Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 2

Agus as do shliocht an Eoghain cettna sin an t-espocc naemta Declan da Laibheoram inar ndiaigh .i. Declan Mac Eirc Mic Trein Mic Luigdeach Mic Miaich Mic Briain Mic Eogain Mic Airt Cuirp Mic Moscorb Mic Mesgedhra Mic Mhesfore Mic Cuana Cainbhreataigh Mic Conra Cathbuadaig Mic Coirpre Mic Eoghain Mic Fiachaid Suighde Mic Feidlimid Rectmair Mic Tuatal Tectmair. Eirc mac Trein imorro ri na nDéisi ase rob athair do


p.8

Déclan agus do cuaidh fein & a bhen Deithin co teach combrathar dó dár bhainm Dobhran. Agus así sin aimser ina ttainic am tuismidh atoirrchesa do Deithin agus isé toirrces do bi aice Declan & ro tuisimh é gan tindes gan dólas gan docamhal, & aga toccbáil an diaigh abheirthe do bhen acend fri cloich móir. Agus bidh a fhis accuibh go ttucc Declan comharta naemhtacta leis, agus miorbuile a broinn a mháthar amhail atá sccriobhta on fháidh:—‘De uulua sanctificaui te & prophetam in gentibus dedi te’ .i. do naemhus tú imbroind do mathar & tuccus dona cinedaibh amhail fáidh tú. Agus is amlaidh sin do bí Declan ar na naemhadh imbroinn a mathar agus ar na thabairt ó Dia dona cinedhaibh ina a faidh ler hiompoidhedh moran dona daoinibh ó gheinntlighecht agus o sechran an chreidimh co hadhradh Criost agus an creidimh Catoliche mar bus follus in ar ndiaig óir do bhén mullach ro maeth a chind fon cloich cruaidh mar adubramar agus ar mbéin a chind fria do ronadh cabhan & toll isin cloich do reir formu1 & cumtha achinn & nír urchoidech dó féin a modh ar bith. Agus na daoine do chonnairc sin do gabh iongantus mor iatt oir do bí Ére an tan sin in esbadh creidimh agus as annamh do cíthí comhartha naemhta no Criostaidhe ar aonduine. Agus an cloch arar thuit cend Declain isé as ainm di, Carracc Déclain. Agus an tuiscce nó an fhertain fheras isin caban a dubhramar inionadh cind Déclain sccriostar galair agus eslainte leis do grasaibh Dé agus do dherbudh anaemhtachta.