Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 40

Ar na fhios do neoch naomtha .i. dAilbhe Imligh lubhair dardeaspoc Muman go rabattar a laithe deighioncha a bfoccus dó, adubhairt lena deiscioplaib: ‘A braithre gradhacha isé do bail limsa mo chompanach rogradhach dfiossucchad ní as taoscca ina do gébh bás .i. Declan.’ Ina diaigh sin do ghlúais Ailbe chum a slighedh agus tainic aingel Dé chum Déclain agus do innis dó Ailbhe do bheith ar slighidh da ionnsaighe. Agus do fhurail Declan la breithir an aingil ar na deiscioplaibh an tegh dullmugadh fa comhair Ailbe. Agus do chúaid ind airrcis Ailbhe gus an ionad re nabarthar Druim Luctraidh. Agus tangattar le ceile don bhaile agus do bás go roonórach ris ag Declan, agus aga phopul agus do bí Ailbhe ina focair ceithre la dég in onóir agus in gairdeachus. Agus ina dhiaigh sin do iompó


p.62

an sennáomh tar a ais arís da cathraigh fein go hImlech lubhair. Agus tainic Déclan agus dáoine iomda lais go Druim Luchtaradh do thiodlacadh Ailbhe. Agus do fhurail Ailbe ar Declán iompódh da catraig féin agus do bí a fhios ag an días sin nach faicfittis a chele go brath arís ar an saoghal so. Agus ag delucchad le cele doibh do theilgettar dera treundoilge agus do chenglattar pairt agus cumann ettar luct anionad ina ndiaigh go brath. Agus do bhennaigh Ailbhe cathair Decláin agus a clíar, agus a popul agus do rinne Déclan mar sin dósan. Agus tuccattar pocca a ccomarta gradha agus sioda da ceile agus tainig gach neach aca da chatraig fein iarsin.