinn.- Coros-bennach dia datha.
cona lestraibh lindbracha.
Brenainn Birrae buaidh flatha.
is Brenainn mac Findlacha.- Cor-cuirset crandchor caemh nglan.
a fiadnaise na n-apstal
Brenainn Birra gusin mbladh.
is dó do-rala in astar.- Innsa re n-aés cumtha coir.
co cornaibh finda fledhóil
a dál ar luí mara moir.
a súi slan is a senoir.- 'Daigh im sósar sunn cose.'
ar Brenainn oc i n-airde
'gidh bas damh inní bias de.
meisi raghas ar fairrge.'
Is annsin dí do ro-nadh digrais curaigh la Brenainn .i. ar mét & luchtmaire .i. coiciur ar cethrachait & tri sechtmoghait, is e lín do-coid isin curach.