Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Colmáin maic Lúacháin (Author: [unknown])

p.2

¶1]
1] Uiriliter agite & confortetur cor uestrum omnes qui speratis in Domino. An spirat nóem, in spirat as úasle cach spirat, in spirat ro insorchaig in eclais cechtardae petarlæici & núfiadnasi ó rath ecnæ & fátsine, issé an spirat-sein is augtar na herlabra-sa tria gin an
5] rígfátha Dauíd maic Iasse, dicens: ‘Uiriliter agite’ & cet. Issé an Dauíd sin dorigne .iii. l. salm do molad Dé, ar ronordnestar Día co mba rí & co mba fáith, ut dicitur: ‘Unxit Samuel Dauid in regem & profetam’ & cet., & an salm ana fuil an fersa-sin .i. ‘uiriliter agite;’ is é an dechmad salm .xx. a lebar na salm hé & issé is tosach dó: ‘In te
10] Domine speraui’ & a persoin an popuil do labair sé andsin & atá an fersa-sin arna rád ó trí húgdaraib. An cét-augdar díb .i. Maóisi mac Amræ, oir adubairt Maoisi hí ac guidi clainde Israél ind-agaid Madíán & Amaléch .i. na cinedach dobí i n-agaid claindi Israél. Andara haugdar .i. Iesus filius Nun, oir adubairt Iesus mac Nún an
15] fersa cétna .i. ‘uiriliter agite’ ac túsecht an popuil Israéldæ do chéimniugud srotha Iordanis dochum chathaigthi i n-agaid na cinedach darab comainm Cananei. An tres úgdar .i. Dauíd rí, oir adubairt Dauíd hí .i. ‘uiriliter agite’ & cet., i. ac guidi a muindtiri im chalma do dénam i n-agaid na Felistinech, & is imchubaid a rád co spirat,
20] amail adubairt Día féin rena næmaib cathugad do dénum i n-agaid na ndrochspirat, & ata an rád-sin comchoitchenn dona feraib & dona mnáib, oir atát morán dona dæinib sanntaiges cathugud do dénum & ríasíu thindscnait a cathugud tuitit and. Ocus atát drong ele tindscnas cathugud & ríasíu críchnaigit hé tréicit a cathugud. & atá drong
25] ele doní cathugud neimgér can arm & is ar an adbar-sin adubairt an salm ‘uiriliter.’


p.4

¶2] Sochaidi tra do nóemaib & do fírénaib hi petarlaic & hi núfiadnaisi rocathaigsit co ferdæ & co sonairt ar Día, amail rocathaig co ferda & co sonairt an senóir úassal diatá líth & forathmet ind-ecmaing na ree-sea, id est, Colmanus filius Luachaini. Is ann immurgu celebrait
5] na Cristaidi líth & forathmet indí Colmáin maic Lúacháin in cindecim calne iúil arói laithi míss gréne, isin laithi-sea indníu araói lathe sechtmaine isin blíadain frecnairc-si. Caland iúil didiu .i. in adhaig íar féil cross & is de isberar ‘an dos óir úas críchaib’ & ‘an grían án úas túathaib’ isin Félire. Nó comad aidchi samna .i. Crónán
10] & comad hé an mac ele Lúacháin an Crónán hísin. Atát immurgu a taisi hi fos colléic isna talmandaib co n-onóir & co{MS folio 75 b 1} n-ermitin & cid mór indíu a hanóir, bid móo illó bráthæ, intan doaitnebatt amail gréin in-neim i n-óentaid naom & nóemóg an domain, i n-óentaid úasalathar & fátha, i n-óentaid apstal & martíri, i n-óentaid
15] déachta & dænachta maic Dé, is óentu is úaislem cech n-óentaid .i. i n-óentaid na næmtrínóiti úasle ulechumachtaige .i. Athair & Mac & Spirat Nóem. Ailmitt trócaire na trínóiti ule & rl.

¶3] Indistir andso ní dia genelaig collaidi & dia fertaib & dia mírbuilib ó rogéner co ndechaid dochum neime.


20] Colmán didiu m. Lúacháin m. Ledæ m. Maine m. Fergusæ m. Conaill Cremthainni m. Néill Nóigíallaig m. Echdach Mugmedóin m. Muredaig Tirig m. Fíachach Srobthine m. Cairpri Lifechair m. Cormaic Ulfatai m. Airt Óenfir m. Cuind Chétchathaig & genelach coitchenn claindi Cuind Cétchathaig ó sin amach co hÁdam.

¶4]
25] Sic geneloia uera, id est, Colmán m. Lúacháin m. Leda m. Maine m. Díarmata Deirg m. Colmáin Móir Mide .i. na ríg & mac sin Díarmata m. Cerbaill m. Conaill Chremthainne m. Néill Nóigiallaig & is é so óenérlam rogein do chlaind Colmáin ó sin ille, amail is follus sin ó epscop Etchén post ina láid & dlighidh-som


p.6

screpul caithrig do chlaind Colmáin & ech cach rig, in secht blíadain sin uli.

Colmán didiu colomu máinech ic fularng na firmenti, amail isbert Colum Cille ic fulaing tedmand isin sægal amail Iób irisech.
5] Nó dano is imord feda fil and .i. Colmán quasi comlán, ar ní fil erbern {MS folio 75 b 2}de nach mathusa ann-som eter corp & anmain. Nó dano Colmanus quasi columna manus .i. uirtutum, nó manus ad columnia, id est uirtus demicans contra columnia, id est, oprobria scelerum.

¶5]
10] ISsé immurgu slonnad a máthar, id est, Lasaair ingen Cáich Rolach m. Brócán m. Dainil m. Dáire m. Guill (diatát Hí Guill Corca Raidhi) m. Coluim m. Elella m. Baain m. Raidi (diatát Corco Raide) m. Dathí m. Fíachrach m. Maine m. Briain m. Echdach Mugmedóin.

¶6] Lasar didiu, ideo autem Lasar dicibatur .i. ar lasamna a henig,
15] nó ar na lasra nóema rogénetar úade, uel propter pulcritudinem faciei suæ, uel propter placitum imponentis ambo nominati sunt, nó ar áille a haigthi, nó do réir tole Día féin.

¶7] Epscop Etchén dano, issé dorigne curu a máthar fria athair iccon croiss ó Thig Lommáin síar & is andsin dodechaid rath fátsine
20] for epscop Etchén, co n-epert an rann-sa ic taircetul indí Colmáin:

    1. Genfid úait-siu, a Lasair lán,
      mac dia tibrat læich lúathcháin,
      tuir claindi Colmán cen chrád
      Colmán Laindi mac Lúacháin.

¶8] Báttar dano trí bráthir ic Lúachán .i. Anfosaid mac Leda .i. anfisid na díadachtæ hé, nó is ar a utmaille, & Lechit mac Leda .i.
25] amail lic im gaindi a chet nó a thol, nó is cét cach tosach, ut dicitur


p.8

cétfer; Lechet didiu .i. les tosach, ar issé ba sinem díb; & Cumæine mac Leda.i. com-máinib aici nobith dogrés.

Gabsatt dano ferann fo leth {MS folio 76 a 1}co firindech na fir-sin. Gabais cetus Anfosaid Clúain Gamnæ & is úaid rogénetar Húi
5] Mænachán & Húi Móelumæ .i. luchtt Chlúana sin íat immalle, acht is la Húi Mæachán in chell cenae & leth na clúanæ leis. Gabais dano Lechet Ráth Lechet hi Cnámrus. Gabais Cumáine didiu senráith Chúannæ .i. Ráith Chúanna Mór immurgu la Cúanna féin rocumdaiged hí sin. Gabais Lúachán Less an Daire hi cind
10] Átha Daire & arrubairt bith in dú-sin & a sétig immalle friss, & rotuisim-sein secht n-ingena do-sum .i. Brogel & Buidnech & Mongdub & Lúache & Lúachet & Lessar & Trede .i. a sindser hísein. Rotusmid dano .iiii. maic dó, id est, Crónán & Ernáin & Midna .i. medicina doctus est, ar ba liaigh cuirp & anma hé. Robatsed tra in
15] cland-sin ó sacartaib crábdechaib .i. sacairt ule iat na maic-sin, uel quasi medius in ordine nascendi inter filios alios. & dorada fa láim epscoip hi ciund mís & ructha hi ciund secht mblíadna co hanmchairdib & rolégsat hi salma & a n-imna & an-ord n-ecalsa ule léou. Rocoiméta tra co trebar & co genmnaid ó sin immach co
20] cend cethri mblíadna déc cen nach n-ellned cuirp ná anma & roaidbairset féin i n-ógiu don Chomdid ó sein imach.

¶9] Dochúadar tra íarsin fo hÉrind hi tírib cíanaib & rogabsatt cellae & reclésæ indtib. Gabaiss cetus Crónán & Ernáin óenreclés hi Sléib Bladma hó Rus Findglaisiu síar & ní corbat coin ní dó nó eóin
25] ní indti & celd ibrach álaind hí. Gabais immurgu Midna hi Ráith Móir Maigi Descirt hi Cíarraigi Lúachræ. Gabais immurgu Treide & Brogel & Buidnech hi Cill Clúana Gamna. Trede immurgu .i. óna trednaib menci asberar dí. Brogel didiu .i. bréo taitnemach nó brú geal aici. Buidnech didiu .i. búaid enich fuirri, nó báid la cach nech hí, nó arna
30] buidhnib imdæ trosscit aici asberthi dí an t-ainm-sea. Gabais didiu


p.10

Mongdub i cCráeb Ullann .i. dub a folt, nó dubach hí cen mangad gáire, acht a menma a nDía dogrés. Lúache immurgu & Lúachet hi Cill Lúache hi crích Læichsi. Lúache didiu .i. solus hí, ar dicitur lóch .i. solus & loch dorcha. Lúachet .i. sét solus na fírindi. Lesar
5] immurgu .i. ar is les cuirp & anmmæ, nó leges, & hitá cell ale dí i nDelbna Ethræ imMidhi féin .i. Lessar immurgu hi cill i crích Húa Ceindsealaig. Lochet didiu .i. la bloedmadmand crand .i. bid dorcha in chonair la blædaig na crann ic maidm.

¶10] Ó doralæ immurgu Colmán mac Lúachán i mbroinn a máthar,
10] ní rabæ cess ná galar ná guin ná tregat ná tortromad ná amnerti fuirri frisin ré-sin amail is bés do mnáib torchaib. Primum miraculum .i. a brith cen guin, cen tregaitt, cen idain. Ind aidchi immurgu rucad Colmán mac Lúacháin i tír Colmán {MS folio 76 b 1}ó Thigh Lomán fothúaid, dorúacht epscop Etchén in aidchi-sin co Tech Lomáin.
15] Rosfuc immurgu Lommán íarnabárach dochum batsti co hepscop Etchén & robatsed hi Tír na Copán .i. copán usci tucad tar cend an maic & tucad Tír inna Copán do epscop Etchén illóg a batsi & tucad Tír Colmáin do Cholmán mac Lúacháin ar a brith ann. Rofastad dano epscop Etchén in aidchi-sin hi Tig Lommáin & ó tháinicc íarmérgi &
20] ó atrachtatar na cléirig dí .i. Lommán & epscop Etchén, rochúaladar na ceóla adamra imda immon cill cacha lethe & ní clos accu reme ní bad amra nach bad binniu, id est, angil nime ic faóilti fri Colmán mac Lúacháin, amail dorónsat angil neme ceólu imsa adamra immon mBethil cecha lethe aidchi gene Críst. Dotét tra fochétóir rath fátsine
25] for epscop Etchén, co n-epairt in láid-so sís:

¶11]

    1. Amra gein gignither,
      Colmán cáidh cumachtach,
      comairci clann Néill;
      bid nía nertaib nóemchlérech,

      30] bid caindel ard adanta,
      bet ríglaig dia réir.

    2. p.12

      • Bid crábdech, bid cæinsuárech,
        bid cendais, bid conderclech,
        bid credal cáid cáid,
        bid lía lógmar lainderda,

        5] lán do grád na trínóiti
        eter feóil is cnáim.
        • Bid úasal, bid inísel,
          bid coicc1 indraic ilmartra,
          bid mór as cach mud,

          10] bid claideb tromm tendtidi,
          bid scíath díten díthogla
          fri díabul ndær ndub.
          • Nocha bía cair collaidhi
            d'ocht n-airchib na nduálach

            15] {MS folio 76 b 2}hi tegdais a chuirp:
            bid hé in t-ennac ænmenmnach
            eter corp is nóemanmain
            cen nach n-adbar n-uilc.
            • Bid maith la cach cotaigi

              20] Colmán ar a chrábdigi,
              bid sái hi fáthaib fis;
              malartbaid na mórrígu,
              millfid túatha is tigernu
              dia ndernat olc fris.

              • 25] Dobéra cách manchaine
                a chlainne is a chomperta
                do réir dligid dó:
                is lem légbas lebránu
                cacha screptra scélmóire

                30] re táeb saltrach so.

              • p.14

                • Gébaid so secht prímrelgi2
                  fo ríaglaib dia Rómánchaib
                  co ná fagbat péin:
                  cethracha ar cét comlána

                  5] ar secht mblíadnaib búanadblib
                  bid a remes ríglæchda,
                  ní ba sægal snéid.
                  • Ticfa féin3 ar prímFíada
                    hi richt lobair láuderóil

                    10] dia thoroma sein:
                    ni geinfe asa hathilti
                    etir orbaib Elginsi,
                    ní béra brú banscáile
                    nech bus amra gein. Amra gein.

¶12]
15] Ba móte tra grád & serc an meic la muintir a máthar & a athar an taircetul-so dorigne in t-epscop úasal dó. Roailed íarum an mac co crábdhech & co inísel & nocluintis sailm & clascetul & guth cluicc cacha trátha & cocetal aifrind cach domnaig cach airm i mbíd-som, co ticdis na dáine dia íarfaigid; ‘cúich in senadh tánaic sund iróir?’
20] {MS folio 77 a 1} Ó notégtis immurgu isin tech i mbíd-som, andar léo batir lube boladmaræ nóscæiltea isin tech ule & ní bíth ní and acht ésim & a choimétaidi fodesin. Ocus órba slána tra .iii. blíadna de-sim, gabais inad fo leth, id est, Cell Bec ó Lis in Daire sairtúaid .i. a chellsom a céin roba bec hé, conid aire isberar Cell Becc fria & dogníthea


p.16

fertæ imdæ & mírbaile fair-som indti & ní théged etir hi comatreib nách hi cumascc doeine n-imdæ ná dæscarslúaig ná mac mallachta archeanæ.

¶13] Feachtas dano dochúaid Colmán la táin mbó conicci an mBrosnaig
5] ó Chill Bicc síartuáid & ótconnairc scáth an duine isin usci dochúaid som sís ind & is amlaid tarfás dó hé amail chéo solusta & táncatar chuici-som anmanna amlabræ in usci, co fersat .iii. graifne ina fiadnaisi ic faoilti fris, amail bid ed asbertais; ‘Mochen duit, a Cholmán, a thigerna ind usci-sa & in tíre, is duit fogénam-ne co
10] bráth’. Robói tra Colmán fo usci laa & adaig & táinic tirim as amail robói Pól apstal fo usci. Robátar dano na tustidi in eret-sin oc túr an maic & bátar torsig co fríth ina chodlud isin usci. Ó rosíacht tra in máthair chuici cíis cóe foeilti ina fiadnaisi & isbert so:

¶14]

    1. Mo mac, inmain hé
      ind inbaid atcíu,

      15] mo ré-sea ar do ré,
      dar th'ési ní bíu.
      • Rop tosci m'éc féin
        oldás héc mo læig,
        rombía cert is cáin
        triana nert in næim.
        • Bendacht Dé ar in sruth
          nár brethnaig do bás,
          rotlá silliud súas
          dot innium, dot fás.

