Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 39

Duine saidhbir dar bhainm Fionntan do bi gan cloinn aige dáigh ba haimritt aben aimser mór do bliadhnaibh, agus tainic féin agus abhen cum Declain, agus do gheallsat almsana iomda do, agus gnathucchad dhegh oibreach, agus eisiumh do guidhe ara son chum cloinne dfágail doibh oir doba deimhin leosam act go nguidedh Declan ara son go ttiubradh Día clann doibh. Agus adubairt Declan an sin ar nguidhe Dé agus ar mbennachad na deisi sin: ‘Tiaghaidh dá bhar ttigh agus do ghebtáoi clann othiodlachad Dé.’ Agus do imghettar an lanamhain sin maille le gairdechus mór an bhennaighthe, agus gheallta ar cloinn dá ttigh for ccúlaibh agus anoidche ina diaigh sin do chodail Fionntan a bfochair amhná agus do gabh sí toirrces chuice agus rucc dias mac .i. Fiacha agus Aodh, agus do battar síad, maille le na ccloinn agus le na slioct, fo chios agus fo mhancine do Día agus do Declan.