Corpus of Electronic Texts Edition
Scéla lái brátha inso sís (Author: Unknown)

section 5

In tan doraga mac De & duini i n-óenpersaind, co n-onóir & co miadamla, & a ule aingil malle fris, suidfid in tan-sin fora chathair rígda & for sossad a míadamla, & tinolfiter andsin na h-uli duine 'na fíadnaisi & do-géna a n-deligud & a terbod iar tain. Ordaigfíd ém a nóemu & firénu dia deis. Ordaigfíd immurro na pecdachu & na h-anfírenu dia clé. Is andsin at-béra in Rí dond fhairind beti dia deis: ‘Ticid, a bennachtnachu, selbaid flaith m'athar rofuired dúib o thosuch domain. Úair roba i n-gorta & doratsaid bíad dam. Robá i n-ítaid & doratsaid dig dam. Robá i r-ríchtain a les tigi áiged & doratsaid aigidecht dam. Robá cen etach & doratsaid etach dam. Robá i n-galur & tancabair dom torroma. Roba i cumriuch & tancaibair dom thúaslugud & dom fortacht.’