          • 20] Nírlég Día tonn báis
            dar do bél it broind,
            atlochar dom Ríg,
            rotgab Críst fo choim.
            • {MS folio 77 a 2}An mac báid robói
              nói mísaib im áin
              roaslaig mór n-úar
              isin mBrosnaig báin.4
              • Rotarrgired5 duit
                bat cobair do chách

                25] co mbía túath nach tréith
                fot scéith ar do scáth.
                • An lind for thuil tú
                  sech cach lind bid lat,
                  tæt lemm athaig biuc
                  m'athair is mo mac. Mo mac.


p.18

Táinic iarum Colmán asin usci innís dochum a thustide & gabais co Cild Bicc iar sodain. Romórad ainm Dé & Colmáin triit-sin.

¶15] Araile scél forathmentar sund. Gabais didiu bronngalar tra athair a máthar Colmáin .i. Cáoch Rolach & asbert fria ingin:
5] ‘Tabair in mac chucum .i. Colmán & tabair a lám for mo broind.’ Tucad amlaid-sim & ba slán fochétóir. & romórad ainm Dé & Colmáin triasin firt-sein.

¶16] Arale dano scél forathmentar sund .i. asbert Cæch Rolach fria ingin; ‘Tabair an mac chucum .i. Colmán, co tarta a hanáil fom rosc,
10] ar ní léir dam ní.’ Tucad chuici an mac .i. Colmán & tuc a anál fo rosc & ba slán focétóir & romórad ainm Dé & Colmáin triasin firt-sin.

¶17] Araile scél dano forathmentar sund .i. Mongdub ingen Lúacháin gabais a Cræib Ullan & ba hí ba coicc indti ic Colmán & noticed cach domnaig coLaind do étsecht fri hoifrinn & celebrad a bráthar. & noticed
15] cach laói co leth conaire innúas do dénum a léginn & notéced Colmán súas corecgi séin do dénum accechta dí & rocumsat adrad and, conid de asbert Adrad ingene Lúacháin i Cræbiuch Laindi fris sén.

¶18] Rucad immurgu íarsin hi cind secht mblíadna co hanmcharait crábdig, id est, co hepscop Etchén & ro {MS folio 77 b 1}lég na salma &
20] na himnu & in ord n-ecalsa ule ace. Tictis tra angil co menic do acallaim Colmáin coricci in riglés i mbíd. & roairig a oitti rath mór fair-som sech na daltuda archena. & rogab format na daltada ale fris-sium, & roairig a oitti ésiden & isbert an t-oitti fris-sium; ‘A meic maith, imthig eólus ale do dénum do légind fechtsa & ber
25] bennacht.’ Lauid iarum Colmán dochum Mochuta co Rathen do dénam a léginn lais.

¶19] Araile scél forathmentar sund .i. roedprad do Cholmán mac Lúacháin in reclés ar cúl na hIbraighe ar son na hibraige féin rucad úad tria fornert .i. ótá in ibraig conici in croiss & in srait fil frisin
30] crois indnís & Erechtach .i. erchindech Lainne & Úa hÁengusa erchinnech Cilli Uird icca críchad & secht traigid fichet inti do muindtir Lainne i n-erchomair in meic ecalsa norachad dia oilithre conicci sárugud do Mochuta & do Cholmán & do nóesaib na himirci .i.


p.20

mórfesar ar secht fichtib ar secht cétaib. Mina comailter amlaid sin; Úa Ferchair & Úa Aedacáin & Úa Dercáin & na céle Dé uile ina ráthaiges-sin co bráth & muindter Liss Móir uile. Mochuta cecinit .i. ar a láim do gabáil do Blathmac ó Rathen:

    1. 5] Cethri fichit sé fir déc
      lín clainne Blathmeic, ní brécc,
      ocus cóic cétt déc fa dó
      romarb Mochuta i n-áenló.
      • Rolá in doman bac ar bac
        dá mac déc fil ic Blathmac,
        dá mac deac la cach mac,
        is annsu a rím fria rathmac.
        • Rolá athirruch athbac
          d'éc meic cach húi do Blathmac,

          10] is túalaing in Rí dusrat
          ó Blathmac ná rab tathmet6.

¶20] Ó táinicc immurgu dó-som co hæs secht mblíadna déc, luid dochum Mochuta Lis Móir hi crích Muman for deoradecht asa athardæ féin. Nech tra ar timchill cach aidchi nóroinned do clamrad Mochuta & ba gnáth drong díb co fodord & fo brón raindi. Dogní
15] Colmán dano rainn aidchi dóib amail cách. Ba sáthig dano íat uile & batar buidhig cen fodord ind aidchi-sin. Íarfaigit íarum íarnabárach in chlamrad do Mochutæ ‘Maith ale, cía roroind ar proind dúnn irráir?’ ‘Colmán mac Lúacháin,’ ar an clérech. ‘Dénad cach aidchi dún raind an Colmán cétna,’ ar íat-som. ‘Ar ní fríth sinne uile commbuidech
20] ríam cosiráir.’ ‘Maith aile, a Cholmáin,’ ar Mochuta, ‘déna sút!’ ‘Ac,’ ar Colmán. ‘Atágar antí nach ba buidech do gait neime form.’ ‘Geibim-si form,’ ar Mochutæ, ‘nem duit féin aire & dot manchaib sund co bráth & corab hí a n-elithre Less Mor & an dán cétna dóib sund. & ní bía sonus far in raind, mani taircther dóib-som


p.22

hí nó mane léicther.’ Naiscid Colmán for Mochuta sin uile dó & nighid a láma íarum & dogní rainn dóib. & inde dicitur Colmán Lámglan de-sim ó sin himach. Roindid tra Colmán dóib co cend secht mblíadna & légaid an scriptúr cechtarda ann in n-eret-soin.

¶21]
5] {Ms folio 78 a 1}Fecht and dano gebid treblait mór Colmán mac Lúacháin fri .xxx. laithe & batar brónaig de sein an manaig & tictis dia thoroma cach laithe cosin Ibraig Colmáin meic Lúacháin .i. reclés Colmán hi Lis Mór hésein & luid Mochuta féin leo araile lathe ann dia fis & is a forbæ .xxx. laithe ésein & ba slán ésim íarnabárach
10] fochétóir, conid and asbert Mochutta na rundæ:

¶22]

    1. Colmán Lámglan,
      lór a gile,
      lám fri caire7,
      grád Dé neime.
      • Serc na manach,
        mían don chlamraid,
        cen nach n-erbaid
        ina anmain.

        • 15] Anim lommnán
          d'fis is d'ecna,
          cend cen ocla,
          tend dom frecra.
          • Bánchoic balla
            mo bíd blasta,
            fer fíal fosta,
            grúad glan gasta.
            • Lám an Choimded
              úastu atchim,

              20] leis mo laindia8
              chess chinn9.
              • Comrainn coitchenn
                fiad na huile
                ar grád nime
                dán an duine10.
                • Dia deóin trécis
                  soidnge ar dodaing,
                  ris ní scaraim
                  céin béo i ccoluinn. C.

¶23]
25] Térnaid íarum Colmán mac Lúacháin & línaid rath hé ó mullach co lár. O rosíacht-som immurgo æs .xxx. timairgid celebrad de Mochuta & isbert in clérech ná deónebad úad hé céin beth hi coluind acht co hinad comfacus i n-óentír fris féin im-Mumain armedón & isbert Colmán ná ticfed a hæntír cein co mbad cet lais-sium. Derbait
30] íarum malle a n-óentaid andsin.


p.24

¶24] Fóididh íarum Mochuta é-sim co Dúngal mac Mælfothbil .i. rí Fer Maigi & ba cara séin do Mochuta & dia chlamraid co n-almsanaib mencib biid & étaig dóib & dober Mochuta cóicait manach dia muindtir féin leis co Dúngal. Ó rosíachtatar tra hi cíana ó Lis Mór síar,
5] atcondaircatar buidin móir cuca 'na n-agid & fer marb acu for fúat & síat féin ic golgaire móir. Comraicit íarum Colmán & an buiden út imalle & íarfaigid Colmán díb: ‘Cúich an marb-sa fil occaib?’ ‘Dúngal mac Mæilfothbil,’ ar síat-som. ‘Is cuici-sein ronfóided-ne,’ ol Colmán mac Lúacháin, ‘& is mellad dún a héc co fácbad tír occund
10] & légid for lár hé bicc conasfacamar.’ Dorónad amlaid. ‘Diamad béo tra Dúngal,’ ol an buiden, ‘fogébtha-sa sin uile & cid duit-siu, a nóemCholmáin, nach cuinche for an Comdid a thathbeogud? ar doní Día fort ní nách lugda innás sin & fogénum-ne duit co bráth & fogéna-som féin & a chlann co bráth duit.’ Conid and isbert
15] Colmán in dá rann-sa:

¶25]

    1. A Dúngail óicc feramail,
      it mac flatha fír,
      olc don lucht-sa am lenamain
      do breith-si as do thír.
      • A marbán út tra ale,
        érig, tasce ille,
        bí-sin béo mar táam-ne,
        tiagam síst malle.

20] La sodain tra fochétóir atracht Dúngal & atfét a uile físse tall dóib. Romórad tra glóir & anóir Colmáin meic Lúacháin triasin firt-sin fon Mumain uile. Dobert íarum Dúngal do Cholmán in cóicait bó dia fognam & a roga baile 'na thúaith & a manchine co bráth.

¶26] Dogníther íarum la Colmán mac Lúacháin Cell Uird isin
25] baile-sin {MS folio 78 b 1 }.i. hi Feraib Maigi & is aire isberar Cell Uird fria, ar is inti tósech túarcgabad an t-ord tuc Molaisi leis ó Róim, ar roforaith é-sium ma gabáil ind uird-sin acht co torsed. Robói immurgu annsin Colmán co fertaib imda & mírbuilib cor ba slán .xl. blíadna de eter Mumain & sund ria ndula dó síar .i. secht mblíadna déc díb side sund
30] & a secht ilLis Mór & ósin imach i Cill Uird & ic troscad fo Mumain


p.26

& for Cnuc Brénaind. Ba deochain tra in eret-sin Colmán mac Lúacháin .i. grád manaig immurgu rogab ar tús & asein na gráda ecalsæ.

¶27] Araile scél dano forathmentar .i. in blíadain ria n-éc Mochuta táinic chuici Motura .i. mac ríg Corca Bascind .i. xxx. ammus lais do
5] fognum don Choimdid ic Lis Mór. Rotesctha a foilt & robenta corne ina cendaib la Mochutu & bátar blíadain laiss. Táinic angel dochum Mochuta i cind blíadna & isbert fris; ‘Ní duit-siu tra ro cetaigid na manaig út, acht inad is mó irricfiter a less.’ ‘Cáit dano é-sein?’ ar Mochutu. ‘Múnfaid Día dóib hé,’ ar an t-angel &
10] ‘tabair-siu clocc dóib cin tengaid and & áit ille acu hé, is and bías a n-esérgi & a fognam co bráth’. Cíid tra Mochutu & atfét dóib-som in scél-sin & cíit sium féin co serb & doberar clocc dóib cen tengaid and & troscit rempu aidchi cacha cille & bátar secht blíadna timchill. Érend ón mud-sin & ní labair a cloc frisin ré-sin. Hi cind secht
15] mblíadna iarum iar ngabáil Laindi, is ann rolabair accu a clocc ic tiachtain dochum Lainne ic Adrad Motura. Tecait iarum co Colmán & slaindid in fid lais {MS folio 78 b 2}& doníat tochar mór ó Laind co Tech Laisrend tar Móin Lainne & nascit for Colmán nem dóib féin sund & dia cinél co bráth, conid íat-sin filet isin ulaid fata ar cúl eclaise
20] Colmáin meic Lúacháin & conid desin ata Bernán Moturu ic Laind & bernán Mochutu hé iar fír & mind cotaig isin bale hé & ícaid galra & tedmand imda for dæinib & cethraib .i. dínnech ass & a béim impu fo trí.

¶28] Araile scél forathmentar sund .i. secht meic Mennán meic
25] Mænán meic Feradaig meic Cais ó fuilit Dál Cais & do muindtir Motura dóib. Táncatar na meic-sin día luáin cásca móire do faigde co banairchinnig Lainne & isbert sí ní bái biad lind erlam aici. Érgit-sim immach & síatt dimdaig. Isbertatar fria-si; ‘Rob dimdach cach dám dít fadechtsa.’ ‘Diit is dia, a chlérchiu,’ ar sisi, ‘tabraid


p.28

écc isin escuine ar Día rib.’ ‘Dobéram,’ ar siat-som, ‘.i. dia tucthar proind mórfesir i comainm in laithi-sa dún dogrés cacha blíadna do lind & do bíud.’ ‘Dobérthar ón,’ ar sisi. Conid ósin ille dlegar do banairchinnig Lainne féil mac Mennán do dénum cach lúain cásc .i.
5] proind secht do lind & do bíud do chlérchib Laindi & loim ar son lenna ann, mina raib lind féin.

¶29] 11 Táinic reime íarum i crích Midhe do thoroma a charutt & a aitte .i. epscop Etchén & ó rosíacht immurgu co Cill Big & fegaoidh inadh cille ar brú tsrotha ar gaire éiscc & usci and .i. i cind Átha Daire.
10] Claoiditt íarum na {MS folio 79 a 1}manaoigh múr mór timchell na cille-sin & bat saothraoigh & bat scítthaig íatt asa aithle. Táinic aingel and aidci sin go Colmán & asbert fris; ‘Cid mór do tsaothar, a Cholmáin, ní sund bett do manaoig nách do eiséirge féin.’ Cíis iarum Colmán co serbh & asbeart; ‘Cia pudhur fil sund etir?’
15] Asbert Uictuir aingel dósum; ‘Óen cach cett sund dochum nime & óen cach cett immurgu dochum n-ifrinn asin bale notbérthar-su imárach.’ Nascid Colmán sin for Uictuir angel & atbert Uictuir; ‘Ticfe oiss cucutt imárach, a Cholmáin, do imchur do lebhor & bérat éolus remut a Fidh Dorcha síar imárach & cumfat reilicc duit annsin
20] & slaidfett a cranda.’ Dorónadh trath amhlaidh-sin íarnamárach, conid íar slaide na reilgi asbert an t-angel: ‘ Ittá sund, a chléirigh, inad lainde do maccaib Lúacháin.’ ‘Bid hé-sin a ainm co bráth,’ ar Colmán, ‘.i. Lann mac Lúacháin.’ Conid and asbert an t-angel inn so dia comdídnad a thorse Colmáin meic Lúacháin:

¶30]


    1. 25] Colmán Lainde
      flatha fine,
      noco píantar
      fora n-íatur
      úr a chille.
      • Mór a saothur
        riana manchaib,
        muindter nime
        bít 'ca charthain.

      • p.30

        • Ní fil áige
          'na chorp chomgeal
          nár lín uile
          grádh in Choimded.
          • Óen cach cetta
            maith12 da muinntir,
            dochum péne,
            ní ris tuilltir.

            • 5] An drécht éisium
              nách cóir creidim,
              nád roich cretair
              'na corp eidir.
              • Buidne d'anglib
                ar a rográdh
                bít ic amrán
                caithche im Colmán. Colmán Lainne.

