A ccinn aimsire ele do cuaidh Declan mar a raibhe Aengus mac Natfraich ri Caisil agus do shenmoir dó. Agus do thaircc a chur ar creidemh na h-eccailsi. Agus do bhattar ag Declan dias derbhrathar do thaoibh a mathar do cloinn Aengusa .i. Colman agus Eogan ananmannae. Agus ar nadhnadh grás an Spiorait Naeimh i cColmán do chúaid mar a raibhe Ailbhe Imligh, agus do ghabh baisteadh uadha agus aibítt crabhaid agus do bí ina fharradh sealat ag foghlaim leiginn, agus do rinne fear náemhta foirfe fa déoig de. Agus do bí Eochaid ina cruth fein ag fuirech le righe Muman indiaigh a athar, agus do ghuidhedh a athair fa onoir do tabhairt do Declan da brathair. Agus dorinne an rí sin, óir nir toirmiscc sé Déclan ina shenmoir. Agus do thaitned ris crabhadh agus ceccuscc Decclain gidedh nír chreitt dó, agus nir gabh baistedh uadha. Agus adeiritt drong gurab edh fodera sin .i. Declan do beith dóna Déisibh, agus Leth Cuinn, agus Aengus do beith