Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 30

Do bai Déclan oidhche áiridhe ar aidhigecht ittig duine saidhbhir isin rann thes do Muigh Feimhin agus is amlaidh do bí an fer sin agus é ina aincriostaidhe gan creidemh do ghabhail chuicce. Agus is é do bainm do dercan. Agus do bhrethnuigh sé fanámatt do dénamh fona criostaigibh oir adubairt re na sherbhfogantaidhe madadh do marbadh gan fhios agus a cheann agus a chosa do bhúain de agus a ffolach i ttalmain agus a fheoil do bruith go maith agus a tabairt do muinntir Décláin da caithemh agus adubairt riú an madadh do bheith meith go maith, go ngabdais a fheoil mar fheoil caorach. Agus an tan roba bruite tuccaidh hi ffiadhnaise Declain agus a mhuinntire maille re haran agus le biadhaibh ele. Agus do bí a choladh ar ttuitim ar Declan an tan sin agus do duisccedh hé


p.50

le na deiscioplaibh do bhennachad accoda. Agus adubairt riú ‘Go firinnech do címse fritháilemh an díabail attimcell na feola utt.’ Agus do fiafraigh don luct frithólmha cred hí an fhéoil no cionnus fríth í. Agus a dubhrattar san:—‘Ar tticcerna adubairt rinn reithe méith do mharbadh daibhsi agus do rinnemairne sin air.’ Agus adubairt Declan: ‘Ar ttighernaine Iosa Criost & foillsighedh duinn créad dobheir timthirecht an diabhail attimcell na feola so agus toirmiscc do sherbontaidhe ó bhíadhaibh urcoidecha do caithemh doibh.’ Agus do connairc Déclan, ar na radh sin ionga an mhadaigh imescc na feola oir do bruithettar cethramha an mhadaigh cona cois féin uirre gan fios doibh féin. Agus do saoilettar gur foilghettar i ttalmain mar do ronsatt na cosa ele. Agus adubhairt Declan:—‘Ní coss cáorach so acht coss mhadaigh.’ Agus mar do cuallattar an luct fritholm sin do chuattar go luath dionnsuighe a tticcerna agus do insettar sin dó. Agus tainic Dercan dionnsaige Declain agus do creid dó agus do gabh baistedh uadha, agus tucc é féin agus a shlioct do Declan go brath. Agus tucc an baile sin do Declan agus do baisttedh a mhuintir. Agus do iarr ar Dheclán ní eiccin do bhennachadh isin mbaile sin do hainmneochtaoi dó féin go brath. Agus do bhennaigh Declan clocc do connairc sé; agus is é as ainm dó — clocc Dercain. Agus adubhairt Declan — ‘Faccbaim mar bhuadaibh ar in cclocc so da ngabha rí na nDéisi na timcheall agus é ag dol do chathuccadh lé na easccairdibh nó do dioghail a indlighid go ttiucfa se slán agus go mbera buaidh.’ Agus do fíradh sin go minic gidhedh na daoine diomsacha tionnsgnas dol hiccath no i ndeabaidh go haindlightheach agus gabas ina thimceall ní búaid beirit síatt acht fagbhaitt buaid ga naimhdibh. Agus isé fa hainm don bhaile sin Tech Dercain. Agus isé a ainm anois Coningen15 ó ingin na con, nó an mhadaidh a dubhramar. Is annsin tangatar an drong naomhso mar a raibhe

p.52

Declan .i. Coman, agus Ultán mac Eirc, agus Mocoba, agus mac Laisrein, agus tuccattar iatt féin do Dia agus dochuattar fo riaghail agus fo smacht Declain.