¶31] Slaidit íarum na manaoig in fid archena. Luid immurgu
10] Colmán co epscop Etchén co tísad chuice do cosecrad a relge lais. Táinic amlaid epscop Etchén & asbert fri {MS folio 79 a 2}Colmán úasalgrád saccairt do eritin lais-sium isin chargus ar cind & fóemaid Colmán úadh. Lotar tra andsen cuci-sum dá Colmán ele .i. Colmán Eala & Colmán Comraire, co tíastis i n-óenfecht do eritin grád co epscop
15] Etchén. Rofoillsighed dano do epscop Etchén a mbith for conair cuce .i. céol angelacda atclos dó an laithi-sin, conid de asbert epscop Ettchén:

¶32]

    1. Do Chríst atlochar-sa,
      atcíu slógh n-angel
      cucum dom thoramha,
      is amra an chaingen.

      • 20] Nomaidlet ilcéola
        na flatha nime,
        rolethsat archangel
        tar firu bile.
        • Bíaid relec d'archanglib
          im chlúain co clothur,
          do dín ma degmainche,
          do Chríst atlochur.

¶33] I n-óenfect rosechat íarum na trí Colmáin co Clúain Fota &
25] feraidh epscop Etchén fáilti móir friu. Doníter íarum .iii. dabcha fottraicthi dáib a n-óenfect ar ná digsed nech díb i n-athinlatt araile, id est .i. dabach ibair co circlaib ibair & dabach darach co circlaib sailech & dabach darach co circlaib ibair. Érgit tra na trí Colmáin a n-óenfect chucu.13 Téid Colmán Ela isin dabaig ibair co circlaib ibair.
30] Téit immurgu Colmán mac Lúacháin isin dabaig darach co circlaib ibair. Téit immurgu Colmán Comraire isin dabaig darach co circlaib sailech. Is and asbert epscop Etchén; ‘Is amlaid sin tra bett far gráda i talmain, a cholamhna inmaine, id est: bid epscop co n-onóir


p.32

epscuip inntí fil isin dabaig ibair co circlaib ibair; bid sacart immurgu co n-onóir espuic intí fil isin dabaig darach co circlaib ibair; bid deochain immurgu co cádhus sacairt intí fil isin dabaig darach co circlaib sailech.’ Iarnabárach tra rofurmethe gráda forru-sum fan
5] inas-sin & rofastait and oidchi sin i Clúain Fota, conid de asbert epscop Etchén in duchand-sa dia formolad na Colmán:

¶34]

    1. Inmuin tríar táet and
      co Clúain Fota fond,
      da fuirgther dar amm
      ní fulangtha glond.
      • 14{MS folio 79 b 1}Na Colmáin can cacht,
        is anfáil a nert,

        10] gabsat cennacht móir,
        ar is dóib rodlecht.
        • Bid óennert a nert
          óndiu co tí bráth,
          tic indem na túath
          dá cinniud for cách.
          • Temair ní bía i mbrón
            do gar ná do chían,
            cid duilig a dál,
            mat buidhigh an tríar.

            • 15] An tUltach mór maith
              is áilliu for bith
              is gnúis hi fil rath,
              nístráeth cath ná cith.
              • Gabais ilar cell
                im chocricha cnes,
                is hé an romac ríg,
                is díon ar cach tress.
                • An Conaillech cass,
                  mairgc dotuchre friss,

                  20] iss é in frecraid fis,
                  is ecnaid cach fis.15
                  • As comrar cét rún
                    a chridhi sech cách,
                    a árus cen fúath
                    bidh cádus co bráth.
                    • Mo daltán-sa féin
                      do Chlúain Colmáin Móir,
                      mochin drem dan dín,
                      ba hé cenn ar slóigh.

                      • 25] As rélta co rath
                        ónid sorcha in bith,
                        inmain bríg cen brath,
                        ruslín rath 'na rith.

                      • p.34

                        • Cid lethard a ngrád
                          bat comuáisle ar neim,
                          ní fil díb nách fíal
                          im bíad is im digh.
                          • Rochind for cach æn
                            mac Lúacháin na lenn,
                            ní techt Ériu oll
                            is féliu ná is fearr.

                            • 5] As mochean an dám
                              innair is aníar,
                              im imdaidh cen brón,
                              is inmain in tríar. Inmain.

¶35] Dorónsat íarum a n-æntaid ann-sin .i. na trí Colmáin & epscop Etchén & Mochúa mac Nemaind in-nem & a talmain & lotar íarsin dia cellaib dílsib & a n-ænfecht rogabsat na trí Colmáin grádha & Mochúa.
10] Conid ænchell ósin ille Land & Clúain Fota & Tech Mochúa .i. íarthar cille Lann & medón cille Clúain Fotta & ærthar cille Tech Mochúa. Táncatar tra manaig imda co Colmán mac Lúacháin & sléchtsat dó & aidbret manchine a clann & a cinél co bráth dó.

¶36] Araile scél forathmentar sund. Luid Colmán{MS folio 79 b 2}
15] mac Lúacháin do chungid faghdi feraind co hAnfosaid mac Leda & ní tard dó acht gáire uime. ‘Bid sothech fonámait & gáire fer t'inaid co bráth,’ ar Colmán, ‘& is dam-sa fogénus t'ferann & do chomarba co bráth.’ Ocus atbert Colmán béus maidm for cách ina bía nech úaithe co bráth, mina raib cach duine for barr a clúaisi
20] deisi .i. hi cinaid an fonámait doróne im Colmán, is uime rofácaib Colmán dóib so. & is uáid so rogénetar Hí Manchán & Húi Máelumæ & lucht na Cluána sin íatt malle.

¶37] Rochuindigh dano faghde for Lechet & is úada-so rogénetar Húi Leccett ic Lainn & isbert side; ‘Ní fuil dom ferann acht inat
25] óentighi.’ ‘Ní bía acat co bráth acht óentech óniu himach,’ ar Colmán, ‘& bidh dam-sa foghéna do thír & do chomarba.’ Rochuindigh didiu faghdi for Chumíne mac Ledha & is uáid-sin rogénetar Meic Airechtaigh .i. airchindig Lainde íad-sein & is ed isbert sein; ‘Mo thír uile duit, a mec inmain, ar ní fil comarba acam féin.’ ‘Bíaid


p.36

comforba acat-sa didiu,’ ar Colmán, ‘& is é bus comforba dam-sa co bráth.’ Roráidhsit immurgu na manaigh; ‘Is cúanna & is brígach an lánamain .i. Cumaine mac Leda & Brígh ingen Chomgaill ingen ríg Delbna Móire. Dia mbeith mac accu, toich dó ciamad Chúanna hé.’
5] ‘Is amlaid bías,’ ar Colmán. Conráncatar íarum an lánamain an aidche-sin & ro compred íarum mac de & rucad an mac a cind nói mís & rucad dia baisted co Colmán mac Lúacháin. & doratad Cúanda fair & rogab etal báidhi an cléirech uime & atbert: ‘Tabair an mac inn-ucht mo chochaill buic colléc, dom-{MS folio 80 a 1}ánicc etal báidhi imme.’
10] Tucad amlaid & rogab an mac bec lán a lám do chochall an chlérig, conid ann isbert Colmán; ‘Is ferr an fer bec-sa oldaiti na fir tuc éra form-sa immo ferann.’ Conid ann atbert:

¶38]

    1. Fearr fer andát fir,
      ait leam ní día feil,
      do Chríst beirim buidhi
      an duine nongeib.

      • 15] Nomgeb is notgéab,
        bíaid ar fine fót,
        inmain áighe sútt,
        indiú is áigi ócc.
        • Bendacht for an mbroind
          rocomper for lár,
          mo bennacht ort féin
          notlenfa an céin már.
          • Biáid cendacht mo chell
            is mo thíre teinn

            20] im degaid cot chlaind
            cen mebail, cin meing.
            • Anfossaid dúr dían
              ocus Lechet lonn
              bet got fognam sund,
              bid erlom do glond.
              • Nocha faigbe bás
                gurbat senóir crín,
                raga ar nem iar tain,
                bidh hé sin do díl.

                • 25] Cen díth ar do chlaind
                  an céin beó-sa ar neim,
                  bid leó an chell céin máir,
                  ferr fear andát fir. Ferr.

Pennachais tra Colmán mac Lúacháin Cúanna fon cuma-sin. ‘Is fo síd tra scairthi,’ ar na manaig re Colmán. ‘Bid cend sída dogrés in gen-se & fer a inaid día éis,’ ar Colmán.

¶39]
30] Dá aicme immurgu robátar hi Fidh Dorcha ar cind Colmáin maic Lúacháin, id est Hí Dubáin Caille & Húi Dubáin Maige.


p.38

Táncatar malle dochum Colmáin & dorónsat a manchine dó eter bás & bethaid & a ferann ar bithdílsi co bráth, conid síatt is fine griein ac Laind ósin alle. & dobert an rí do-som a sære dóib co bráth úaith féin &ó cach ríg 'na diáid co bráth ar cís ríg & flatha. Is síatt-so baileda
5] Hú {MS folio 80 a 2}nDubán .i. Less na Fingaile cona dib lessaib beca & Less Dubán ar cúl Less Grúccáin & Less Droignéin ó Liss Grúccáin ille & Rúa Mór Corracán & Clúain Dam & Tulach Lín tall ó Chill Caca ? ille anúass & Teach Conán .i. Conán mac Fiachraidh meic Dubán meic Ailella ó filet cenél Ailella i Feraib Tulaig & Ráith Criti & Ráith
10] Inraith & Ráithín an Usci & Ráith an Midg & Cræb Ullan & Ráith Spelán cona muine dercan & Gortín Grogín &Tír na Leici allanuás de & Tech meic Conba & Ráith Cairech & Less na Con allanair de & Clúain Mæil & Loch Corr & Tír Bæthán & Tulach Rúad & a ndílsi uile do Cholmán mac Lúacháin & don Choimdid co bráth ó ríg & ó chíss na
15] flatha & na túaithe archeanæ.

¶40] Araile scél forathmentar sund .i. certt amræ robói do muindtir Tigi Conán hic Laind .i. Anníaraid a ainm-sen, co ndernæ srían co n-ór & co n-airget do ríg Húa Failgi & berid buddess día reic. Is ann imarco doralæ mac Coisemnaig ac a crochad ar a chind & ba
20] hingnad la hAnníaraid é-sein. Isbert immurgu Anníaraid frisan ríg: ‘Bráthair dam-sa sútt & ná crochthar hé!’ ‘Doragha duit-siu dá bái déc dia chind an tsréin ná an cimidh,’ ar an rí. ‘Is é mo rogæ an cimid,’ ar an cerd. Tecaid malle indeass .i. an cerd & Mac Coisemnaig. Dobeir Mac Coisemnaig lóg a sréin don cherd íarna
25] chuingid dó fair .i. Ráth Speláin cona muine dergan dó ar son an dá bó déc útt tárcas dó do chind a sréin, úair ba ferr leis aná marbad féin a tabairt do Anníaraid. Dobeir immurgu {MS folio 80 b 1}Anníaraid do Día & do Cholmán co bráth.

¶41] Araile scél forathmentar sund .i. Anníarraid cerd do
30] muinntir Tigi Conán. Tarb robói aici & nocha ferr leis beith ar búaib ná ar graigib Mælsechlainn, conid de sin atberthea Grogín friss. Araile láa immurgu tánicc Grogín ó purt Indsi na Cairrgi dia thigh, co tarla for sechrán hi ngurt meic do Choisemnach hé. Tánicc


p.40

immurgu Mac Coisemnaig do chuártugud a gart & fúair Grogín indtib & ruácaid hé, co rominaig a chalpthæ. Indisid Anníaraid ésein do Mælsechlainn. Is sí imargo breth rucc Mælsechlainn, an ferand ar minaig á chalptha do thabairt do Anníarraid ná íc
5] Grogín. Conid de isberar Gortín Grogín fris ósin alle. Doratt immurgu Anníarraid éside do Día & do Cholmán co bráth. Tír na Leici immurgu, rí Midhi doratt do Cholmán ésiden ar na demnæ robói ac a athaigi do indarba esti, úair romillsitt mór istír. Tech Conán immurgu .i. tech n-abad Colmáin meic Lúacháin ésiden & ní dlig nech
10] ní de acht comarba Colmán. Úair atá ordu Colmáin isin ulaid a ndorus an tigi n-abad & biid timthirecht angel ann cacha aidchi lúoin. Ráth Cridi immurgu ón mud chétnæ & Achad an Pubaill ón mud chéttna, úair pupall Colmáin robói ann & it sæire sin uile ó chís ríg & flatha & tuaithe archenæ.

¶42]
15] Dorónad tra tempall íarum dermár la Colmán mac Lúacháin ac Laind & tinóled tinchur fleidhi móire lais dia bennachad a thempuil ó epscopaib úaislib. Dorónad iarum in flead {MS folio 80 b 2}& tinólta cuici næim imdæ da gach leth & tuctha trí epscuip cuici fri bennachad an tempuil .i. epscop Conchraid & epscop Etchén & Colmán
20] Ealæ an tres epscop. Dorúachtt dano an aidchi-sin Fursæ crábdech co Laind & rotoimled íarum an fled fon cumæ-sin & dorónsat uile derbad a n-æntad íarnabárach fri Fursæ & robennachsat ule an tempul & an roilecc archeana, conid annsin asbert Colmán mac Lúacháin: ‘Mo manaig ar do chomairgi, a Fursæ!’ ar Colmán. ‘Gebim,’ ar Fursæ,
25] ‘dia torsett chucam am relecc.’ ‘Rososett ón,’ ar Colmán, ‘ar bíaid relecc acat-sa im releicc-sea armedón sund ac Laind.’ ‘Biid dano,’ ar Fursæ, ‘& bid ailithri dot manchaib-siu indti amail cach releic acum-sa.’ ‘Mo manaig ar do chomairci dino, a epscuip Etchén!’ ar Colmán mac Lúacháin. ‘Gebim-si íatt,’ ar epscop Etchén, ‘dia
30] torsett chucam.’ ‘Rososet són,’ ar Colmán, ‘ar bíaid relecc a fus acatt.’ ‘Bid dano,’ ar epscop Etchén, ‘bid ailithri dot manchaib-siu indti amail bís a Clúain Fotta.’ ‘Mo manaig dano ar bar comairci-si, a Cholmáin Eala & a Cholmáin Comraire!’ ar Colmán mac


p.42

Lúacháin. ‘Gabmait-ne ón,’ ar síat-san, ‘dia torset cucaind imáin.’ ‘Ronsoset són,’ ar Colmán, ‘ar bidh lib-siu trían mo relgi-si.’ Rorandsat íarum an releic i trí fon cuma-sin .i. an trían imon ulaid Fursæ la Fursæ féin & an trían iman ulaid epscuip Etchén la epscop
5] Etchén féin. Ósin amach immurgu lasna trí Colmánu cona næmaib æntad & cataig archeanæ .i. Lommán & Samthann & na trí dísertaig & Úa Súanaig & Mochuta & Mædócc & næim Érenn do neoch robói a nDruimm Ceatæ, {MS folio 81 a 1}conid cell chottaig tra amlaid-sin do manchaib Colmáin meic Lúacháin a chell féin & nem dóib indti.
10] Bennachais íarum Fursæ an cill íarnabárach ule archenæ.

¶43] Táncatar dano chuici-sim bráthair a senathar .i. clanna Forandán meic Læda Find meic Mane & aidbrait a manchine co bráth dó & doberatt bale dia ferann díles dó ina screpul soscélæ .i. Léna ésidein. & doníther cell ann la Colmán mac Lúacháin & noerbered
15] bith co menic innti-sen eter a manchu tair.

