Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 41

La náen do ghabh teine caislen righ na nDeisi .i. Cinaedh, agus do las go dasactach. Agus tarla go raibhe Declan ag dol dionnsaighe an chaislein le gnouigibh eiccin, agus rob olc leis mar do connairc an caislen ar lasadh agus tucc urchar don bachaill adubramar leis ar traighedh an muir dionnsaighe an chaislein agus do chúidh si ona scciatanaibh diadha ar foluamhain isin aer go rainicc medhon na lasrach agus do much go hopann an lasair uaithe fein do grasaibh Dé, agus tre miorbhuilibh na bachlae agus Declain ag a raibhe sí. Agus dob fada an mile on ionadh asar chaith Declán an bhachall gus an ccaislen agus ar bfaicsin na míorbuili sin don rígh .i. do Chinaed agus do chách uile rob iongnadh leo hé. Agus tuccattar buidechus do Dhía agus do Dheclan ar na aithne doibh gur ab e do rinne sin. Agus ní fada on tSiuir an t-ionad ina bfuil an caislen sin .i. don taobh theas dhi. Agus is ann atá an t-ionadh asar chaith Declan abachall laimh sir an ath atá ar an Siuir, no sruth gabhus laimh sir an mainistir do rinneattar na hogha naomhtha ingheana righ na nDeisi, .i. Cinaodh, a nonoir do Dhia dar ab ainm Madlaca agus ata carn cloch agus cros annsan ionad sin do cuimniughad na míorbhuile sin.