Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 46

Iar mbeith do Declan easlan agus anbfann ina bhrioghaibh do leith a chuirp agus slan ó dotcus agus ó creidemh agus o gradh De tainic da chatraigh fein ar ccrunniucchadh a phopail agus a deiscipal agus a chleirech ina timhcell. Agus de shenmoir doibh aithenta Dé. Agus do teccaiscc doibh a mbetha do thabarth as go maith andiaigh a bháis féin agus beith umhal dona huactaránaibh agus a lorcc fein do lenmain mar as mó do fedfattáis agus achathair do coimhéatt i staid agus irriaghail crabaidh. Agus ar neistect an chomráid sin do cach do chuir orra go mor a fhis do beith aca go rab trit adubairt siumh sin go raibhe a fhios aicce gur gherr in aimser go rachadh sé chum nimhe uatha féin. Agus do chuir solas orra o bhriatraibh cennsa agus tuccadh chuicce ann sin an nech naomtha adubhramar .i. Macliag a dubairt fein agus do ghabh sé Corp Criost agus a Fhuil agus Sacraimint na hEcclaise da láimh etar a naomhaibh agus a dheisciplaibh agus do bhennuigh a phopul agus á serbhóntaidhe agus a dheiblein agus do pócc íatt a ccomhartha gradha agus siodha. Agus mar sin ar sccrios iomháighedh agus edbartha na na modal agus ar hiompódh morain do phoiplibh chum creidimh agus ar norducchad mainistreach agus órd na hecclaisi in ionadhaibh ecsamhlaibh agus ar ccaithemh a aimsire go conaigh agus go naomhtha do cuaid an t-epscop glormar sin .i. Declan, leis na hainglibh go flaithemhnas glórmhar isin náomhadh Kl23 do mí August agus do naomadh a chorp agus do honóraigeadh o Aiffrionnaibh agus o channtairecht le naomhaibh agus le popal na nDéisi agus le na mhanchaibh agus lena dheisciplaibh fein ar ttiomarccain chuicce as gach aird in aimsir abhais.


p.72

Agus do hadhlaicedh go honorach e ina catraigh fein in aird Declain isin tumba do comhartaigh se fein o fhurailemh an aingil neoch do ní miorbuile agus comharthadha naomhta osin anúas agus do cuaid in áentadh an Athar agus an Mheic agus an Spirait Naoimh in scecula sceculorum, Amen. Finis.