¶44] Araile fecht dano luid Colmán mac Lúacháin co Léna a nÚib Forannán do thoroma a manach & a chille & is annsin doralæ rí Érenn i nDún Léime ind Eich & delg co n-acais ina chois, co nderna tart ar feith inti. & issé an rí hísin .i. Domnall mac Áeda meic
20] Ainmirech meic Congail Chindmagair meic Sétna meic Fergusa meic Conaill Gulban meic Néill Nóigíallaig. Bói sein didiu a n-amlabrae blíadain isin dún-sin & ní chungaidis lege hÉrenn ní dó. Ótcuás dó immurgu Colmán mac Lúacháin do bith ana chill féin ic Léna, tíagar ón ríg for a chend & atfæt an rí riss: ‘Do breth féin
25] duit & slánaig mo choss, ar is túailnge tú & doní Día fort ní is dolge andás sin.’ Dogní íarum Colmán ernaigthi fria chois & isbert: ‘Tabair do chois for an cloich-sea & is cett don delg fil it chois-siu daul indti.’ Dorónad tra amlaid-sin & ba slán fochétóir an choss.

¶45]
30] Sé ríg tra díb-so rogab Temraig díaid a ndíaid cen nech do síl Cholmáin Móir & Díarmata meic Cerbaill hi Temraig ind oirett-sin .i.


p.44

Ainmere mac Sétna & a dá mac .i. Áed & a dá mac sein .i. Mælcaba & Domnall {MS folio 81 a 2}dá mac Mæilchaba. Is annsin dorat Domnall Dún Léime ind Eich do Cholmán & doní Colmán cill andsin & relec & nobíd indti co menic & robói tri cargais ann-Úaim Cholmáin isin
5] carraicc ar cúl an dúine & a agaid for Bóinn immach & na secht mbale déc bátar 'ca fognum ac Domnall & ic cach ríg ele reime & dá seabac selga bátar aci; & a saoire co bráth do bráthrib a senathar .i. clanna Forannán & Aedæ Find & Mane & Colmán mac Lúacháin mac Leda meic Maine éisium & asbert Colmán immurgu: ‘Cid bé rí tí tar an
10] saoire-se co bráth, a cétt oiret-sin dia crích & dia ferann féin do easbaid fair.’ & isbert Colmán béus: ‘A chétt comlín-sin immurgu do esbaid ó ríg Temrach antan chuinighfes císs nó bés forru-sum & maidm fair an cath ule i mbiad nech díb-so, mad ar éicin berar íatt himach.’ Is and asbert Colmán: ‘Cid bé ergabus én díb sútt, a brith co ríg Temrach
15] & tabrad sein secht mbæ are, mane fagba ar lóg bus lugha & lécid ass hé de mullach a chind & ní gébthar ris co cend secht mblíadna & ní benfaidhter de an cend-sin co bráth & bíaid aidchi n-ármaigh.’ & dorat sæire co bráth dia muindtir eter na cella afus cona muindtir & na cella a nÚib Forannán co lucht a fognama tair .i. secht mbale déc & na trí
20] cella fil indtib do Cholmán. & dlegar ósin ille hi sic flaithe Úa Forannán & a fir bale co Laind dia n-adlacad. & síat ósin amach isna cellaib tair & máoir ó Laind isna cellaib tair .i. Húi Bráonán & Húi Máolbethad do muindtir Laindi íad-sein immalle .i. do goibnib Laindi íad ó Thulaig Lonán. Is léo {MS folio 81 b 1}so tra trian éttaig na marb
25] tair & trian rachaill tair ar chomét dligid ecalsa dóib.

¶46] Araile scél dano forathmentar sund .i. laithiu bói Colmán ana


p.46

chill ac Leiss Dochuinn matan tsamraid tráth terti élusset tra bæ an bale dochum na læg & na láoig 'na rith chucu-som & ótchonnairc Colmán sin, sáidhidh-sium a macbachaill isin cloich eturra & smachtais forru & féimditt na láoigh imdecht asan maigin-sin & féimditt na
5] bái imthecht chuca-som don leth aile. Tastait iarum immalle fon cuma-sin co hetrad & conéracht cách. & atá a hinatt isin cloich béus & is ann atá an chloch hísin etir Chuillind Móir & Chuillind Bicc hi medhón. & romórad dano ainm Dé & Cholmáin triasin firt-sin. Conid de sin asbeir an bachall bís eter na bú & na lægu ria ósin ille &
10] macbachall a ainm riasin firt-sin, ar bith na láim na macæim. Is sí-sin mind dlegar do bith a nÚib Forannán isna cellaib.

¶47] Araile fecht dano tánicc chuici rí Fer Tulach .i. Onchú mac Sárán & sléchtais dó & cuinchis ascaid for Colmán mac Lúacháin, id est, comad hé Colmán tidlaiced sacarbaic dó ria techt dochum na
15] todóchaide & faomaid Colmán dó-som sin .i. ná bad marb hé co mbeithsom fria hudacht a báis. & isbert Onchú: ‘Cid duit, a chléirig, cen claind do chuinchid dam-sa co fognat duit féin co bráth?’ Conid ann isbert Colmán:

    1. Bíaid mac amra acat-sa,
      a Onchú cen gaindi,

      20] bid dalta, bid degmanach
      do Cholmán lámglan Laide.

¶48] Araile fecht luid Colmán mac Lúacháin co Dún na Caircci hi Midi. Is {MS folio 81 b 2}ann doralæ Onchú mac Sárán marb sechtmain reime a n-Indsi na Caircci. Lauid Colmán chuici & isbert fris: ‘Rogellsam-ne ém ale ná raghtha-sa báss comad mesiu
25] doberad sacarbaic duit.’ & doirtid Colmán trí tonna asan findfáidech 'na chenn. ‘Is cet duit érgi a súan báis a n-aóis bar .xxx., ar at senóir cetus anoisin,’ conid andsin dorónsat an imacallaim-so sís:

¶49]

    C. :

    1. A Onchú, tócaib do chend
      eter ócaib na hÉrenn,
      fattæ do suán, ná bí a spruc,
      sechtmain lomlán fo t'ænbrut.

    p.48

    O. :

    1. Tasci cucam, geb mo láim,
      a meic lainnerda Lúacháin,
      curotimnor, gním cen acht,
      mór don ingnad atconnarc.

    C. :


    1. 5] Abair rim an rét-sa ar tús,
      tacair lat ní dot imthús,
      nan exit menman roba
      an scarad cuirp is anma?

    O. :

    1. Ruccad m'anaim úaim i céin
      sech ifernn n-úathmar n-acbéil

      10] dochum ríchid an Ríg ráin
      fil cin díchlith, cen dígbáil.
    2. Airm a fil slánti ocus síd
      ocus fáilti can imsním,
      céol can chumsanad, cen chol,
      betha cen báss, cen bægol.

    3. 15] Aoiti cen sentaid do gréss,
      solsi, suthaine, sobés,
      frecnarcus Ríg secht neime
      aongen Maire ingene.

    C. :

    1. Cid dotuc anall for cúl?
      indis dún ní dot imthús,
      mesa in tír-si ná an tír tall,
      a meic Sárán, a særchlann.

    O. :


    1. 20] A meic Lúacháin, láthar nglé,
      do chlaind Conaill Chremthainne,
      issed romléc-se dom thaig
      dot anóir 's ind Airmedaig.

    C. :

    1. Airmedach Subne mar tá
      meic Colmáin meic Díarmata,

      25] dosrat an Coimdiu, caóin clú,
      co fil fon loch, a Onchú.
    2. Cid dobere dam am réir,
      a Onchú cruthglan comféil,
      an ba manchine mín mhas,
      in ba féith, in ferannas?

    O. :

    1. {MS folio 82 a 1}Mo manchine is duit rodétt
      eter bethaid ocus écc,

      30] screpul fóss is cúairt is cáin
      duit, a Cholmáin meic Lúacháin.

    C. :

    1. Ca métt na cánæ coéme
      eter séotu is ardmæine,
      abbair rind, fáth cen on,
      coná rab ar imreson.

    p.50

    O. :

    1. Secht mbargen cach duine dáir,
      screpol cech eich, cech óclæig,
      cét ech cech dalta mín modh,
      muinci, srían is erchomal.

    2. 5] Tiucme ? cach tened tailc tréin
      i n-acus,a n-eterchéin,
      dinit cacha mná maithe
      mane tarset anflaithe.
    3. Dechmad étála cech óen
      bías cen faitches, cen domaoin,
      lenn cech ríglaig, monar nglé,
      blæ lín cecha caillige.

    4. 10] Caór iaraind cech gabann, gairm grinn,
      céin bes atreb hi nÉrinn,
      hech cech slíasta duit re tæb
      cin in ? secht blíadna
      bláthchæm.
    5. Duit-siu, a Cholmáin, an cech tan
      bæ, muca, eich,
      15] óigit-?,
      daim is cáirig immalle,
      capaill, cairr ocus ere.
    6. Do ríar duit, a chléirig cáid,
      a degmic lámglain Lúacháin,
      co rísat do réir ríagla
      do Laind cecha ænblíadna.

    C. :


    1. 20] Bendacht duine, bendacht Dé,
      robet ort ule 'malle,
      fort chlaind, fort chiniud cen cess
      nachustarla anfaitchess,
      bennacht fort chéill is fort chlú,
      bennacht fort féin, a Onchú. A.

    O. :


    1. 25] Bennachfet-sa in indsi, a fir,
      a Cholmáin cáid, a chlérig,
      ar ní cían ó tír in treb
      co rab tairisi a atreb.

    C. :

    1. Sonus lomma is lenna lir,
      buáid comairle in cech caingin,

      30] búaid comperta, clú co mbail,
      búaid creiche adiu, buáid slúagaid.
    2. Trí lán ma chluic d'usci úar
      do chur esti a n-agaid slúag,
      innreth t'innse tairis sin
      ní drónfat Gaill is Gædil.

    p.52

    O. :

  1. Dechmad na hindsi cen ail
    's a almsa bíd is étaig,
    re tæb cach cruid feb is cóir
    berar duit co Lainn lánmóir.
  2. C. :

    1. Céin bethir indti dom réir
      i n-acus, a n-etercéin,
      ní bía terca bíd nach
      at alén ard, a Onchú. A.
    2. Clann Onchon cubaid comlán
      ocus macne Mælodrán,
      {MS folio 82 a 2}ní béra demon díb nech
      cen corop óg nó aithrigech,
      mo chrábud tenu as cach
      do snádad lemm, a Onchú A.

¶50]
10] Bendachais íarum Colmán an ferann in Dúne na Carrge imuich íarsin. Is annsin rocuinnichsit lucht na Cairgci topur fírusci do fácbáil acu. Sáidid íarum Colmán a bachaill isin léna na Carrcci & boccaid immacúairt hí & isbert: ‘Is cet don inat-sa topur amræ co bráth and.’ Brúchtais fochétóir srúaim usci anusin, conid Tipra
15] Colmáin a ainm ósin ille & ícaid gallræ & tedmann imda fri troscud aici. An carragc-sa tra, port ríg Fer Tulach hí dogrés co tánic ingen meic Conchubair .i. ben Conchubair húi Mælsechlainn, co ruc an rí ar éicin hí & an rígan ó ríg Fer Tulach .i. Cúchaille mac Dublaide ésidein, co rosáraiged uimpi .i. a athrígad nó a dílsiugad do rígain Midi .i. isísin
20] cétben díb ruc hí & cách ar a slicht-sin ósin alle & ní díles hí ó ríg Fer Tulach & dligid Colmán a dechmaid-sin ón mud chétna cid cía bes inti, úair is é robennach hí. & is la Colmán mac Lúacháin dechmad an dúine amuig a a Purt na hIndsi, úair is é doratt tí dia bachaill 'na timchill ac a bennachad & sonus lommæ & lenda & cech bíd
25] arch-enæ sund dogrés & búaid comperta & buáid creach & búaid slúagaid ódíu co bráth & dechmad trethan & úarán fon mud chétnæ, úair is é robennach íatt ule & is la Mominócc dechmad indsi Locha Maigi Úath, úair is é robendach hí & is lá Hú Tegtechán bith for in cléith dála & an t-escra ana láim & is la Híb Domnnán
30] cúlchomét ríg Fer Tulach .i. lucht in bale iartharaig íatt

¶51] {MS folio 82 b 1}Araile laithiu tra bói Colmán isin Carraig-sin co táncatar rígraid an tíre chuici do étsechtt fria hoifrenn & celebrad


p.54

acgi-sium. Tecatt ule timchell relgi íar n-afrinn co cúalattar égem ac na cúrchaib 'na fíadnaisi. La sodhain tra fégaitt uli & atchíatt na conu cucu 'na rith. ‘A Cholmáin, ar do chumachtæ,’ ar an rígan, ‘tesaircc dam-sa mo chúrcha & rotbía-su úanmolt díb cecha blíadna.’
5] Smachtais iarum Colmán forna fáolchonu & tastaitt isin magin-sin. Romórad dano a ainm Dé & Colmáin triasin firt-sin, conid ann asbert an rígan fri Colmán; ‘Geb aráit dam-sa fechtsa im na cúrcha dia comgi ar na conu alltæ.’ Is de sin asbert Colmán; ‘Geb-siu an randsa impu matan & fescar & nístomlett na conu alltæ íatt co bráth.’

    1. 10] Mo cháoirig
      robet ar seilb an óenfir!
      for seilb Colmáin meic Lúacháin
      curbat úagsláin mo cháoirig.

Cach nech tra gébus sin ima chúrchu, ní millfett coin allta íatt, conid de sin dlighes Colmán úanmolt cech alb ín a nÉirinn ar a
15] cométt ar conaib allta.

¶52] Araile fecht didiu dogníed mórdál Dromæ Ceta la rígaib Éirenn im Cholum Cille. Ránicc íarum cách16 inti as cach aird. Is íatt immurgu triar dédenach ránic íar cách inti, na trí Colmáin móra Midhi & ba dorcha in adaig antan rosíachtadur & ní
20] raibi adbar tened nó boithe acu de sin. Ruccad íarum a fis-sin co Colum Cille & roferad fáoilti friu úadha & rolaad gairm escaire for naomaib hÉrenn, id est, crann do cach tenid & slat & sop cacha boithe dona tri Colmána móræ Midhi. Tucad íarum dóib-sium sin fon cumasin. Rofíarfaigsit didiu naoim hÉrenn íarnabárach do Cholum
25] Cille: ‘Cindus cléirig íat-som {MS folio 82 b 2}na trí Colmána dia ronfagde den hiréir?’ Conid ann isbert Colum Cille; ‘Cid mór sunn andíu oirecht naom hÉrenn, gellaim-si fíad Día nách lugha oirecht na trí Colmán útt for neim oldás an t-oirecht-sa & gellaim fíad an Trínóit, dia tæthsad neam anúas for clár an talman, co tocébdais na trí Colmáin
30] út co ndernannaib hé suás doridhisiu ina sosad aicenta.’ Becc tra do sein la cach naom a nert féin a næmaib hÉrenn ar métt na testa-sin tuc Colum Cille forru-som. Rochuinichset íarum naoim hÉrenn cotach for na trí Colmánu & faomait sium an cottach-sin do dénum


p.56

friú & doníther an cotach íarsin hi fíadnaisi Coluim Chille, co fil ósin alle cotach a manach-som fri naomaib hÉirenn .i. do neoch díb tarraid an mórdáil Droma Ceta cettus.

¶53] In fecht immurgu táinic Colmán mac Lúacháin co Laind,
5] is ann robói Conchraid epscop hi Tír an Dísirt ara chind. Ótchúala íarum guth cluicc Colmáin meic Lúacháin tánicc chuici & isbert fris: ‘Mochean duit, a Cholmáin, is duit fogéna an fid-sa co bráth .i. Fid Dorchæ & fogénam-ne co bráth. Dorónad tra amlaid-sin & robái Conchraid íarsin ac Colmán mar cach ndeiscipal acci. Arale fecht
10] and faomaid umalóitt do dénum do Cholmán & da manchaib archena .i. bith ac a manchaib & aci buddéin ac a ndamaib & robói ré fotta acu .i. hi Clúain Dam & is de-sin aderar Clúain Dam ósin alle ria.’

