Corpus of Electronic Texts Edition
The Miracles of Senan (Author: Unknown)

caibidil 3

{editor's section 7}

Fecht ele da thainicc Risderd de Clara líon a thionoil go crich Corca Bascind, & do h-airccedh an tír léo, eter túaith & chill, & do sháraigh sé tempall Senáin. Iarsin teid an gall da daingen, & dún-árus fein. Ocus fa dubach droch-mhenmnach an samhadh & a coitchenn dá sárucchad i neimedh Senáin, & da-rónsat sin gerán fri Día & fri Senán. Ocus do iarratar ar Dhía cend na comhairle do chiorrbadh; & an lucht sínte laimhe do léir-sccrios.

{editor's section 8}

Tainic Senan in oidche sin d'ionnsaicched an t-sacrista. Ocus do fhiarfaigh an sacrista de ca raibhe ag dol. Adubairt Senan go rachad do dhioghail a sháraighthe arin c-Clárach, & do gabh an rann dó:

    1. Do deonaigh damh Rí nimhe,
      Rí an t-sloigh, cend gach comhairle,
      Lucht craite mo cuirp fam cill
      A c-cuirp do cradh gan choigill.
Cidh tra acht nir bo cudrama an coimhgleic, úair tarla buille do trosttán Senáin don Chlárach, gur thimchill a shaoghal; & do

p.14

innis fein ar na mharach día mhuinntir, go f-facaidh se cléireach 'san aird aniar chuicce go f-feirg móir, & gur mhescc a chíall & a chuimhne, & gur bhúaidhir é uile. A c-cionn an tres lái iarsin do chúaidh an Clarach for sluaighedh, & do gabhadh a chosae {MS folio 244a} & a lamha fair, go f-frith i n-aisccidh é, & co f-fuair bás tre mhiorbhail Senain, gér bó fer comhlaind cet conuicce sin hé.