La náen tainic Declan gus in ionad ris araiter ait mBreasail agus nis leiccettar aittrebaigh an bhaile sin ina ccaislen hé, agus do fhoilgettar anartraighe uile ionnus nach fedfadh dol da inis féin óir tuccatar an drong sin fuáth ro mór dó, gidedh do rinne Dia na nuile chumhacht ar son naomhthacta aóccláigh féin do guidh é maille le foighittin gur ionntó sé an mhuir na talamh tirim mar do chualabair thúas, agus do an Déclán an oidhce sin istápla fholamh do bí amuigh ar in ffaithce agus ní fhúair teine amáin o luct an bhaile. Agus as oirches táinic inneachadh o Dhía orrasan o nach raibhe do trocaire ionnta tene do thabairt do dheiscipal Dé óir tainic teine do nimh orrasan do loiscc iatt uile etir baile agus caislén ionnus go ffuil oshoin ina fásach mallaigti mar atá sccriobhtha on fáidh:Ciuitates eorum destrusti16 .i. discaoiltear cathracha na ndaoine míotrócairech.