Corpus of Electronic Texts Edition
The Miracles of Senan (Author: Unknown)

caibidil 6

{editor's section 13}

Uair ele do chúaid Mathgamhain mac Domhnaill, mic Muircertaigh, do breith áirnéisi do bái arna Carnánaibh leis ar eiccin, & íatt ar comairce comharba Senáin; & do gabh tre buailidh an choitcinn. Ocus do h-eiccedh air, & tainic in comharba & in coitcend chuca, & do feradh treis aggarbh ettorra ar lár búailedh in choitchinn. Ocus do chaith Mathgamhain féin dá soighitt risan c-comarba & do bhuail air íatt, & nir tholl cidh a aédach. Ocus anuair do connairc Mathgamain an comharba


p.20

ag imthecht, do chóid féin fón c-crodh, & do marbh mart dibh. Ocus beiritt na cléirigh an chuíd ele leo dibh, & ro fuirigh Mathgamain 'san m-baile ind oidhche sin. Ocus do gabh galar trom é, gur bó marbh, & gur mhair cethraimhe don mart sin do marbh fein, & a croicenn dia éis, go f-fuil sin ar cuimhne o sin anúas.