Electronic edition compiled and proof-read by Beatrix Färber
Funded by School of History, University College, Cork
1. First draft.
Extent of text: 1630 words
Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G201040
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only.
CELT: Corpus of Electronic Texts
The present text represents pp. 4244 of Irish Texts 1. There are no footnotes.
Text has been checked and proofread twice. All corrections and supplied text are tagged. Text supplied by the editor to the original is marked sup resp="JP".
The electronic text represents the edited text, to which some normalization, marked sup resp="BF", was applied. Missing silent f was restored. In words with a vowel or s in anlaut, h- and t- were hyphenated off. The hardcopy uses italics to denote expansions; in the digital text ex tags are used instead.
Direct speech is rendered q.
Soft hyphens are silently removed. Words containing a hard or soft hyphen crossing a page-break or line-break have been placed on the line on which they start.
div0=the three tales; div1=the tale; page-breaks are marked pb n=""/; milestones are marked mls unit="MS fo" n=""/.
Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd. (There are no dates in the text.)
This text uses the DIV1 element to represent the tale.
Created: Written by Irish scribes (see above under manuscript source) Date range: 14001499.
Beatrix Färber (ed.)
Gunnar Bonneß (text capture)
{MS fo 43b2}Colum Cilli & Comhghall & Caindech dochúatar do thigh Crumthir Dathí ar áidhighecht íar caithimh a proinne don mhuinntir. Is é gnáthughudh dobhídh ag Crumthir, cemadh úasal ant áidhi noroised a h-aithle a proinne chuige, ná tibred bíadh dó cu h-arabárach. Rohíadhudh int aracul forra-som íar sin & ní tugad proinn cu h-arnabháruch dóibh & nír fétsat in tech d' fhágbáil la daingne an íadhtha bái fair, ciamad áil dóib.
Tucad proinn dáibh cu moch arnamháruch & ba h-áine ann do sunnraid. & is amlaid tucad proinn dóib & soiscél Cruimthir fuirre dia furáil forusa, ar rofitir nobíath móit forro & comad leasc leo a caithimh 'san áine. Adubairt Colum Cille ná caithfed bíadh 'san áine. Adubairt Comghall roba córa caithium ar an soiscél, ciarbhó áine ann. Adubairt Caindech robo córa a chaithimh & doneth cách a chrábud. Adubairt Colum Cille:
Adubairt Comghall:
C. C.Nocho loingiubh-sa cu moch
isin áine dídine,
úair is é mu lá catha
tar cenn flatha fírinne.
C.Caithem sére ar soiscélu
adhram Críst ná rub meabul,
ná rub caithium 'nar n-óenar
tre cóir bæguil ar demhan.
Ca.Mad dia teacmad céle Dé,
loinged, lúisseadh immale,
intan bías cách araglan
cach ac aragan dogné.
Giarbo leasc la Colum Cille, docaith becán don proinn. Docaith Comhghall tres mhaith don proinn. Moo rocaith Caindech iná cach fear díb.
Táinic Cruimthir Dathí dia n-acallaim íar sin. Atconnairc a bhfuighle et adubairt re Comgall: Uair as tusa rofuráil an proinn do chaithim, cu rabh búaidh crábuid at baile dogrés & gach duine tinnscnas crábud acat, rath crábuid fair. Adubairt re Colum Cille: Or as tusa as lugha rochaith don proinn, cach duini troiscfeas let a tosach a crábuid, búaidh crábuid dóibh. Adubairt re Caindech: Ár is tusa is mó rochaith don proinn, sonus bíd & lenna at baile.
Et dorónsat a n-ænta & a cadach íarum.
{MS fo 44a1}[A]raile fechtus tánic Pátraic cu Temraigh ar amus na ríghna bái oc Læguiri mac Néill d 'fhoirithin a meic imonn ainces búi fair .i. Lugaid mac Læguiri, & ba dífuluing mét a shátha & is ecmaing mad dhogeibhthe díl a sátha dhó. Cu tucad a n-oenchum re Pátric hé. Et rochuir scallac mhór don arán bái i bhfiadhnuise na cléirech ina bél cur lean ina brághuit, gu rabha oc dul a anma as. Tucadh líach cuice & bainne innti & rodoirteadh i ceann na bloighi bái ina brághuit. Tairrngidh sium in léigh & suidhid cuice hí & téit a anum as. Cuiridh cu mór ar Pátraic sin & téit ina chroisfighill & adubairt nach rachad bíadh 'na bél nogu taithbeoaighthe Lugaid. Rotroiscset iarum trí lá cona n-oighthibh re Míchél ima furtacht. Doríacht íar sin Míchél cuigi i bhforceann in treas aighthi i richt eóin & nír cumaing silled fair lasna ruithne gríandai bátar uime. Ratbeannacha Día! ol sé. Cía annso? ol Pátraic. Míchél archaingel sunn. Atlochur do Día h' acalduimh, ol Pátraic. Cidh dia tánacais?
Is annsin táinic int én ar amus Luigdech & rosáidh a ghulban 'na brághuit & rotarraing in léigh & in mbloigh asa brághuid & roéirigh & tuc a láim dar a agaid & térla & nírbo mó a dáethain inás cech duine asa h-aithle.
Conadh annsin roordaig Pátraic mír Míchél, & líach Míchél ó cech áen, ut dixit Patricius:
- Mairg caithius proinn, a Chríst cain,
in céin bís forsin talmain,
cin dechmad do rígh na nél
ocus gan mír do Míchél.
{MS fo 44b1}Maol Póil h-úa Cináetha .i. ab Mainistreach Cilli Becáin robhúi & manach aili ac lúadh astrolaice. Mar docotail íar sin, confaca chuice mainces soiscéla robo marbh sé lá roime sin & gerán mór aice. Cumain leis a h-éc. Cinnus atáthar ann sin, a bannscál? or sé. Cuma dhuit-si ón, or sí, ac lúadh astralaice & gan mh' écnairc-si do ghabháil. Mairg doghní dano, or sí. Cía h' écnaircc-si bud áil duit úaim, a bannscál? or sé. In bíait ón, or sí, in bíait a ndeagaid na bíaiti, in bhíait ar in mbíait, in bhíait fon mbíait, or sí fot a h-anála ic furáil na bíaidi do ghabáil co menic fuirri, conná fuil acht aithfrenn na marbh éccnairc is mó onóir ac Día iná in bíait, ut dixit:
- In mháin is ferr ar talmain
tabrad nech hí ar a anmain,
acht is buidecha Día de
do sírghabáail na bíaide.