Corpus of Electronic Texts Edition
The Miracles of Senan (Author: Unknown)

caibidil 5

{editor's section 12}

Feacht ann do gabh Donnchad mac Domhnaill mic Briain ruaidh cendus ar crich Chorca Baiscind, gur chuir a shlóigh & a buannadha istech foran tír, & ro bái d'iomat a cheithern & a dhamh coimhittechta, co roichedh búanda arna trí búaibh da raibhe 'san tír, & nír dhiol doibh sin. Do chuaidh Donnchad Úa Briain fein do shárucchad cheall t-Senáin, & do thabairt a c-cruídh uatha d'áis no d'éiccen. Ocus do cuaidh go Cill na Caillighi, & go Cill Chuiridáin, & go Ros an Aircéil, &


p.18

do h-airccedh lais íatt. Ó 'tcuala comharba Senain sin, do thionóil an dara comharba chuicce maille lena raibhe do chléircibh annsa tír, & andsan m-baile sin t-Senáin. Ocus tuccattar a c-cluicc, & a c-ceolána & a m-bachla, & a n-uile mionna léo, & do chóttar bail i r-raibhe Donnchad, & adubhrattar, muna t-tuccadh sé doibh gach a rucc uatha, go c-cuirfittís Día & Senan 'na diaigh air. Ocus adubairt siumh, {MS folio 245a} nach tiubradh. Iarsin tuccattar san gáir mór, eter cleirech, & céolán, & clocc, & bachaill, gur chomhmbuaidhrettar a chiall, & gur mesccattar a inchinn ina chiond. Adubairt siumh fríu: ‘Gabhaidh búandadha’, ar sé. ‘Do dhénam sin’, ar na cleirchi, ‘& cuirmít Senan 'na dhiaigh ortsa.’ Do cuiredh deichneabhar ar coitcheann Senáin, & a mhéid do toccratar féin arin c-comharba, & búanda ar Mac Sioda an chluicc, & búanna ar chleirigh Ruis na n-Arc, & buanda ar chleirigh Cille na c-Caillech, & buanda ar chleirigh Chille Cuiridáin. Oirisit marsin o fhéil Senáin go céid-féil Muire. Ocus do chuir Dondchad fios arna búandadhaibh annsin chum aidhmillte do denamh i n-aird oile. Ocus do marbadh Donnchad annsin, & an deichnebhar dá bhraitribh do bí maille ris ag sárucchad Senáin, & na búandadha uile. Ocus os é Brián nár sharaigh Senán, do imthigh slán.