{MS fo 44b1}Maol Póil h-úa Cináetha .i. ab Mainistreach Cilli Becáin robhúi & manach aili ac lúadh astrolaice. Mar docotail íar sin, confaca chuice mainces soiscéla robo marbh sé lá roime sin & gerán mór aice. Cumain leis a h-éc. Cinnus atáthar ann sin, a bannscál? or sé. Cuma dhuit-si ón, or sí, ac lúadh astralaice & gan mh' écnairc-si do ghabháil. Mairg doghní dano, or sí. Cía h' écnaircc-si bud áil duit úaim, a bannscál? or sé. In bíait ón, or sí, in bíait a ndeagaid na bíaiti, in bhíait ar in mbíait, in bhíait fon mbíait, or sí fot a h-anála ic furáil na bíaidi do ghabáil co menic fuirri, conná fuil acht aithfrenn na marbh éccnairc is mó onóir ac Día iná in bíait, ut dixit:
- In mháin is ferr ar talmain
tabrad nech hí ar a anmain,
acht is buidecha Día de
do sírghabáail na bíaide.