Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 14

Agus do rinnettar an triur so .i. Declan agus Ailbe agus Easpoc Iubhair cairdes agus cumann ettorra fein agus an drong do thiucfadh ina ndiaigh co brath innimh agus i ttalmain. Agus do bhattar go grádach fa cheile. Agus ro gradhuig Ailbe & Déclan acheile gomór o gradh braithremhail ionnus nar báil leó sccaradh re cheile ó méd a ngradha daroile acht le cás eiccentach ar furaileamh a ndeiscipal muna sccardais seal aithgerre aroile. Agus do cuaidh Declan na diaigh sin da dúthaig fein dona Deiribh Muman agus do shenmóir doibh, & do bhaistt morán dibh i n-ainm Críost. Agus do iompó íatt chum an creidimh Chatoilice ó chumhachtaibh an diabhail. Agus do


p.22

cumdaighedh eccalsa iomda lais in ro orduigh morán da deisciplaibh fein do denamh seirbísi agus foghanta do Dhia agus do tharraing an phopuil o nert diabhailchum Dé.