Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 32

Aimsir ele ina diaigh sin do cuaidh Declan go Breghaibh .i. a cédduthaigsiumh ria nionnarbadh a sinser. Agus fuair onóir mór ó rígh Temrach agus ó thiccernadhaibh na Midhe oir dob ionmain leo hé do brigh gur ab uatha fein do chuattar a shinnsir agus gur bí an tírsin a dúthaig firinnech agus gurab innte ata Temhair. Agus do cumhdaigh Déclan mainistir chanánach ann sin a bferann fuair ré ón rígh. Agus is uadha ainmnigter an t-ionad. Agus do facaibh mionn no leabhar cumhdaigh agus soiscél onórach do bídh aicce féin do gnath ar iomchar ann sin. Agus atá an soiscel inonoir móir isin ionadsin agus do gníther miorbuile uadha. Agus ina diaigh sin do iompó sé isin Muman.