Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Farannáin (Author: [unknown])

p.1

1

Tiondsccantar annso betha Fharannain uasail iolcraibtigh .i. mac rioghdha, réimdírech, credhal, cánonta, coisrecta Cuinn meic Colgan meic Aodha meic Finnbhairr meic Eogain meic Neill Naoigíallaigh.

Ro fhaccaib Columcille Ére ar ulc re feraibh Erenn tre fheircc adbailmóir; & tucc luighe & lainmionna nach faicfedh a shuile, & nach cluinfedh a chluasa fer no ben i n-Erinn; & ro comhailledh sin leis treimsi fada, amhail dherbhas an rand:

    1. Fuil súil n-glais
      Déchus Erinn tar a hais
      Nochan fhaicfe iarmotha
      Firu Érenn nás a mna;
& da dherbadh sin ro chuir anart ciartha tar a shuilibh, & taparara i n-a chluasaib, & do chuaidh tar muir i n-Albain, go n-deachaid go h-I Choluimchille, gur bhennaigh hi.

Gur fhan teora bliadhna innte, no gur mothaigettar fir Erenn a uiresbaidh go hiomarcach orra; gur


p.2

chaitettar fir Erenn a ttechta ris an ccomfad sin; & go ttucc Columcille éra orra diblinaibh; no gur fás coccadh coitcenn & esaonta iomarcach eter feraibh Erenn & Alban. Go n-deachattar a chombraithre naomh & neimhedh ar a chend soir: Cuanna mac Miodhuirn, meic Duibhratha, meic Enna meic Neill Naoigiallaigh; {folio 92r} & Gobran2 espoc, mac Ængusa, meic Ardgail, meic Conaill Cremtainne, meic Neill Naoigiallaigh; & Colman mac Eachach, meic Aillella,3 meic Luigdech, meic Laegaire, meic Neill Naoigiallaigh; & Baoithin mac Brenainn, meic Fergusa, meic Conuill Gulban, meic Neill Naoigiallaigh; & Farannán fertach, mac Cuinn, meic Colgan, meic Aodha, meic Fionnbhairr, meic Eogain, meic Neill Naoigiallaigh. Docuatar na naoimh sin go h-Albain, & ro iarratar sein d'itche & d'athcuinge ar Choluimcille techt go h-Erinn do shiodhuccadh eter fheraibh Erenn & Alban; & tucc Columcille aonta fa theacht lena braithribh naem & neimedh. Ar thri h-adbaraibh tucc Columcille aonta fa theacht ar an turus sin .i. do denamh siodha eter fheraibh Erenn & Alban; & d'fuascéladh Sccannlain móir, meic Cinnfháolaidh rí Osraighe, ro báoi a ccuibriuch & a ccengal i ccro chumhang caolaigh ag Aodh mac Ainmirech rí Erenn.

Ocus dorinne Columcille gach snaidm acasin do reidhiucchad amhail ata i m-bethaid Choluimcille, & 'san Amhra Choluimcile; & adubratar fir Erenn nach rachad Coluimcille tar a ais aris go h-Albain; & ro chongbhatar i n-Ére go ttuccatar airdchennas naomh & naomhógh


p.3

Erenn dó tar éis Patraicc, go tucc Coluimcille sáorchuairt do bennuccadh Leithe Cuinn, go ttainic tar Éirne n-éignigh n-ionnfhuair, gur bennaigh reiccles riaghalta i ccrích caomhalainn Cairpre meic Neill, dá nach lenfam da sccelaib annso.

Mar do cualattar fir (no náoimh) Erenn sin {folio 92v} an méid ro báoi 'na comhfoccus diobh, tangatar roimh Choluimchille go termann Feichin na b-fert; & tangatar annsin siol Cuimne .i. seiser & secht fichit do naemhaibh cenmotha Aodh mac Ainmirech rí Erenn.4 Tainic 'san toicestal sin a n-dail Coluimcille do shiol Cuimne,5 Monine Sleibhe Cuilinn, & da mac Conaill a Cill Corra, & easpocc Maine a Tír Oilill, & Muiredhach Cille h-Alaidh a Tír Amalgaidh, & easpoc Róin a Cill espuicc Róin, & Caimin Innsi Celtra, & Riagaill Muicinnsi la Dál cCais, & Sénan Innsi Cathaigh, & Sénán Laithrigh Briuin, & Ernin Cluana Reilgech a Midhe, & seacht n-espuicc Cluana h-Emain, & Liban, & Fortcern i n-Odba Cera i b-Partraighe, & Grellan Craoibhe i n-oirther Muighe Luircc,& Sccire a Cill Sccire, & Corcaircenn & Corcaircaoin, da ingin Eoghain, & inghen Cathbath6 a Cill Comhlach a Muicch Luircc, & Loman Locha Gile, & Cairpre & Brefne, & Mifrisi mac Fachtna ag Sligeach, & Inell craib-tech,& Osnadh a n-Glenn Dallain i c-Coirpre, & Geighe i n-Inis Geighe, & Derbiledh i n-Iorrass, & seacht ccailleacha a Tír ua fFiachrach Aidhne, & Magaine Ratha Aradh, & Brochlach


