Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 42

Araile aimser tainic cobhlac eactrann dionnsaighe cathrach Décláin agus asé doba sún doibh an baile do milleadh


p.64

agus do creacad ettar dáoinibh agus cetruibh oir doba daoine do bí inacchaid an creidimh íatt. Agus tangattar móran do luct an baile le deibidh20 móir dá innsin do Dhéclán an coblach sin do bheith ag tect dionnradh an bhaile agus da rádh furtact Dé diarraidh in anaghaid. Do bí a fhios ag Declán an nech doba naomhtha conaighe dá deisciplaibh féin agus tar attangamar túas .i. Ultán, agus do fhuráil air guidhe Dé do denamh in acchaid in cobhlaigh. Agus do gabh trocaire Ultan don phopal Criostaighe agus do cuaidh Ultan go luath le breithir Decláin in acchaid in chobluigh agus do togaibh a laimh clí ina nacchaid. Agus ar in lathair sin do shluig an fhairrge íatt mar shacaibh lán do luaighe. Agus do tionntóidhedh na mairnealaigh déis a mbáitte hi cclochaibh móra. Agus ní fada amach o tír an t-ionad ina bfuilit imbél an chuáin agus as follus iad isin bfairrge go hard ó shin anúas agus gac uile Criostaighe do connairc sin do gabh gáirdechas agus luathgaire iad, agus tuccatar moladh agus gloir do Dhia agus do Declan da bpatrún féin da ttainic na iniorbuile sin do dhénamh agus morán do mhíorbhuilibh ele maille friu. Agus do bí imresain etar Ultan agus Declan fán míorbhail sin óir is a leith Declain do chuireadh Ultán iad, agus is ar Ultan do chuireadh Declan íad. Agus ata mar shenfhocal ar cuimhne in Erinn an tan docluinit periacail no guasact con abraitt siatt:—‘Lámh clé Ultáin it aghaidh.’ Agus do bí Ultan indiaigh báis Declain ina abb miorbhuilech ar móran do mhancaibh naomtha ele.