Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 27

Tarla Declan agus Fergal mac Corbmaic le ceile .i. rí na nDeisi cona sluag agus cona coimhtionol dona Déisib ag Indeoin agus do daingnigettar an recht Criostaidhe isin popal. Agus an rí adubhramar romhainn .i. Ledban diultaightéoir anma Críost do dichuisedh o gach aon é agus do cuaidh ar neimhtní gan fios ascél mar ata scriobhtha do naimtibh an chreidimh:—‘Go ttiagat a ccuimhne as mar fhoghar’.12 Agus do ordaigh Declan agus Fergal agus Maithe na nDéisoch gurab annsan ionad sin do goirfidhe rí ar na Déisib go brath, do bríg gurab ann do bhennuigh Patruicc agus Declan an ri sin .i. Fergal agus adubhrattar na senndaoine gurb annsin doriogthaoi riogha agus do chaithdis afflaiteas roimh creidemh is na Déisibh.