Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 29

Ina dhiaigh sin do ghuidhettar popal Caisil espocc De go mbennaighed sé an chathair agus go ndíochuiredh sé an


p.48

plaigh uatha agus go nguidhedh sé chum Dé air shon na ndaoine do bi eslán isin teidhm sin gan dol de. Agus air ffaicsin creidme na druinge sin do Dhéclan do ghuidh Día, agus do chomharthaigh ó comarda na croiche cesta ceithre hairde an aeoir. Agus as deimhin gur bo follus briatra Criost re na deisciplaib an tansin mar adubairt aga bfagbáil agus ag dol do chum nimhe:‘Super egros manus imponent et bene habebunt,’14 .i. cuirfead mo lamha ar na heslanaibh agus beitt slán. Agus déis an aeóir do chomhartucchadh ó chomhartha na croiche cesta do Déclan gach duine do bi easslán do bhattar slan, agus ní híad amáin do bí slan acht an tír uile ina timceall gibe hionad ina rabhattar daoine eslána do bháttar slán. Agus do dichuiredh an phlaigh sin o gach uile tír agus do ba mór gairdechus cáich tríttsin agus tres na dáoinibh marba adubhramar daithbeoucchad. Agus do orduigh an rí cíos agus onoir uadha, agus o gach rígh do ghebadh Caisiol ina diaigh do Dhéclan agus do luct a ionad. Agus ina dhiaigh sin do bhennuig an t-epscop glórmhar Declan an rí Aéngus cona catair agus cona chinedh agus do iompo iassin do chum a ionaid féin.