Corpus of Electronic Texts Edition
Drei Erzählungen aus dem Buch von Lismore (Author: [unknown])

tale 2

St. Patrick und Laegaire's Sohn Lugaid

(Vgl. R. Flower, Catalogue of Irish MSS. in the British Museum, Vol. II, S. 518, [sect ] 65.)

{MS fo 44a1}[A]raile fechtus tánic Pátraic cu Temraigh ar amus na ríghna bái oc Læguiri mac Néill d 'fhoirithin a meic imonn ainces búi fair .i. Lugaid mac Læguiri, & ba dífuluing mét a shátha & is ecmaing mad dhogeibhthe díl a sátha dhó. Cu tucad a n-oenchum re Pátric hé. Et rochuir scallac mhór don arán bái i bhfiadhnuise na cléirech ina bél cur lean ina brághuit, gu rabha oc dul a anma as. Tucadh líach cuice & bainne innti & rodoirteadh i ceann na bloighi bái ina brághuit. Tairrngidh sium in léigh & suidhid cuice hí & téit a anum as. Cuiridh cu mór ar Pátraic sin & téit ina chroisfighill & adubairt nach rachad bíadh 'na bél nogu taithbeoaighthe Lugaid. Rotroiscset iarum trí lá cona n-oighthibh re Míchél ima furtacht. Doríacht íar sin Míchél cuigi i bhforceann in treas aighthi i richt eóin & nír cumaing silled fair lasna ruithne gríandai bátar uime. ‘Ratbeannacha Día!’ ol sé. ‘Cía annso?’ ol Pátraic. ‘Míchél archaingel sunn.’ ‘Atlochur do Día h' acalduimh,’ ol Pátraic. ‘Cidh dia tánacais?’


p.44

ol sí. ‘Dot coimhdhíghnad-sa,’ ol Míchél, ‘& dot foiridin imon aincis fil ocut, & rocruaidh bic thú,’ ol Míchél, ‘& is eimilt do Thigerna romat & tánacc-sa cugad don chur sa . . . & ní hé na filet toscai eimilta ele acum mena bheth do dermaire-siu.’

Is annsin táinic int én ar amus Luigdech & rosáidh a ghulban 'na brághuit & rotarraing in léigh & in mbloigh asa brághuid & roéirigh & tuc a láim dar a agaid & térla & nírbo mó a dáethain inás cech duine asa h-aithle.

Conadh annsin roordaig Pátraic mír Míchél, & líach Míchél ó cech áen, ut dixit Patricius:

    1. Mairg caithius proinn, a Chríst cain,
      in céin bís forsin talmain,
      cin dechmad do rígh na nél
      ocus gan mír do Míchél.