Mocuta Rathin do róine roinn dia comtinól & dia áigedhaibh adhaigh n-ann. Cach bíad frisi comruicedh a lám, ro cuimledh a láma ana brógaib bídis uime, co n-dechaid díabal isin bróig ar in lethcumaid sin. Is mó in ríghe-si a fuilim-si, ar Mocuta, .i. mórseiser & secht fichet & secht cét, & imacallaim fria h-ainglib da gach treas fer díb-sin & abdaine & cennus acam-sa forro-sin uile & conad mesa misi oldás gach fer díb-sin. Et ní slighe nime dam-sa sin & ní bíu amlaid, ar Mocuta, acht ragad isin luing fil oc h-imtecht a h-Érinn, co ná rabar dá, h-adaig a n-aen inad ac oilithre ar fud in domain móir. Ocus ro-élo lánmochtráth íar na máirech co ráinic go h-airm a m-bái Comgall Tighe Teille. Bennachais cách díb dia céle. Suidh, ar Comgall. Ní h-áil lem, or Mocuta. Atá tinninus
- Maith do cléirech beth abus
ocus atéidhe 'na tráth,
do-beir demon cuitmide2
spirat utmaille for cách.
Ocus anais Mocuta oc a muinntir íar sin & nir' féd díabal ercoit do dénam dó ó sin amach.