¶54] Araile fecht ann immurgu gatar dam díb ó Chonchraid. Luitth Conchraid ina lurgc & a chlocc ina láim & cech húair nothéged dia
15] lurgc nobenad a chlogc aigci & dorónsatar amlaid-sin co rángcatar Caill Cellán hi Feraib Tulach & is ann sin robáttur {MS folio 83 a 1}na merligh ac fennad a doim ar a chind & cuinchis Conchraid forru hé & doberatt na merlig dó hé & atbert an clérech friss; ‘Is cett duit érgi.’ Ro érig an dain focétóir. Ótconncatar na meirlig sin fóbrait
20] sléchtain dó. ‘Ac,’ ar Conchraid, ‘sléchtaid dom aitín .i. do Cholmán.’ Sléchtaid íarsin do Cholmán & doberatt a manchine dó co bráth. Isbert Colmán fri Conchraid; ‘Geb inatt ale hi fecht sa.’ ‘Cuindig dano inat tighi dam-sa for Conall, co ndernar cill ann & fogénam-ne duit ann co bráth.’ Dorónad amlaid-sin & doratt Conall
25] inatt tighi do Cholmán mac Lúacháin, conid de isberar Tech Colmáin i n-úachtur Fer Tulach. Bennachatt malle an cill-sin & sáoratt ar císs flatha hí. & fáccbaidh Colmán Conchraidh inti fria láim, conid la Colmán hí ósin alle. & iar foirinn aili dano comad la Colmán notísad hille Conchraid & nách ar a chind robói hi sic abus etir hé & comad iar
30] ndul adíu nogabad Tír an Dísirt. & isbert Colmán: ‘Ní cett lind do


p.58

beith ann-sin, a Chonchraid,’ conid ann sin rochuinidh inatt for Conall & atberatt arale in clogc robói hi láim Conchraidh ar lurgc a daim, issé fil a Clúain Mescán hi nUlltaib. & issed dogairther de béus clocc na damraide Cholmáin.

¶55]
5] Fecht dano tánicc rechtaire Conaill meic Suibne co Lúachán do chuinchid bíatta fair & ní raba ac Lúachán acht aonchríathar gráin eorna & atbert: ‘Ní fil acaindi a cuinchid fair.’ Issed immurgu roráid an rechtaire co cuirfidiss íatt ule hi muir nó a ten, mane fagbadis .iii. cét bargen cruthnechta cona tarsann imme & lomma.
10] & isbert Colmán: ‘Is cett duit an talam dot slucud’ & rosluic an talam fochétóir an rechtaire ac dol día chosáitt dochum a thigerna co filett ic predugud 'na cenn ósin alle & gabaid ar teched ótchonnairc sin & gabaid an slóg ule & asbert: ‘Mairg {MS folio 83 a 2}do thoiméla do bíadh, a Cholmáin, & ní sinne thomélas.’ & ba hatach n-uilc
15] ac cách dia chéle díb fria ré fotta iarsin, conid ‘aided Chonmind dot brith,’ amail rosluicc talam Lægaire ar amréir Páttraicc.

¶56] Isbert immurgu a máthair fri Colmán: ‘A meic maith, congain leind, ar ataam a ndocumal mór.’ Luid Colmán don muilenn & a bolgc fair, amail rogab Colum Cille an blog fair don chloich fil isin
20] pronntig hi n-Í .i. Mælblátha a ainm-séin & sonus for cach mbíud bíss fuirre. Bói dano arbar Conaill fon muilenn ar a chiund & cruthnecht éside. Asbert Colmán a scor reme, ar robói sodethbir aci & ní derna an rechtaire fair. ‘Tabair-siu ind íarum,’ ar an cléirech, ‘& dobéramne don leth ale & rondfid Día dúnn.’ Dorónsat amlaid-sin & dorat
25] Colmán a láimh ind-agaid an muilind & sóais reime ar tuáthbel, conid Muilenn Cerr ósin alle hé co bráth. & clóemchóidh Día na harbandæ, conid cruthnecht la Colmán & éorna lasin rechtaire. Romórad dano ainm Dé & Colmáin triasin firt.

¶57] Antan dano doríacht Colmán ón áth gusan muilenn buddes


p.60

doruácht cuigci Críst féin a richtt claim do fromad a thrócaire & cuinchis mám ar Día fair. ‘Bec ar Día’ ar Colmán ‘an coibés sin’ & dobir dó mám mór assin téig. ‘Mám ele dam ar Día!’ ar an clam. Dobir-sium dó & dognítt tra fon cuma-sin a gcéin robí a bec
5] isan bulgc & dobir Colmán bendacht la arbar don lobar. Tic Colmán úada íarsin. Congraid an clam éisim for cúlu & dobir in arbar uile dó & a bendacht lais, amail tánigc Críst co Martan dia faghde ima brat & dorat Martan dó a leth & a leth ele imme féin & dia cuinched uile dosberad Martan dó.

¶58]
10] Luid-sium reme dia thig & lécis a bolgc ar lár. ‘A meic inmain,’ ol a máthair, ‘is becc an bolgc-sa & is mór an forcongra & is doilig rí do bíathad de.’ ‘Déna-sa in {MS folio 83 b 1}fuine immáin,’ ar ésium, ‘& dobéra Día ní isin bolgc,’ amail atbert Brigitt fri mnaói an druad & ní raibi aici-siu acht mad torad co leth innamá & dobered
15] Brigitt leth toraid cecha huáre asin chulud corbo lán ule an rúsc imme. Is amlaid sin tucc Día sonus for beccán bíd. Rofonta iarum .iii. cét bairgen assin bulgc & ba lán béus. ‘Caidhi an t-annlonn buddechtsa?’ ol a máthair. ‘Ar ní fil lem-sa acht bleghan áonbó.’ ‘Dobéra Día bal fair-sin,’ ar ésium, ‘& maistir-siu hé namá.’
20] Dorónad amlaid & táinicc anlonn tri cét bargen de. ‘Caidhi dano bfechtsa,’ ol an máthair, ‘loimm dingmála ríg léu-sein?’ Bennachais íarum an mbláthaig & ticc eisti gruth mór la cech mbairgein. Bendachais dano an medg íarum & doní céo lomma de. ‘Caidhi dano buddechtsa each fora mbérthar an bíad-sa don ríg? ar ní fil acaindi
25] hé cettus.’ Cocúaladar íarum an n-oss allaid a Tulaig ind Oiss. ‘Roba chett donn oss doní so,’ ol Colmán, ‘cid hé nonbera.’ Tigc tra an oss cona elet & laighitt ina fíadnaisi & doberar fén forru iarum & an bíad fair co Dún Brí analla, amail táncatar na dá anmanna allaid do imarchur cuirp Pátraic dia chill antan roba marb hé.
30] Amail atconncatar na slúaigh anní sin, beratt fis co Conall & isberatt: ‘Na hallta arna beratt do choin-siu ná do eich hitátt ac


p.62

fognum do Cholmán día ndeóin féin.’ Gabais íarum Conall & fóbrais daul for teched. Lenaitt íarum an dias don cholcaid & lenaid an colcaid do lár & síabartar a baill imme & tuitid in dún dia lethbulgc, amail rotuit Clænráith Temrach ar amréir Pátraicc inti.
5] Ar is a n-aimsir Lægaire meic Néill rotuit an ráith & a n-aimsir Pátraigc & ní hí breth na glaisne do mill hí.

¶59] {MS folio 83 b 2}Dorúacht íarum Colmán chuici & isbert: ‘Bíad lem-sa duit sunn, a Chonaill.’ ‘Misi dobéra bíathad duit-siu’ ol Conall, ‘fechtsa co bráth & ní tusa dobéra dam-sa ná fer t'inaid.’
10] Sléchtais íarum Conall do Cholmán & atbert fris; ‘Do ríar féin duit, a Cholmáin, & cabair mé don díchumang-sa.’ ‘Abair féin,’ ol Colmán, ‘an ríar hí sin.’ ‘A ndún-sa tra duit’ ar Conall, ‘cona muilenn & an sruth-so thíss,’ conad í Muilenn Dée & a carad éisc laiss. Rofoillsiged tra do Arnáin mac Eogain sein & do Ulltan & do Mac Liácc & doratsat
15] céo mór atúaid & anair do chleith an tíre fair. Atbert Colmán mac Lúacháin íarum: ‘Arnán & Ulltan & Mac Líagc dober dam-sa an céosa ar ulc rium & bid dóib-sium a olc. Bid móin & mothar a feranna-som co bráth & bid fáss a cella & bid íatt a sinnaich a sacairt assin amach & bid íatt a clérig a coin allta & bid fir láma dergi ina
20] suidedaib apad & bid do chellaib elib greim a manach co bráth. Ní réil dam-sa radarc abfechtsa,’ ar Colmán, ‘acht bale namá .i. Bordgal & Lemchaill.’ ‘Bit sein acat-sa,’ ar Conall, ‘& tog féin .x. uii. bale léo sein isin túaith-siu a filim-si & sir hí’ .i. i nÚib Tigernáin. Is andsin rochuinig Conall for Cholmán mac Lúacháin inad dúine do
25] bendachad dó-som íar mbrith a dúine úad, co n-ebert Colmán: ‘Tét lim íarum & bendachfad dún bus ferr duit-siu.’ Tíagatt malle ro Ruba Conaill ar ulc fria hArnán & fri hUlltan béus .i. cumad echrais con & gilla an dúine a cell-som co bráth.

¶60] Dobir tra Colmán mac Lúacháin tí da bachaill timchell an
30] ruba-sein & facbaid Colmán búaid creiche ann & búaid slúaigid &


p.64

búaid comairle ann co bráth. Asbert immurgu Conall {MS folio 84 a 1}fri Colmán mac Lúacháin: ‘Is maith sin, a chléirig, & bó cecha gabála duit-si díb-sin & ech & erriud cecha slúaigidh & dechmad cech bíd dogrés sund lais duit.’ ‘Sonus bíd dano ann-som,’ ar Colmán.

¶61]
5] Téitt íarum síar a nÚib Tigernáin co hÚachtur Comartha & doní cill annsein & fóid an oidchi-sin & doní affrind indti íarnabárach & ní rabi clogc aicci fri béim éitsechta a affrinn, conid andsin rotelged dó-som do neim an findfáidech Colmáin meic Lúacháin, co fil áit a beóil isin chloich fóss ann. Robenad íarum an cloc-sin acu. An
10] t-usce immurgu tuccad dó-som asad sruth, rodoirt Colmán hé asin clugc ar lár na cille himmuich, conid tipræ fírusci ósin hille hí. & romórad ainm Dé & Colmáin triasan firt-sin & is sær an chell-sin ar císs ríg ósin alle.

¶62] Togaid íarum Tír Fræch & Tír Mór & Bale Ú Dungalán &
15] Ú Lotrachán & Bale Ú Fothatán & Duma Bolgc & Bale Ú Dímán & Less na Findan & Indsi Conchada cona Cnuc Domnallán & ráthanna ele cona secht déc léo-som. Dobert Conall dó-som a sáire do brathturib a senathar co bráth re tæb-sin amail doratt Domnall mac Áeda meic Ainmirech reme so. Luid iarum Colmán co Cill Bic co fóilti móir
20] & bíad lais iterum & ní dlegar do Úib Gusán nó d'Óib Tigernán bíathad ríg Midi 'sin croind-si acht a Ruba Conaill namá & ní dlegar béus coindmed do dénum asin Chróindsi forru acht i ngnesta a Ruba Conaill immach & isat lía a mbaile særa oldátt a mbaledhae dæra & ni dlegar a mairt gemreid nó a mbíad corgais do chaithem a n-inad ele
25] acht a Ruba Conaill & dligid Ú Gusán cáin a deorad & lethcháin urrad ó ríg Midhi. Dligid immurgu comarba Colmáin {MS folio 84 a 2}each & erriud cech ríg gebus rígi Ú Tigernán dogrés & bith for a lethláim. A meth nó a trucha, mana tarda dó.

¶63] Araile dano fecht tánicc Ethgen mac Tigernán meic Áeda
30] Slángi meic Díarmata meic Cerbaill meic Fergusa meic Conaill Cremthainne meic Neill Nóigíallaig chuici & dobert a manchine dó co


p.66

bráth & a ingen chuici do léigind lais .i. Rónat ingen Ethgein. & isí fil hi cill Ú Muca tís & la Colmán hí sein ó griun co nem & a cendacht dogrés & míach cech arba eisti isin cargus erraig cecha blíadna. & dobert immurgu Colmán dó-som bale cech meic dia maccaib ar manchine co
5] bráth. & isbert Colmán: ‘Antí díb so impóbas oram-sæ, ní bía uáid nech a rígi a tuáithe co bráth & iffrind is gardius sægail dó.’ Isbert Colmán béus; ‘Ní raib uáid acht cairem & cirmaire nó nech bed fíu íad.’

¶64] Araile fecht dano luid rechtaire Úa nAirmedaig .i. Mælodráin
10] mac Failléin ésiein & sléchtais do Cholmán mac Lúacháin & dobered almsana imda bíd & étaig dó & ba holc la Conall sin & ro cumrig Mælodrán triitt-sin. Ó rochúala immurgu Colmán mac Lúacháin sin. luid tri firu déc dia chuinchid. & ó ránicc Port na hIndsi, asbert Conall nach bertha ethar chuigci etir imach & isbert Colmán: ‘Comtrén
15] an Coimdiu for usci & for talmain & mad tol lais ar mbádud-ne is cet linne a chet-som.’ & bennachais Colmán an loch & búailis reme hé cona bachaill & andarleo ba céo solusta hé & lotar cosaib tírma inund .i. amail dochuáid Maóisi mac Amrae tria Muir Rúaid & a phopul ana diáid.

¶65]
20] Ó atcúas immurgu do Chonall annísin, asbert fria muindtir: ‘Cid bé uáib érges ria Colmán athrígfaigther asa ferann & ní faigbe{MS folio 84 b 1} an inatt-sin co bráth.’ Ó rosíacht Colmán immurgu astech, roérig Flann mac Onchon meic Sárán .iii. fir déc ale, acht namá dalta Flaind, ní érracht side rempu etir. Conid and asbert Colmán meth
25] for dalta Úa Flaind. mane bett fo screpul óir dó-side cach dalta ar chena. & ispert immurgu Colmán na ronda-sa sís:

    1. Fland mac Onchon
      dam-sa is cara,
      bias an buga
      as ní raga.

    2. p.68

      • Lann na ferann
        nach fann fuidhell,
        na can Conall
        air ní cuirenn.
        • An lín d'feraib
          atracht remonn
          bett hi ferann
          úad iar Conall.

          • 5] Tri fir deac
            triallais tromsním,
            gráin céitt chomláin
            fair fan comlín.
            • Búaid na fagla
              ort tria chaiti,
              ní bía ruici17
              nó égc aigci.
              • Ní tæt raindi
                breth mo raind-si,

                10] écc fom choim-si
                duit, a Flainn-si. Fland.

