Corpus of Electronic Texts Edition
Wunderbare Geschichten von Corpre Cromm mac Feradaig (Author: Unknown)

p.224

Rígfendidh cródha aindseirc robói i Connachta diarbo comainm Cairpri mac Feradhaigh. Fer cróda coscrach, fer debthach díbercach, fer mídénmach, fer aindsclech urbadach oc milled & oc díbeirg na crích & na cennadach comfochraeib. Dognídh ra crecha & oircni forsna críchaib fa comfocus dó & noberedh a fássaigib & i foithrib lais sin. Nognáthaiged co menic i n-airimlib Lacha Rí & Sinda for díbeirg. Et dogníd oircne & crecha ac Eblaigib tairis sair i críchaib cíanaib & nobered i nDubthor Connacht. Cotlais iarum i n-araili aidchi i nGarmain átha Lúain, nónmar a lín. ótractadar arnabáruch atconncatar iat féin nochta cen étaighi impa. Atconncatar dono a curpu féin ina fiadhnaisi & ba machtud leó-som inní sin. ó robói cách díb ic fégad a céili ní fetatar cidh dogéntais. Isí tra comairli dorónsat: a cuirp do fácbáil ann sút & techt do saigidh a mban dia fiss in iat a cuirp dobátar nó dono in a spirait amáin robátar ann.

Lotar didiu isin ló solus dochum a mban & deisitar for colba in tigi & ní tucsat a mná óidh & cid fota nobeitís oc labra friu, ní cluintís íat. ‘Tabraid biadh dia chaithim dún’, ol Corpre, ‘ar maso iat a cuirp filet imaind, caithfimit ní, & mine biat, ní caithfem & ní bia esbaid for a caithfim-ne de.’ Tucsat biad cuca iarum & ní faca nech istaigh a tabairt dóib cuca & ní bói esbaid fair, acht slicht a mbeóil amáin ann & ní faictis cach conair no-téigtis & ní tairmisctis na dúili impu cach conair rop áil dóib.


p.225

Bátar són tra fri ré secht lá amlaid sin a n-écmais a corp & siat for sechrán i coimtinólaib & a n-oirechtaib & ní faicthi iat.

Tecait co araili ndálloc bói ac Brénaind Birra. Atchí iarum Brénaind iat amail robátar ann. Itbert Brénaind: ‘Ca táithi, a trúagha’, for sé, ‘& cia imned dorala dúib?’ ‘A tigerna’, for siat, ‘guid-si in Coimdhi ma fis im ar comarlecad do saigid ar corp doridisi.’ ‘Eirgeid’, for sé, ‘a n-ainm na Tríndóiti do saigid bar corp doridisi et téiged Díma mo dalta-sa lib.’ Tán-catar díb línaib iarum .i. Corpre & Díma & muinter Corpri co hin Garmain átha Lúain. Docótar ina corpaib doridisi & ro-feidligsit indtib fri ré ciana iarsain, conic de sin dligius Brénaind Birra screpul ó cach duine do síl Corpri Cruim.

Bói Corpre for díbeirg béus & dognídh ulcu cáich im cech ní béus. Dorala dó-som fecht n-and iar cor díbergi tect trí nónmair co Daire Crema Corco T[...] Táncas cuigi in adaig sin & romar-bad hé & rucad a[...] co dochar1 Clúana Bairend & forfácbad forsin nglaislicc úana[...] himedón itochair2 béus hi tosach fogamair3 do sunnrod. Ciarán mac in tsáir hi Clúain maic Nóis in tan sa. Gar reimi sin doróine Corpre a fáisiti do Dia & do Ciarán & tuc a coibsena do Día ina fíadnaisi. ó'tcúala in cléirech a marbad, docóid side co Tulaig nDroma & doradudh in corp cucu immach & robenait na cluic ac na cléirchib annsin imon conid de atá ‘Ard na Clocc’ forsin béus.i. forsin mbaili. Táncatar ar sin co hairm a mbátar lucht in baili & in cenn. IS ann robói demon ic coimét in cind annsin. ‘Cid dogní annsin?’ ar Ciarán. ‘Manuch díles dam intí isa cend’, for sé, ‘& is aire atú ad comaidecht.’ ‘Ac tra’, ol Ciarán. ‘Ní fír són. Fer fáiside dam-sa & do Dhía hé’, ol sé. Berar úadha in cend iarsin & fácaibther demon a aenur forsin licc, conic de sin nach maith saltrad forsin lig forsa fríth in cenn, ar ní déin a les intí saltras in lá dogní. Berar in corp & in cend cu Clúain meicc Nóis iar sin, co tugad in cenn forsin méide. Tugad iarsin adurt Ciarán fon cenn, co rolen don colainn tre bréithir Ciarán, co roaithbeóaig Cairbri ó marbaib. Ba crom a muinél ósin ammach, conic de rolen Cairbri Crom de.


p.226

Rogab Cairbri rígi úa Maine & dorat cúilfat4 a fód fri haltóir do Día & do Chíarán & na hImlecha a screbull a todúscthe et dorat mallachtain dontí dia chlaind dobera a mainchine ó Chiarán co bráth. & atbert beóus co sgértha ríghi & airechus forsintí doroisidh a mainchine for Cíarán co bráth. Fiarfoigis tra Cíarán de in rugad dochum nime nó iffrind hé. ‘Nímrugad’, ol sé. ‘Ar ní berar anum dochum nime nocu n-adnaicther in corp. Bátar tra demain & aingil ic imchosnum 'mon anum ó doscarsat frisin corp hé. Ba treisi tra’, ol sé, ‘don fáiside & don íarmeirghi ná dona holcaib ro-áirmidis demain form.’ Conid mairg bís can fáiside de sin dogrés.

Finit.