Corpus of Electronic Texts Edition
Story of the abbot of Druimenach, who was changed into a woman (Author: Unknown)

p.76


3]

Aroile óclách robæi i n-abdaine Druimenaigh, trialltair
4] lais fled morchain do denam do fritheolad na cásc.
5] Iar n-ullmughadh na fledhi téit in t-oclach amach asin
6] m-bruidhin & suidhidh for cnoc ardmor ur-áibhind bai ós
7] cinn baile & is amlaid bói in t-oclach & at lan-maisech
8] lín uma chenn & leine don t-sróll ríghdha re g-custal a
9] gheilcnis & inar suaichnidh somaisech tairsi anechtair &
10] bratt don scarlóid dubh-dhuinn ar tondghail ina timcill &
11] cloidhemh or-dhuirn inaonaigh ina láimh & ar rochtain
12] ar in tulach dó tuc a uille fri lar & ro codail. Et
13] iar muscladh dó asa chotlud an tan rob ail leis a
14] chloidhimh do ghabháil ní fhuair acht arm mná 'na inadh
15] .i. cuigél. Et is amlaid ro búi & scuird leine mná uime
16] co talmain & is ed bai ar a cenn frithlacht mná .i.
17] folt fada fathmand-chaol forórdha fíor-mhaisech fo cléith
18] a chinn & an uair tuc lam tar a agaid ni fhuair finda
19] n-ulchan na fésóige fuirre & do-rat a lam idir a shliastaibh
20] & fuair comhartha bandachta ann. Araisin nir chreid


p.77


1] an t-óclach dona comarthaib égsamla sin, ar robu dóigh
2] leis is fuathugudh & draoidhecht ro h-imredh fair. Asa
3] h-aithle sin tic secha aroile ben mór & sí éidigh imodhur
4] urgrándha ina h-arrocht ghrendach glais-liath glend-shuilech
5] & is edh ro ráidh: ‘Cidh duit, a ingen min macdhachta
6] mong-buidhe, beith at aenar ar in tulaig-so h-i fescur
7] laoi & i n-urtosach oidhchi?’ Et ba dubach derach dobronach
8] bai-simh dona scélaib-sin & adubairt iar sin:
9] ‘Ní fedar festa cidh rachad no cred do-ghén. Uair cia
10] dom tigh dechar ni tipraid mo muinter aithne form &
11] mad imthecht doner is baegal d' aenmnai imthecht ina
12] h-aenar. Arai tra is ed is ferr damh dol fón doman co
13] ruca Dia breith form, or is h-é ro shaobh mo chruth &
14] mo delbh & dom-rad a n-ecruth & a n-aindricht. Acht
15] chena cia dom-rad Dia a n-aitherruch ecaisc, do-beirim fom
16] bréithir a bh-fiadhnaisi an Dúilim nar chrochus duine &
17] nar fhellus ar aon & nach tucus sár ar cloc ina ar
18] mind ina ar bhachaill & nar chraidhius cill & nach dubart
19] olc fri nech & nach dechaid aoidhigh dimdhach óm
20] threiph ina óm theghdhais riam’.


21]

Ro eirigh iar sin don chnoc & don tulaig taithnemaigh
22] taobh-alaind & do-rinne nuall-ghubha neimelach & caoi
23] trom tuirsech & is ed ro ráidh ac eirghe don chnuc:
24] ‘Truagh’, ar se, ‘nách suighinn talam na tulcha-sa


p.78


1] misi isin tan-so, oir ní fhedur cidh rachat no cred do-ghen’.
2] Ro imthigh roimpe iar sin tar fán an chnuic siar co
3] riacht co faithchi Croimglinne .i. ceall ro bói fri Druimenaigh
4] aniar. Tecmaidh iar sin aroile óclach mór
5] milita dhi ar faithchi an baile & tuc an t-óclach grád
6] dichra dofholachta dí & ro gabh for a guidi & nir gab
7] uaithi co n-deachaid ina gnáis & ina caomhthach & iar
8] feis doibh ro fhiarfaig in t-óclach don ingin ga crich asa
9] tainic & cia h-i fein. Do ráidh an ingen fris nach fuigbedh
10] a fhis-sin uaithe damad cian gairid doibh a bh-fhochair
11] aroile. ‘Misi’ ar in t-óclach ‘do-gén mo shlonnadh duit-si,
12] or is mé airchinnech na cille-si darbo comainm Croimglend
13] & testa mo bhen da bliadna uadha & bidh tusa mo
14] cheile cubaid comaisi’. Et do-chuadar maraon iar sin do
15] thigh an oirchinnigh & ro feradar muinter an tighe fáilti
16] midhchuir muintremhail fria-si & bai secht m-bliadna
17] aige ina mnái & ina bainchéile & móirsheisir claindi ruc si
18] dó frisin ré-sin. Tic iar sin techta cusan oirchindech
19] ó shámhadh & ó choimthinól Druimenaigh dia chuiredh
20] fon cáisc & téid sisi maraon frisin n-oirchinnech cusan
21] cnoc ar' saobadh a cruth ar tús & do-fuit a cotlud

p.79


1] fuirri-si fochétóir isin chnuc & téid an t-oirchindech cona
2] muintir don chill & iar musclad don ingin asa cotlud is
3] amlaidh ro bói ina fior fon coimdeilbh ceta-robai riamh &
4] fuair a cloidem cros-órdha cumdaigh for a glún & is ed
5] ro-ráidh: ‘A Dhé cumachtaigh, is mór an ciach a fuilim’ &
6] do-choidh iar n-acáine dermhair dia chét-árus & as-pert a
7] bhen fris iarum: ‘Is ro-fhada atái a n-écmais do thighe’.
8] Is annsin ro bai an tegh n-óla arna oiregar & ro h-innsedh
9] an scél ingnadh sin do lucht an tighe & araoi nir
10] chreidedh an scél-sin uadha, ar adubairt a bhen nach
11] raibhe én-uair do ló 'na h-écmais. Fo deoigh iar tabairt
12] na comhartha n-imdha n-écsamail ferthar a scél-sum &
13] berar breth etorra & airchinnech Croimglinne & is i
14] breth rucadh etorra in chlann do roinn ar dhó & an mac
15] imarcaid bái ann do thabairt don airchinnech ar son an
16] altruma & is amlaid ro scarsad fri aroile & rl.