¶66] Bendachais hé amlaid-sin & isbert: ‘Fer leptha ríg úait co bráth óndíu immach.’ Rochuinig íarum Colmán mac Lúacháin Mælodrán a geimel dó & féimdhidh ó Chonall. Isbert immurgu Colmán: ‘An bale i mbéo-sa im íarmérgi indnocht, is ann bías
15] Mælodrán.’ ‘Ní ba bríathar chléirig sein,’ ar Conall. Brúid iarum Mælodrán a slabradha an aidchi-sin & éláid co Laind. Tánicc immurgu Conall íarnabárach 'na díaid co Laind & atpert; ‘Tabair dam mo chimid, a Cholmáin!’ ‘Ragaid duit aire cétus,’ ar Colmán, ‘rígi hÉrend duit féin & dot chiniud co bráth.’ ‘Ní glic sin,’ ar
20] Conall. ‘Cía ele gébus rígi hÉrenn acht mo chined-si?’ ‘Ragaid nem duit féin,’ ar Colmán, ‘& nem d'fir t'inaid co bráth.’ ‘Ac,’ ar Conall, ‘sáeilim nem cena.’ ‘Tabair dam-sa & d'fir mo chineóil nem,’ ar an cimid, ‘& is ceatt {MS folio 84 b 2}leam mo marbad.’ ‘Mad ferr lat élúd ass slán,’ ar Colmán, ‘ragha & ní chumgabat renna ní duit.’
25] ‘Ac,’ ar Mælodrán. ‘Tabair do chenn fom choim,’ ar Colmán. & tuc-som amlaid & rofaillsigit dó íarum uile fochraici nemi &


p.70

atconnairc Colmán mac Lúacháin ar a chind tall ic faóilti fris, conid de ispert Mælodrán:

¶67]

    1. ‘Atchíu-sa’ ar an cuimrechtaig,
      gním is amrai lib,
      in Colmán fil acaib-si
      ar mo chind-sa ar nim.

      • 5] Mocholmócc an t-ordnithi
        co n-imatt a raith,
        nímtha a dechmad d'indisin
        nech doní do maith.
        • As úasal a chumachta,
          forragart mór salm
          fri hindarba plág-tedmann,
          fri tathbeóud marb.
          • A chrábud, a umalóitt
            cia rádim nach sel,

            10] is lán d'orttan, amra sin,
            ó thalam co nem.
            • Dia tæthsad nem for an lár
              co ná dlig ? a rún,
              notogébad næmCholmán
              'na sosad for cúl.
              • Diamad lem uile an bith cé
                cona rígi inníu,
                nosrirfind ar imchisin
                ina flatha atchíu. A.

¶68]
15] Romarbad íarum Mælodrán a ndorus relgci Colmán meic Lúacháin, conid hé cétna marb roadnacht ac Laind. Roferghcaidhi immurgu Colmán hi cinaid a sáraighthi & dorat a agaid súass cech dírech fri muindtir neime & atpert íar céin móir co toirsi & co n-allus de: ‘Diamad chett la mac na hingeine, is cet lem-sa in inis út asa
20] táncais dom sárugud do dol fon loch co bráth. A eich immurgu & a carpait búada, is cett dóibsin talam dia slucud cech airm hi filett.’ & dorónad amlaid-sin fochétóir.

¶69] Luid immurgu Conall íarnabárach do marbad Colmáin meic Lúacháin a cinaid a muindtiri. Rofoillsiged tra sin do Cholmán &
25] atfétt fria muindtir: ‘Sær-sa’ ar íatt-sin, ‘sinne fair, ar at túailgne tú sin do dénam.’ Sénaid íarum Colmán an ær & tigc céo.{MS folio 85 a 1} Sénaid íarum Colmán an ær & tigc céo ann íarsin do nim & doluid an rí for merugud ó Loch Aindind co Tech Natfráeich i mBreghaib. Andarleis is do Laind tánigc & andarléo dano ba hé


p.72

Loch Aindind an Bóann i mBreghaib. Tángattur immurgu meic Áeda Sláne an aidchi-sin cugci .i. Blathmac & Díarmait & Cernach Sotal a thrí meic-sein. Dias immurgu díb-sein rogab rígi Temrach .i. Blathmac & Díarmaitt & rogabsat tech air & romarbsat ár a muindtiri
5] isin tich & éluid féin im-murbach na Bónne & a ndabaig tucad hé & bél dabcha ele 'na bél-si anúas & rosráoined íatt amach íarsin, co fúair Mælumæ mac Forannáin meic Áeda Find meic Mane, id est, manach Colmáin meic Lúacháin hé & mac bráthar a seanathar & marbais hé ac Lis Dochuind a cinaidh sáraigthi Colmáin imon cimidh .i.
10] Mælodrán, conid ann asbert Conall: ‘Cach rí gébus Temraig am díaidh-si dom dígail-si fort .i. rop tú elegæ ríg Temræ co bráth.’

¶70] Táinigc íarum Mæluma co Colmán & tásgc an sceóil less, feib dorónad uile an sgél. Asbert immurgu Colmán fris-sim; ‘Búaid n-échta & áithesa for fer th'inaid & cen a marbad ind & ní muirfidter
15] nech ele úait a ndígail Conaill co bráth & gurab é fer t'inaidh goires gairm ríg Temrach co bráth .i. a menmæ fri hÉrinn ósin amach & menmæ hÉrenn friss, acht go rogairther gairm ríg de (.i. rígi & airechus hÉrenn duit, a rí.’ ‘Uodergc ? ort-sa,’ ol an rí .i. ac tabairt urchair dó, ‘an tugcais Conall Guthbind let?’ Ocus is amlaid dlegar
20] sin: an rí do buth a mbun Carthi na nGíall túass & an fer do Híb Forannán ar an lic sís & echlasgc ana láim gan imíadad amail conicfa{MS folio 85 a 2} ar an orchur, acht ná digc din lic immach). ‘A meath nó a trucha an ríg goinfes nech úait, mane tartta a each & a erred dó ind. Do chét comlín-sa do esbaid ó ríg Temrach an tan cuinicfiss císs nó
25] bés fort-sa & maidm fair in cath ule a mbía nech úait, mad égin notbera leis.’


p.74

¶71] Araile fecht dano luid Colmán mac Lúacháin do imthecht Tóiden Moling Lúachair & ro imthig hí & luid reme as sein co Ferna Mór Móidógc. Antan iarum rosíacht an proindtech, is ann robói an ferthigis marb isin proindtig ar a ciund .i. Crob Criad a ainm-sein.
5] Rochunicsett dano desgipuil Colmáin meic Lúacháin ássaigc dóib & isbertatar; ‘Atá clérech úasal 'sa proindtigh,’ ar íat-som, ‘& déntar, ássaigc fair.’ Indistir tra sin do Móidógc & isber Móidógc tria ocla móir: ‘Masa clérech antí fil ann, dúscid féin dó an ferthigis & dogéna a ásaicc.’ Rosíachtt an fis-sin co Colmán mac Lúacháin & ba
10] nár laiss ammus amlaid fair & isbert: ‘Ma tol le Mac na hIngine mo særad-sa don ammus-sa donicfa.’ Is annsin dano bói an mac begc i sprouc ina fiadnaisi an chuirp & íarfaigis Colmán de: ‘Cia dochairt fil fort-sæ, a maic bicc?’ ‘A domna fil ocam,’ ar ésium, ‘.i. mo athair marb am fiadnaisi.’ ‘Is cett tra dó-som érgi diar
15] n-óssaigc-ne & is cuma dano cid Dochartach t'ainm-si féin co bráth.’

¶72] Atfétt iarum aní-sin do Moidógc & tigc féin cona ule manchaib lais co n-ecla fair & co fóilti móir dochum Colmáin meic Lúacháin & sléchtaitt a cindu dó a cinaid a sáraigthi .i. a imdergtha. & cíid Móidógc & a manaig malle ind-sein & doníatt a n-æntaid & a
20] catach a neim & a talmain .i. {MS folio 85 b 1}Colmán & Moidógc. & asbert Móidógc íarnabárach: ‘Maith aile, a Cholmáin meic Lúacháin, antí tucc Día duit sechanne tætt lat féin, ní béram-ne t'áthius ort.’ Doníther tra amlaid-sin & dober Colmán dó hi fus in dán cena cétna, conid íatt sin Húi Dochartaig ic Laind .i. Hí Cruib Críad íatt ic
25] Moidógc .i. a slonnud tess .i. trí randa dorigne don lind .i. bunad & tánaisi & íarlind & can ní díb-sin dia comadus & trí randa don arán léo-sin .i. cruthnecht & éornæ & corcæ & cen ní díb-sin dia comadus, conid aire-sin isbert Colmán fri Dochartach an dá rann-sin sís:

    1. Fer tri fune, fer trí scó,
      ifernn dubach dorchæ dó,

      30] is buidech Rí na n-uile
      do chách cona aonfuine.
      • As amlaid roclechtus-sa
        roind coitchenn am thigh,
        bíad inann cech ænduine
        déna dúnn, a fir. Fer.


p.76

¶73] Araile fechtt dano rofíarfaig Murchad mac Airmedaig meic Conaill Guthbind dia anmcharaitt .i. do chrumthir Casán Domnaig Móir: ‘Cía ráott beres rígi Temrach & hÉrenn ó chlaind Colmáin Móir meic Díarmatta indosin, a chlérig?’ ar sé. ‘Cid ón, a maic,’
5] ar an cruimthir cétna, ‘nach fetur-sa.’ ‘Nát fetur-sa immurgu,’ ar Murchad ‘.i. an ggéin bes ullidu escaine Colmáin meic Lúacháin hi lenmain clainni Conaill Guthbind ní bíatt hi rígi Temrach.’ ‘An fil a tuicthi dúnne cobair desin, a chléirig?’ ar Murchad. ‘Atá co demin,’ ar Cruimthir Casán, ‘.i. día nderna sib síd fri Colmán mac
10] Lúacháin.’ ‘Caidhi an síd hí-sin?’ ar Murchad. ‘A ríar féin do Cholmán,’ ar Cruimthir. Tánicc iarum Murchad co Colmán & sléchtaidh dó & trosgcid lais teora laithe & .iii. aidchi & bennachaidh Colmán hé & a mac .i. Domnall mac Murchada meic Díarmata meic Airmedaigh meic Chonaill Guthbind meic Suibne meic Colmáin
15] Móir meic Diarmatta Deirg meic Fergusa Cerbéoil meic Cremthainn meic Néill Nóigiallaig. & conid triasin mbennachtain-sin Colmáin rogab Domnall rígi Temrach. {MS folio 85 b 2}& dobert sein immurgu do Cholmán fulled criichi & feroinn & sæire co bráth dia muindtir etir na cella hi fus cona muindtir & a cella a nÚib Forannán cona muindtir
20] .i. secht mbale .x. & na trí cella fil indtib a sæire co bráth do Cholmán.

¶74] ISsíatt so bailedha tugc Domnall ifus do Cholmán .i. Ros Dullenn & Ard Cáin & Ráthín na Bréchmaigi & Les an Pobuil & Ráith Drogcán & Dún Senchada & Ard Nessan & Les Conín & Ráithín
25] na Gabann cona Ard Mucada leis & Less Glindi & Ráith Donnchada & Ard Mór & Lethchlúain & Ross Omna & Less na hÚama ic Clúain Gilli Fínáin & Less na Moga cona Tulaig an Oiss & Ráthín in Pupuill ria andíu & Bale Asidta & a sæiri sin co bráth .i. secht mbale .x. sin, amail tugc Conall Guthbind secht mbale .x. dó-som. Ferann immurgu
30] bráthar a athar-som .i. Ráth Leacett & Clúain Gamna & Senráith Leis an Daire, Conall Guthbind féin tugc iatt-sein do Cholmán.

¶75] Araile fechtt dano tánicc Colmán mac Lúacháin & Mæltule


p.78

& Ua Súanaig ó Chlúain Iraird. Gabaid adaig forra ic Ráith Co- semnaig & ní roléigcitt indti co mattain. Táinigc immurgu ben Cosemnaig cucu íarnabárach & messair lomma aici, conid de isbert; ‘Ní raga tar mesair co bráth loim fir na rátha-sa.’ Asberatt na
5] cléirig an láeid-sea. Úa Súanaig dixit.i. Fidmuine a ainm batside:
    1. 'Fágcbaim' ar Fidmuine find,
      'miscid do réir Ríg na rinn
      for Coisemnach, comal nglan,
      cona secht bráthraib
      [...]
      '

Mæltuile dixit an rand-so tíss:

    1. Ní ro-atrebatt an ráth
      a chomarbai co tí bráth,

      10] artrop sic na sruithe sean,
      a Chríst cáid, rocomoltar.

Colmán dixit;

    1. 'Mo mallacht-sa co tí bráth
      for Cosemnach cona ráth,
      for a chlaind, clú adcanar,
      céin bes neam ocus talam.'
La Colmán ósin alle fognam an bale-sin, ar is fáss ó chomarbaib
15] féin hí mina tarttatt a réir do Cholmán do chriich & manchine co bráth.

¶76] {MS folio 86 a 1}Araile fecht dano lottar na trí Colmáin Midhi do indsaigid Rómæ Letha. Dolottar tra slúag díairme leo ar febus na cuidechtæ. Ó rángcatar tra co Slíab nElpa atcess dóib annsin múr
20] na Rómæ. Conid ann isbertatar an duchann-so sís:

    Colmán Ela:

    1. Atlaigmitt do Ríg na rend
      isí sútt Róm, an rochell,
      dorónsam rogha cennaig
      mad indíu inarnernaig.

    Colmán Comraire:

    1. Is becc sæthar dontí tigc,
      fogeb trócaire treimit,
      is cennsa do Chríst cin chrád
      nem do thabairt ar
      25] beccán.

    Mac Lúacháin:

    1. Fogébatt cendsa 'ga tigh
      lucht íarthair an domain dil,
      dia n-arberat bith cen ceilgc,
      cen braitt, cen gaitt, cen gnáthfeirgc.

    Colmán Ela:


    1. 30] Gen fingail, cen dímus dron,
      cen cráes, cen saint, cen étrad,
      cen torsi, cen tsním, cen móitt,
      acht tairisim 'sin Trínóitt.

    p.80

    Colmán Ela:

    1. Móitti fochraic cech duine
      ar an talmain donnbuide,
      is ferrdi a hanóir cen ail
      trosgcud for lecaib Peattair.

    Mac Lúacháin:

    1. Ní rag-sa ó Róim as nach mud
      co ndernar trichait trosgcud,

      5] ar nem dam féin, fáth cen cneit,
      is do cach æn bíass im religc.

    Colmán Ela:

    1. Úir Pettair is Póil íar sin
      ocus úir leptha Grigair,
      bérthair sin co deimin lind
      ina herib co hÉirind.

    Mac Lúacháin:

    1. Dorúachtamar slán ille
      cen tedm, cen égc æn
      10] duine,
      mochen fechtsa in t-égc cen on,
      is do Chríst a altugud. At.

¶77] Dorónsatt iarum fon cummæ-sin & dorónsatt co fúaratar cádus mór & anóir ic Róim na trí Colmáin & dorattad andsin forru an teist
15] móir tugc Colum Cille fechtt n-aill for na trí Colmánu isin mórdáil Droma Ceata. & robátar .xl. láa & aidchi na trí Colmáin 'sin Rúaim íar sin & rotinólsatt leo úir leptha Petair & úir leptha cech apstail ele & cech ardnæim fil isin Róim dochum hÉrend. Táncatar íarum dochum hÉrenn doridhisi co port Duiblinne. Íarnabárach immurgu
20] luid Colmán Ela & Colmán Comraire co Láthrach mBriúin. Luid immurgu Colmán mac Lúacháin co Glais Naeiden do chobligi for lepaid Mobí Clárenaig. Ó rosíachtt immurgu Colmán mac Lúacháin hi pronntech Mobí, luid chuigci in {MS folio 86 a 2}ferthigis, id est Cromm Deróil, & ferais fæilti friss & isbert ann so síss. Ní tucsatt
25] imargo na manaig aichne for Colmán mac Lúacháin & tug-som, ut dixit:

¶78]

    1. Mochin gustánig na tech
      an t-ógc úasal ailithrech,
      Colmán Lainne, glan a lí,
      cenn cunga Coluim Cille.
      • Is anbail a nert ar neim,
        is cléirech 'gatátt cléirig,

        30] bid cáid, bid comdid caidchi
        an cheall a mbía ænaidche.
        • Iss é sea an tres Colmán cóir
          do chlainn Colmáin Midhi móir,
          cuincsett a n-ænta armthá
          naoim hÉrenn a nDruimm Ceatáe.

