Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 45

Agus ar na thuiccsin do Dheclan gur bó gerr alaithe deighioncha uadha agus go rabhattar angar dó tuccsé a dhalta féin da ionnsuighe .i. Macliag as an mainistir ata san taoibh toir dona Deisibh ar chomair Fhear-nGailian ionnus go ngabadh se Corp Criost agus a Fhuil agus Sacramainti na hEcclaise asa lamhaib in uair a bháis. Agus do foillsig se la a báis da dheisciplaibh agus do fhurail a breith da catraigh fein oir ni hinnte do bí an tansin act i sella bhecc onorach do ordaigh se do denamh dó, etar an cnoc re nabarthar Árdmor Déclain agus an mhuir in ionad chumang ar bruach na fairrge agus as laimh ris gabhas an srutan glan solus on cnocán anuas chum an mhara agus atád croinn agus biledha aga timchealladh re nabartar Diseart Declain. Agus as becc an mile uadha go nuicce an cathair. Agus ise adhbhar far gnataigh Declan beith ann do theichead o trioblóid agus o chongáir, ionnus go ffetfad sé bheith ag leghadh agus acc urnaighe agus ag trédhenas ann, agus nir burasa do beith annsin fein ger buáignech e ar iomat a dheiscipal agus a bhocht agus a oilitrech agus a ceithirne do bídh ina diaigh. Agus do bí se deigheinigh búidh trocaireach, agus ar an adhbhar sin aderar ona senndaoinibh go mbíttis


p.70

slúagh mor do ghnath i ccoimhitecht Declain agus do ba ro ionmhain leis an sealla becc ar an adhbhar sin adubhramar agus aittreabait daoine iomda crabhaidh ann do gnath.22