Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 12

Ar ttect do Declan maille re na chuidechtain náem dochum mara h-Icht nír féad se long dfaghail duiresbaidh costtais óir ní raibhe an ní do sireadh air aige. Agus do eitigh aen long dibh é arashon sin. Agus do bensan a clocc, agus do rinne urnaighe chum nDe fana fhurtacht asin cás sin. Agus as gerr ina diaigh sin do ced De go ffacattar long chuca ar barr na tuinne go chele, agus hi folamh gan aon nduini innte agus gan seol fuirre. Agus adubairt Declan in ainm Criost denam isin luing utt. Agus an ti do chuir chuccainn hí treorochaid se fein hí go h-inill duinn chum an phuirt inab áil leis sinn do dhul, agus do chuatar le breithir Declain innte agus rosná an long maille le soirbheas agus re h-innilliur no gur gabh port hi Saxaibh. Agus ar ndol do Declán maille re na deisciplaibh


p.20

eiste do iompó an long agus do chuaid gus an ionad asa ttainic agus na daoine do connairc agus do chuala na miorbhuile sin do mhédaigettarainm Dé agus naomtacht Déclain. Agus do fíradh briatra Dauid an tan sin mar adubairt:—‘Mirabilis Deus inh sanctis suis’3 .i. as ionganthac Dia ina naemhaibh.