        • p.82

          • Fáifid a lepaid Mobí,
            gébaid patir lind fo thrí,
            i nGlais Næiden, nertad nglic,
            mochin dontí gustáinigc. Mo. c.

¶79] Laigid iarum Colmán mac Lúacháin an aidchi-sin for lepaid
5] Mobí Clárenig. Bennachais imurgco Colmán mac Lúacháin an cill uile íarnabárach & fácgbais búaidh n-erlabra don ferthigis & cen dáim fa dimda úad co bráth. Tigc íarum Colmán mac Lúacháin assein co Láthrach Briúin dochum na Colmán n-ele & luidsitt as sein dochum Findén, ar ha haitti dóib-sim é-sein, co cenn trí mblíadan
10] iccon croiss ón tempul fotúaid. Lottar dano asein co Miliuc & luid assein Colmán mac Lúacháin co Droind Fæichnigh & foillsighthir dó timthirecht n-angel inti. Cuncid-sim Droind íarum cusan ríg .i. Domnall mac Murchada ba rí annsein & dobert dó hi sæire co bráth Droind cona ferann & bennachais Colmán hí & fágcbais Bætán Breatnach
15] fria láim indti .i. Uidrín é-sein & deochain ar grádaib & sacart ar úaisle & ar clú & iss é an sechtmad descipal lauid leisim co Róim Letha hé .i. Uidrín mac Aramail meic Dubáin meic Fíachrach meic Oilella, ó filett Cenél Oilella hi Feraib Tulach & iss é an sechtmad ele dochúaid lesim hi Róim hé béus & is é fil hi Cill Uidrín hi cind Ruis
20] Omna tair isin machaire, conid and isbert Colmán ann so:

¶80]

    1. Báettán Breatan, bél co mbrethaib,
      rop sén sochair,
      bid im chill-si cona ruthin
      iter lochaib.
      • Dronn ard Fáichnig
        cona ferann sona saidbir
        {MS folio 86 b 1}la mac Lúacháin rombía inbaid
        bess lán d'aingclib.

        • 25] Día día dídin ar chreich n-echtrann,
          ar báss duine,
          rob dín ar millti cach daire
          impi uile.
          • Bíaid úaim indti deochain dermár
            cen súg n-aisgci,
            mo ríaglóir cáid, is tenn tugcsi,
            mo chenn battsi. Bætán.

¶81]
30] Anaid tra Colmán a nDroinn fri .xl. aidchi & bennachaid hí & tigc a sein co Daire Aidnén ar teithed congaire an dæsscurslúaigh & doní secht n-aifrinn ann fa bun óændarach, conid Dair Colmáin a ainm ósin hille béus. Lottar tra chugci-sium faolchoin an daire & ligsitt a chúarána & síatt co n-erblaib abbélaib accu ó mud na con


p.84

tairisi .i. na con tighi & nó-laightis ana fíadnaisi. & isbert friu: ‘Bíd sund dogrés & in llá dobérthar mo ainm-si a n-etarguidhi cugcaib, is cett dúib can dergad for nech in laithi-sin.’

¶82] Luid-sim íarum .i. Colmán mac Lúacháin co Tech Colmáin .i. co
5] Conchraid & arrubert bith ann fri .xl. aidchi an chargais fo glére lesaigthi bíd & cormæ, conid frisin ré-sin dlegaitt comarba Colmáin bith ac Tig Colmáin .i. brechtán aníss & anúass dó & coirim inti in erett-sin. Lúaidh Colmán as sin co Laind meic Lúacháin & here mórsesir lais do úir Rómæ & na n-apstal archena. Doní tra Lassar a máthair-sim an
10] aidchi sin araile gaitt irisech do imdugud 'mon tech in Choimded .i. lán a bulchre do úr Rómæ do brith dochum a brátharfinne .i. Úa nGuill & hú Dímma .i. co Tech Lommán. Rofoillsiged sin fochéttóir do Cholmán & isbert: ‘Ni géttar nem fort ind-sin, a chaillech, ar is ar maith dusgní, acht ní ba tarba an úir-sin dóib, acht sunn namá.’
15] ‘Tabair nem dóib sunn,’ ar isi. ‘Ac,’ ar Colmán, ‘ar ní maith lim-sa a manaig do béim ar Lommán, acht mar bítt bæ móelæ odhræ i mbúaile .i. hi tíachtain hille cettus & nem dóib-sin sunn.’ Rochí íarum Lasar {MS folio 86 b 2}cáoi serb co ndéraib falæ & roscæiled iar sin úir Róma & úir na dá apstal déc in cech aird i religc Lainniu, conid
20] adnacal a n-úir Róma da cach æn adnaicther inti ósin hille.

¶83] Araile sgcél dano forathmentar sunn .i. cæmchlód bachall dorónsatt ic Róim Colmán Eala & Colmán mac Lúacháin & doratt Colmán Eala dethfir eturra .i. étiud do cochall gimángurm im a bachaill féin .i. co mbeith a rath féin a coimettecht a bachla, co fil
25] brat ósin hille impi. ‘Is doilig in t-erred sin do íarraid dogrés dí,’ ar Colmán mac Lúachain. ‘Cid doilig,’ ar Colmán Ela, ‘dobér-sa lóg aire .i. nem dontí dogéna secht mbroit dí amail caithfes íatt,’ & inde dicitur bachlach cochlach di-si.

¶84] Araile fechtt dano robátar a manaigh ac búain cruthnechta
30] ic Croiss na Truma ro airig-sim brón forro .i. an laa rogníatt ænach Taillten. Doróne-sim immurgu ernaigthi co tángcatar angil cugci-sim fo chéttóir do neim .i. iccon cloich impóid itir croiss ó Adrad Moturu


p.86

súass .i. is ann robói Colmán. & rognísitt .iii. grafne óenaich dó, conid de sin atá ænach Laindi ósin alle. & forfágcaib Colmán mac Lúacháin cid bé brister ann dá ría 'na bethaid fo Loch Annind co ticfa slán ass fochéttóir.

¶85]
5] Araile fechtt dano luid Cíarán Clúana co Colmán mac Lúacháin do chuncid ænta & cennachta fair. & rofaillsiged sin do-sum & nírbo cett lais. Doratt Colmán immurgu saithe demna hi richt foiche dóib ic Crois na Trumma co foréimetar imthecht secha sin acht a n-aigthi fri lár. ‘Is clérech’ ar íatt, ‘antí gus 'tegcum. Iss é dobeir
10] dúnn so. Tíagur úann cugci & cuinter cabair dúnn fair.’ Dorónad amlaid & dochuir na focha fo talmain. Is de sin atá Cross na Trumma fuirri. Romórad dano {MS folio 87 a 1}ainm Dé & Colmáin triasin firt-sin. Targcaid tra Cíarán æntaid do Cholmán & obbaid Colmán hí & is bert: ‘Nocha bía cenn talmanda acam-sa acht Mochutta namá (.i. a oittiu ésiein) nó
15] acam muindtir am díaidh.’

¶86] Araile fechtt dano tucc Cinæth mac Oengusa rí Húa Foilgi serc do mnæi ríg Temrach & tánigc 'na comdáil co Guirtín Tíre Bandála hi Fid Dorcha & hi drúth namá immalle friss. Luidh sí & a hinailt namáa lée. Doratt íarum na fir córaitt etter na dá ech.
20] Doratt Cinæth a ech for grcis Colmáin meic Lúacháin & doratt a drúth for greis Óengusa meic an Ógc. Tángatar íarum na merlig & rucsat each an drúad & andar léoa ba taman ferna each Cinætha. Romórad dano ainm Dé & Colmáin trit an firt-sin. Ro hindisid tra do ríg Midhi a ben do dul hi comdáil ríg Úa Foilgci co Goirtín Tíre Bandála
25] hi Fid Dorcha. Tánigc immurgu rí Midhi ina díaid íar sin dia marbad corigci an goirtín-sin & rogab cách lám a céle día muindtir a timchell an goirtín & atconnairc Cinæth mac Conchubair sein & ba gábad mór laiss & isbert Cinæth: ‘Ar comairci Colmáin meic Lúacháin dúnn riasin ngábad-sa & dia n-ainci sinn air bemæitt fo chís dó co bráth.’ Ronaisced
30] sin for Cinæth & roérig Cinæth fochéttóir & rosóad hé & a drúth hirricht dá dam allaid. Rosóed immurgu an rígin & a hinilt a richt


p.88

dá n-ag allaid & tángcatar iar sin slán amach óna slógaib & nírcumaingsit coin ná renna ní dóib & romórad ainm Dé & Colmáin trit an firt-sin.

¶87] Táinigc immurgu Cinæth íar sin co Laind & a each lais do
5] Cholmán mac Lúacháin & dogníatt caratrad annsein & fágbaid Colmán búaidh each acu & buáid læch & buáidh cléirech & cruth a mban im chæime for feraib Úa Foilgci co {MS folio 87 a 2}bráth & cruth a ríg úastu & gráin ríg cóigcid for fer a inaitt dogrés & ná bad begc la hingin ríg hÉrenn feis lais & cosgcur remi dogrés mad for eoch
10] gerr bes alló chathæ. Rocind immurgu cúairt do-som uáid féin .i. ó Chinæth & ó chách ina diaid co bráth .i. screbull cecha cathrig 'na thír & cúra cach fir bale & a heach & a errad an ríg féin in cach .iii. bliadain co bráth & rofágaib Colmán troscud umpi seo mani tartha chena hí .i. a meath nó a thrucha an ríg nách tibræ hí, ut
15] dicitur:

¶88]

    1. Searc tugc ben ríg Taillten trell
      do ríg Úa Failgci fortenn,
      d'fir inaitt rocæin Rossa
      do Chinæth mac Áengossa.
      • Tigc an Cinæth-sin andess
        risin céttsercus comdes,
        sé 's a drúth, ba dind dírmma,
        d'agcallaim na hairdrígna.
        • Lá is adaig dóib sund mar æn
          an rí 's a rígan rochæm,
          ic bæis dóib ann, ic búaphud
          fo inchlid i n-inúathud.
          • Érgidh rí Midhi na modh
            a ndíaidh a mná co solom,
            cor íadsattar, comoll ndil,
            'mon ríg ocus 'mon rígain.
            • Nassgcaitt a comairci cáir
              ar Colmán Lainne línmáir
              ac facsin cetherdne an ríg
              'mon gort i ndernnsat mígním.
              • Dorigne Colmán calma
                ferta imda adamra,
                docuir an ríg 's a drái ndil
                a richtt dá dam ógc allaid.

              • p.90

                • Dorigne ferta aile,
                  nírb áille da mírbaile,
                  an rígan 's a cumal cain
                  a richt dá n-agaid allaid.
                  • An dá each tuscat leo andes
                    an rí 's a rígdrúth rígdes
                    rolásett fasech ri slíab
                    ar anord, ara n-anríad.

                    • 5] Rolásett each an drúith duind
                      for greis in æsa imthruimm,
                      rolásett each an ríg ráin
                      for fír comairci Colmáin.
                      • Rugcsat eachtraind each an drúith
                        don chomairci uilc indlúith,
                        rofágcsat each ríg Berba
                        i richt tamain tromferna.

                        • 10] Térno do chomairci an næim
                          each ríg Lifi lethanchaeim,
                          hathle an eich rugscatnámaitt,
                          d'óendreim dóib is d'æncháraid.
                          • {MS folio 87 b 1}Ancid Colmán íatt uile
                            etir ech ocus duine
                            ón tráb dobói ga celgad
                            can ágh nó can imdergcad.
                            • An t-ech roainciss féine
                              ar náimdib tenda in tsléibe,

                              15] tair dom druimm, a Cholmáin cain,
                              ar in ech is fíu cumail.
                              • Dofágcaib Colmán cubaid
                                da rab ar eoch ngiurr glumuir
                                ná gebtha tresa dangni
                                ri ríg fíal Úa finnFailgci.
                                • Dofágcaib dóib co hattain
                                  cruth a mban for a maccaib,
                                  gráin ríg cóicid ar cur áir
                                  ar ríg Úa Falgi fortreáin.

                                  • 20] Rogell Cinæth cach ní ndes,
                                    rogell cáin, rogell cairdes,
                                    rogellad do-som íar fír
                                    nách bíad can erred airdríg.
                                    • Robennach-som ule an tír
                                      iter mná is maccu mo lín
                                      i céin nobeitis co mbáidh
                                      do réir Colmáin meic Lúacháin.
                                      • Fúaratar gábad igair
                                        minbad Colmán dia n-anacal

                                        25] i comrád im dáil serci
                                        i comdáil a céttserci. Serc.

¶89] Araile sgcél forathmentar sund. Rí Temrach .i. Domnall mac Donnchafa meic Murchada tugc ingin ríg Úa Failgci & rogell


p.92

tochra mór díi .iiii. fichit bó .i. dá fichit díb fochéttóir & dá fichit ar cairdi co belltaine ar cind. Rochuinigh íarum an ben a tochra i n-áge a gellta & ní fríth dí acht ferann ar son a bó. Rogab sí an ferann diamad a comfogcus dia hanmcharaitt nóbeith .i. do Cholmán
5] mac Lúacháin, conid ann sin tugad dí Cæille na hIngine ó chind Átha an Daire co hulaid espuic Áeda hi Feraib Tulach. Dobeir tra an ben hé ule do Cholmán co bráth. Dobeir immurgu Colmán manach dia muindtir ind .i. Uidrín mac Aramail, conid de atá Cell Udrín hi Cæille na hIngine & Less na Con túass ann & Cell Uidrín
10] tíss.

¶90] Araile fechtt and rugc Áed Ruóin rí Laigen sesrig Mocholmógc .i. ó Chlúain Iraird ar égcin & trosgcis Mocholmógc impu fair & fodlaidh íar sin baill an maic mallachta fo næmaib hÉrenn acht a chumal fir namá. Asbert immurgu an rí: ‘Cía da tugc
15] Mocholmóc mo {MS folio 87 b 2}chomol-sa?’ ar sé, ac fonamat imme. Ó rochúala tra Mocholmóc sin isbert sein: ‘Tíagam-ne co Colmán mac Lúacháin co Laind co rodingha dínn an ball útt.’ Dorónad tra amlaid sin & dogníatt óentaid ic Laind Mocholmóc & Colmán mac Lúacháin & clód dá clogc .i. Findfáidech cechtar de diaraile. Asbert immurgu
20] Colmán: ‘An ball fil am chomair-si, iss é tæisech rosía taisselbad chugut-sa, ar iss é dédenach roármed.’

