Nó dano spirdaltai do rád díb dond apstal ón mud-sa; uair cumscaigfiter thall asin tróge & asin trúalniud & asin dochraidecht i failet i n-glóir & i n-etrochta, i solse & i sochraidecht in bethad nemtrúalnide & in bethad nemmarbdai i fedligfet do grés. Ocus araide ni ba inund sochraidecht do chorpaib na naem uli thall, úair nach inund cid fochraic. Acht amal is écsamail etrochta gréni & ésca & etrochta rétland, & dano cacha retlainde riaraili, is amlaid-sin bas ecsamail fochraic na firen íar n-esérgi, & is airi-sin techtfait-som sosta écsamla i n-nim ara n-áriltib écsamlaib.