Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 5

Ar ccoimhlionadh a sheacht mbliadan do Déclán do cuiredh óna tuisdigibh agus ona cháirdibh agus ona lucht oileamhna do denamh foglama amhail do aithin Colman. Agus is chuicce do cuiredh hé go neoch craibhtheach eccnaidh do bí foirfe isin ccreidemh dár bhainm Dimma. Agus tainic go nuaidhean tan sin ó fhurailemh Dé i nEirinn ar mbeith dó aimsir fada ina h-eccmais ag foghlaim leighinn. Agus do rinne sella maith isin tir sin ina mbeith ag denamh foircettail do


p.14

Declan agus ina mbeith a comhnuidhe féin do gnath. Agus do cuiredh leanab ócc ele dár bhainm Cairpre mac Colmain ar aen tsliccidh le Decclan chuicce dá fhoghlaim. Agus do bi an Coirpre sin ina easpoc naemhtha onórach na dhíaigh sin. Agus do bhattar an dias sin aimser fhada affochair achele ag denamh foghlama.