Beccán do sccélaib Senáin an ard-naoimh uasail oireghdha annso, do róine na fiorta follus-mhóra & na míorbuile toghaidhe sí, & antí aga rabhatar naomhóga lom-nochta gan croicinn acc iomloctadh chuicce & uaidh tar an b-fairrge; & antí do sháidh a bhachaill eter na buaibh & na gamhnaibh, co nach facaidh bó na gamhain a cheile dibh, & antí {MS folio 242a} riasa t-traighedh an mhuirlán, & 'ga líonadh sí 'na diaigh, & é ag breith damh a athar lais. Ocus an damh do ithettar na coin allta ind acchaid sin, ro bás acc tabairt a aithbhir fairsiumh. Iarsin immorro no ticcedh damh allaidh asan sliabh gusan seisrigh nó gusan ughaim tre rath an mheic so, & do theighedh 'san ughaim uadha féin, & do threabadh mar gach n-damh oile.
{editor's section 2}Ba maith rath an mheic so .i. Senán, óir do biod deichneabhar & secht fichit senoir salmach do lucht cuinge crabaidh & d'fior-muinntir Dé gach n-oidhche 'ma mhéis, mar dherbus an rand so:
- Secht fichit senóir salmach
'Na theglach go méd remenn,
Gen ar, gan búain, gan tíoradh,
Gan gniomhradh acht madh leighenn.
Do bí immorro an tegh sin re linn t-Senáin ag freccra an móir-fhedhma sin; & ro faccaibh Senan a bhennacht ag gach comharba da tiuccfadh dia éis do chionn a einigh do coimhétt. Ocus as í aithne deighenach do aithin ag dul docum nimhe dó, a shamhadh & a einech do coimhett mar dherbhus an rand so:
{editor's section 3}
- Mo bhoicht is mh'aidhidh go h-án
Tarm eis, a maccan. et reliqua.
Cid tra acht ní fétfadh tenga a tuiremh acht muna beith Dia 'ga furáilemh, {MS folio 242b} a n-derna Senan do mhíorbuilibh, & do mhóir-fiortaibh tre rath an Coimde. Acht cena, an méid as toghtha & as uaisle díbh atád scriobhta hi seinleabhraibh fó chádas & fo onoir móir. Ní dona fertaibh na dona miorbhuilibh do ronadh remhainn re lind t-Senáin as ail lind labairt anois, acht na neithe nuaidhe nemh-doirche, & na fiorta fiadhnacha, & na miorbuile mor-aidhble doní se anois, & do rinne re lind Toirrdhealbhaigh mic Taidg, mic Concobhair, mic Donnchaidh Cairbrigh, do bí 'na Úa Bríain náoi m-bliadhna fichet, & re lind Dondchaidh mic Toirrdelbaigh mic Taidg, & re lind Diarmata mic Donnchaidh, mic Briain ruaidh, & re linn Mhuircertaigh mic Toirrdelbaigh mic Taidg. Oir ni raibhe mac i n-ucht, na inghen ar altrom, na ócc, na áosmar, nar bó fiadain ar na fiortaibh
Scela an Toirrdelbaig sin mic Taidg. Do ghabh sein ricche an gharbh-chóigidh .i. Tuadmuman, & do bái gach maithes re a linn, oir do ba torthach talamh &c. Ocus ro bái re h-athaid d'aimsir mar sin. Iarsin immorro do tóccbadh nós & dlicched i n-aimsir Thoirrdealbaigh: gibe duine do muirfedh duine ele 'san tír, muna beith a lain-éraic aicce fein, a búain da aicme; & muna beith aga aicme, a bhúain da thúaith; & muna beith 'ga túaith, a bhúain dona secht tuathaibh bud goire doibh. Do h-airccedh & do lomad morán leisan nós sin, & ge do éirgettar uird riaghalta na h-eccaílsi, nír cuiredh an recht sin ar cul léo.
{editor's section 5}{MS folio 243a}Tarla do dhuine do muinntir Senain duine do marbadh; & do bái an éraic aga h-iarraidh ar thermann Senain; & adubairt an comharba, & an prióir, & an sacrista Innsi Cathaigh, & in coimhthionol go h-iomlán, nach tiubhraitis féin uatha hí, & gurb eccóir a h-iarraidh ar aonduine acht ar anti do dhenadh an gniomh, & nir gabadh sin uatha; óir tainic Toirrdelbach mac Taidg féin da n-ionnsaicched, go rainicc go tegh