¶91] Táinigc íarum Áed Róin for creich im Midhi co Carnn Fiachach. Tánigc immurgu rí Midhi .i. Conall Guthbind mattan moch iarnabárach co Colmán & atfétt dó an sgcél-sin & ba begc slúaig do
25] Chonall & ba sochaidi do Áed Róin. Asbert immurgu Colmán fri Conall: ‘Érg-siu cuca & beir mo bachaill-sea lat do mergci remat & dobér-sa taidbsi trí cath fort & doragha duit ceó dar a rosgcaib nó a lláma do gabáil,’ ar Colmán. ‘Is ferr lind,’ ar Conall, ‘a lláma do gabáil.’ Iss ann sin do cengail cach fer do muindtir Conaill lóman
30] día brut do gimánaib bruit na bachla co rabi cochall fa cenn díb & inde dicitur ‘bachall cochlach’ ría-si .i. do naidm a comairci fuirri & for Colmán mac Lúacháin. Ocus iss é an lín amus dóib-sim an lín loman fil for brot na bachla cochlaige. Dorónad tra amlaid sin &


p.94

romarbad Áed Dub & ár a muindtiri ic Faithchi meic Mecnán & rugcsat meic tíre a ball ferda co dorus an tempuill co Colmán & isbert Colmán ría: ‘Ber co Finnén nó co Mocholmógc & co næmaib hÉrenn hé dia taisbenad.’ Romórad dano ainm Dé & Colmáin trit an firt sin.

¶92]
5] Tugc immurgu Mocholmóc íarsin do Cholmán mac Lúacháin rigléss a Clúain Iraird. Táinigc tra íarsin Conall co Colmán mac Lúacháin dia réir & robaist mórcúairt na Bretcha dó ó sin alle, ar is íatt robói ana farrad ann a fían a særtha ar cach cath na{MS folio 88 a 1} Bretcha co bráth .i. screball cach cathrigh & cúra cech fírbale & ech
10] cach tósich an cach sechtmad blíadain co bráth.

¶93] Araile fecht dano robátar nóairi for muir & murthaidhi an mara aca togairm & síat-som ar sæbchoire. Ó roaitcheatar ainm Colmáin meic Lúacháin térnatar slán i tír & is amlaid sin cach æn guidhfes Colmán fri tendta dogéba cobair imslán ó Día.

¶94]
15] Araile fechtt dano luid fer a cath & tograim fair & féimdidsim imthecht fri scíss. Ó dorat-som immurgu sele Colmáin meic Lúacháin ima chosaib féimditt eich & dæine ní dó, conid ann isbert Colmán:

    1. Sele Colmáin meic Lúacháin
      mo chnáma cen meth,

      20] romsnáidi a comarci
      corigci ar cach leth.
      • Doríachtt cuigci næmCholmán
        ina chruth glan glé,
        na traighthigh notograimtis
        nódiuscartiss de.
        • Colmán mac Lúacháin im leth
          re ndul ar creich cridhi crúaidh,
          da tegmad dam dul ar leth
          co ná bera nech mo búaidh.

25] Romórad dano ainm Dé & Colmáin trít sin & gach duine gébus so & fo ngébthar nocha cuirfither hé & ticfa slán dia thigh & dligid Colmán screpall de.

¶95] Araile fechtt dano luid fer for slúaiged i ndíaid cáich & ní rucc forru. Doralatar immurgu a námaitt dó & cach æn díb téged dia


p.96

greim nó dia marbad ó roataig-sim Colmán mac Lúacháin riu andar léo ba banscál hé & næidhi for a muin. Romórad ainm Dé & Colmáin triasin firt-sin.

¶96] Táinigc tra faindi do Cholmán mac Lúacháin & órba cindti
5] forba a bethad dó tángcatar cugci a maic eclaise & a manaig & rochísit cáoi serb ina fíadnaisi & rochuincsett fair cetugud dóib fúaslucud an talman for a taisib næma & a mbith i scrín cumdachta eturru amail cach ardnæm & cach n-ardapstal {MS folio 88 a 2}archena fo Érinn. Rodeónaig tra Colmán sin comad comdídnad torsi dóib-sium &
10] comad chádus ar cach ngúasacht acside & nemaicsidi hé.

¶97] An tan immurgu rocomláinig sim .iii. blíadna i talmain, is annsin dorala Fursa crábdech for cúairt sechnón Érenn ó chill co cill. Ó doríacht immurgu co hÁth an Daire, is annsin roben aistri Lainne a clogc. ‘Dimmbúaid n-aisterechta for fer t'inaid!’ ar Fursa. ‘Ní
15] lamam-ne ní is mesa do rád frit.’ Rosuid Fursa íarum ic Croiss Fursa ic déscin úada an muilind cirr sair. Is ann isbert in rann:

    1. Dá chomurtha súaichinti
      ac Lainn sech cach rúaim rachaill:
      muilenn cerr fri comblethad
      ocus brat im a bachaill.
Táinigc cucu fochétóir ægaire coitchenn bó Laindi & feraid fóilti friu
20] & dobir fiss don chill gusan airchindech .i. co Cuána mac Cumaine.

¶98] Íar fairind tra dano comad hé tósech nóadhrad Fursa .i. mær na bachla cochlaige & ní fæilti doróne friss nách fria muindtir, conid de sin rofágaib Fursa do-som ifernn & do fir a inaitt & dimbúaid n-erlabra & athaisgc & sodethbriugud co bráth, ar is sodethbriugud
25] doróine fri Fursa & ní fiss tugc don chill amail tugc an t-úgaire. Tíagaitt immurgu muinnter Laindi eter sacart & airchindech ar cend Fursa & dobeir an sacart secht n-anála Dé for a muin & fácbaid Fursa dó nem & ana & sægal & secht mbríathra atberad do chomall. Dobeir íarum an t-airchindech secht n-anála Dé for a muin corigci an lic
30] i ndorus a tighi apad. Táinigc íarum an banairchindech & messar lenna & messar lomma lé corigci an lic. Fácbaid Fursa sonuss lomma & lenna co bráth sund & ní berthar doblad tariss so cid mór dogéna.


p.98

Fácbaid Fursa don airchindech neam & ana & sægal & ná berthar a erbiri bíd acht co ro {MS folio 88 b 1}gabad pater fri Lic Fursa fri Fursa & comad breth cach tres bríathar atberad & cach ní forbthi nochuincfed fo secht .i. secht troisgcid ic ulaid Fursa ar an Coimdid a n-anmum
5] Fursa co tibred Día dó. Rofritháiled tra co maith an aidhchi-sin Fursa, conid ann asbert Fursa:

¶99]

    1. Is cett lem don ægaire
      cía nobeth sund co sona,
      cía fogaba mórchennsa
      lassin Dúilem íar ndola.
      • Is de tætt ar tárcud-ne
        co Laind na Colmán credal,

        10] áit hi fagbaim ermitin
        is mó inás imar dlegar.
        • Táinigc maith an tsámaid-sa
          dom toisgc cucu buddechtsa,
          bíaid do réir mo chrábuid-sea,
          for a cet-sain mo chetsa. Is c.
Bendachais tra Fursa an cill íarnabárach. Tegcaitt immurgu na
15] manaig co Fursa & aitchitt an Comdid ris comad hé noberad a talmain taissi Colmáin meic Lúacháin. & doníther amlaid uile. ‘Indis fechtsa dúinn, a Fursa!’ ar na manaig uile:
    1. Do macne mín muindterach
      ar t'úib t'íarmúib tendmaid-ne,
      do ríg is do rígrada,
      do gnímrada gerrmait-ne.

      • 20] A congala coscaraig
        ar tæb t'íardaigi tarsem,
        rongrádis rotcrádsimar,
        rotbáidsimar rotbáidfem.

Bidgaid íarum an rí as asa chodlud & ba mebur lais an láid & mebraigid an rígan úada-som hí & an slúag archena úaithe-sim.

¶100] Ba hé so tra clérech ba ferr enech a nÉrinn. Follus ón sin,
25] ar táinigc-sim cid íarna étsecht do foráil a thighi óiged for Airechtach mac Muiredaig & dorigne an láid-so cuigi & fri senóir isin chill isbert Colmán hí.

    1. Fir timna céin bett abus
      dénatt idna, iss ed a lless,
      creitett athair conigc nem,
      ar iss é focren cach ceas.

      • 30] {MS folio 88 b 2}Crommatt cind fon eclais n-uill
        mad áil dóib rath spiraitt glain,
        adrat do Chríst credlach cross
        erett bett aboss 'ga tigh.

      • p.100

        • Tennatt corp fri crábud nglan
          do réir sámad sochla sean,
          co risatt tír n-angel find,
          is ferr lim a ndul for nem.
          • Nempní ar bith ché an doman dub,
            bíd oirb oman Dé do neim,
            ferr cert an genusa glain
            ria techt an terus-sa, a fir. Fir.

            • 5] Cóir are re dígail Dé,
              mairgc romídhair bid fa thnúth,
              ná rís ifernn n-úathmar n-ard,
              imda gol gargc ar a brú.
              • Brisiud ar sin, iss é a fír,
                deich timna Dé do neim nár,
                gním co n-iris, nertad n-óg,
                techtad na tróg is na trén.
                • Timna ele, úaisle grád,
                  dlegar do chách cid dusgní,

                  10] aoine, ornaigthi co fáth,
                  timgoire tráth conotlí.
                  • Tabairt bíd do bochtaib Dé,
                    tlath do nochtaib, begc is gó,
                    bith cen órad acge a clí,
                    méraid sin co nómad nó.
                    • Afrenn is celebrad glé,
                      ní fedalrad fand co lí,
                      dlegar ria tocht do chorp Críst
                      termud gen trístt co ba thrí.

                      • 15] Abair dam fri hAirechtach,
                        déna maith ar bochtaib Dé,
                        ar is aigci atá cach maith
                        iccon flaith, ic mac mo Dé.
                        • Mór an crech
                          tech n-æiged Críst arna meth,
                          mad ainm tigi Críst na cloth,
                          is inann is Críst cen tech.
                          • Ná ceil dam-sa in fírindi!
                            dá cele-sæ tárastar,

                            20] na tabrad a druim fria Ríg,
                            ná ría an tír atágastar.
                            • Tech n-áiged na mbocht fo bail
                              ria tocht a ngnúis Dé do neim,
                              ní ferr grés ar crábud glan
                              dia rab lat dogrés, a fir. Fir.

¶101] Araile scél forathmentar sund .i. Becrachán, manach do manchaib Colmáin hé & iss é an sechtmad fer luid leis do Róim béus
25] & iss é fil hi Cill Becrachán fri láim Colmáin meic Lúacháin & is sær hí ar chíss ríg & flatha{MS folio 89 a 1}. Tugcsat immurgu muindter Laindi


p.102

d'Ú Scoil hí for a manchine co bráth. Ní dlegar dano do Feraib Tulach cethernn timchill ríg Midhi forru acht a gille each an tan bías isin Cróindsi ar son na cethernne timchill & ní dlegar díb dol a cath illó catha acht imon ríg & deoraid & amais.

¶102]
5] Araile scél dano forathmentar sund. Fecht ann fæmait na trí Colmáin móra Midhi trian slóig do dingmáil do ríg Temrach acht co mbeth dia réir .i. dá cath do dénum do feraib Midi díb & trí catha do feraib hÉrenn díb & an tres cath díb-sin .i. do na trí Colmánaib Midhi, conid ann isbert in rand:


    1. 10] Cach olc do muir is do thír
      tigc fri Temraig tothacht mín,
      comlann ris ac Ríg neime
      na trí Colmáin cænMidi.

¶103] Follus tra asna scélaib-so Colmáin meic Lúacháin nách fil clérech is amru ac Día oldás-som. Ar cía clérech ele a nÉrinn ro-imthig an loch cen eathar acht éisium?


15] Cía clérech dano ar rossluigc talam a n-ænfecht an uile díarmidhi eter dæine & echu & conu feib rosluicthea da bréithir-sim a ænar?

Cía clérech dano rotathbeóaig trí marbu fo chosmailes Críst acht éisium féin?

Cía clérech dano is cell chottaig dia manchaib féin acht a cheall-som
20] namá?

Cía clérech dano dia ndernnsatt na hallta umalóitt dia ndeóin féin acht dó-som?

Cía clérech dano da fil muilenn cerr do chum achta a mírbuile acht éissium?


25] Cía clérech dano gus'tángadar muindter ifrinn fo forcongra hi richt foiche acht cuicci-sim?

Cía clérech dano cus'tángadar muindter neime fo forcongra co ndernnsat grafne n-óenaigh {MS folio 89 a 2}dó ana fíadhnaissi co himnmlán?


30] Cía clérech cus'táinigc Críst féin hi richt claim ic Crois Clamán acht chuigci-sim namá?

Cía clérech dano dorigne cruthnechtt don eorna acht éisium a ænar namá?


p.104

Cía clérech dorigne céo lomma do englais midg acht éiseam a ænar béus?

Cía clérech dano robáid indsi cona dæinib fo loch acht éisim ana ænar béoss?


5] Cía clérech dano dorigne ferta & mírbaili ríana geinemain acht é-sim a ænar?

Cía clérech gusa tángadar angil a n-aidchi a gene co céolaib dersgaigthecha acht cuci-sim?

Cía clérech dano dia ndernad tairchetal ratha Dé ria feis a máthar
10] fria athair acht dó-som?

Cía clérech dano rochotail fon sruth ón tráth coraile cen fliuchad a éttaig acht é-sim?

¶104] Huc usque signa fiant & c .i. ní coimsidh nech dechmad an neich dorigne-sim do aisnéis acht mane tísad a aingel comaidechta nó
15] spiratt a anma féin ana churp doridhisi dia falsiugud. Ar issíso teisd dobir Cruimther Cassán Domnaig Móir & Mæltuile mac Nóchuire & Colum Cille ac a molad .i. cía dofætsad nem for talmain dogéna Día are-sim a athnúadugud doridisi 'sa sonairti cétna. Ar ba fer glan idbartach toltanach é-sium don Choimdid na ndúla amail Abél mac
20] Ádaim; prímfáid fri tairchetal todochaidi amail Issahías mac Namais; cend irsi & creitim íarthair an betha amail Abrám mac Tarra; prímtóisiuch togaidi an popuil iræsaig tria muir na baisti & na dergmarta amail Móisi mac Amræ tre Muir Rúaid; salmchetlaid cennais dúthrachtach fri cantain tsalm amail Dauíd mac Íasse; {MS folio 89 b 1}fer
25] fulaing fochaidhi & treablaitti ar an Coimdid na ndúla amail Ióp fochaidech; istudloc toghaidhi do ecna Dé & día airchetal amail Pól apstal; comarba óigi & genais na eclaisi tiarmórtighthi amail Eóin mbrunndalta; prímliaig cuirp & anmae cach iræsaig amail Lúcáss suibiscéltaide.

¶105] Ba hí-so ríagol a chrábuid .i. trí renna dogníd don aidchi
30] & cethri huaire cacha raindi. Dogníd-som immurgu trí cét sléchtain isan chétna raind & no canad na trí .l. isin rainn tánaisti. No hetarscarad dano a menmain óna talmandaib cusna nemdaib i teóir isin tres raind. Dogníd immurgu .iiii. celebartha cach lái & no chanad .l. salm iter cech celebrad & no baisted & no pritchad & no chanad
35] ernaigthi imda ele archena.


p.106

¶106] Ó thainigc immurgu cusna dédenchu dó-som, ar ní raba fuil ná feóil fair, ar roforbanastar a bethaid triasna hæintib cíanastib & triasna frithairib aidchidib, iss ed sin immurgu indisitt na senchusa næma nách do galar sainruthach etir atbath, acht aingil an Choimded tancatar día thogairm i forba a bethad, dicentes: ‘O bone Colmane, festina ad nos’ .i. ar cia bé-siu isna talmandaib atchíam-ne tú amail catharda díless hi neim. Conid amlaid sin immurgu roforbanastar a bethaid etir na himacallma anglecda & na cumsanta díada. Iss ed immurgu indisitt na scríbenda díada conid é-sim féin bus brethem for a manchaib & for a manchesaib illó brátha & ní bérthar nech díb úada a n-ifrinn acht æn do chétt & cid hé sin bid drúth nó díbergach nó mac mallachta. FINIT.