p.4

i cCairpre. Robhatar an uirettsin do shiol Cuimne do naomhaibh a ccoinne & a ccomdháil Coluimchille, cenmotha ardnaoimh oireghdha Eirionn.

Tainic Columcille chuca, & tangatar dibhlínibh, tar Traigh na Mna Mairbe .i. Traigh álainn Éothuile, {folio 93r} & asse go Tulach na Maoile, risan abarthar Sccrin Adhamnain aníu; & ro bennaigh hí; & ro faccaibh Adamnán úasalnaomh innte;7 & assein go h-All fíorálainn Farandáin aníu.8 Tainic i n-a ccoinne annsin Tiopraite mac Maoileduin, meic Fiachrach Ealgaigh, meic Dathi, & a mhac Dúnchad. ‘Maith amh’, ar Farannan, ‘a Choluimcille, as ionad crábaidh & cleircechta an t-ionadh so; & fuarus fein mian mo mhenman & gradh glemaisech mo chroidhe fa áras naoimh & neimedh do denamh annso; & anmhain ann go foircend mo bethadh ag bindgabail mo psalm & mo psaltrach, ag moladh righ nimhe & talman.’ ‘Dogéba tusa an fearann so ar son do bhennachta, & ar bhennacht Coluimcille & na naobh diblinaibh,’ ar Tiopraitte mac Maoileduin. Ruccattar na naoim buidechus adhbal risan iodbairt sin, & ro bennaighettar an t-ionad sin, & an t-uiscce iodhanghlan, & an t-all taitnemach; & ro fáccbatar Forannan na ffiort 'san reigles riaghalta sin.

Is amlaidh ro thocaithedh Farandán a bhetha 'san ionad sin an ccéin ro mair; an céd trián don oidche gonuicce a dí oscaill 'san dabhaigh9 firalainn fhuaruiscce; andara trian don oidche 'na charcair cloch & crábaidh &


p.5

cerchaill cloiche fona chionn, & cercaill ele cloiche fona chosaibh tareis na dabcha; & an trian ele ag éistecht le foghar na fairrge fiordoimhne, & le tormán na ttonn re slesaibh carracc & cruadhall, & ag eistecht le riontach na rón, & le fogar {folio 93v} na ffaoilenn, & le coiccedal na ccraobh ccnuastorthach, & le hallglór an essa ardcainntigh fionnfhuair ag siledh 'san dabhaigh diansrothaigh. Ocus as mar sin ro chodladh an trian deighenach don oidche go madain.

Ba maith an fer ro báoi annsin .i. Farannán fertach; oir así so tuarasccbail Cholaimcille fair .i. fer fíren an ferso go n-gloine aignidh & inntinne, amhail uasalathair; fer firen amhail Apram; fer cennsa craibtech o chroidhe amhail Maoisi mac Amra; psalmcatlaidh molta amhail Dáuid; cumhdaighteoir na h-eccna amhail Sholamh; soidhtheach firinne amhail Pol apstal; fer lán do rath & do roieolas an Spiortu naoimh amhail Eoin suiscelaid; lubgort lanabbaid 'ar n-a líonadh do shubhailcibh; gescca finemna 'ar n-a fíorchumdach; teine taidlech taitnemach ar thes crabaidh & cogúis; leomhan ar nert & ar chumachtaib fri demnaibh; colum ar cennsa & ar ghloine gniomharta; naithir neimhe ar ghliocus le maith; mogh saothair & fognama do Chriost an fer sin .i. Farannan.

Ro fhágaibh Farannan buadha iomdha ar an dabhaigh sin .i. gibe no fhothraiccfedh innte do chlannaibh Fiachrach d'fior nó do mnaoi, gemadh esslan riamh roimhe, acht go ccuiredh tri tonna tar a bhaithis d'uiscce iodhanglan na dabhcha,10 go ttiucfadh slán ón t-sruth. Edach


p.6

& erredh an aithrigidh d'fágbail ag an ccomarbae mar almsain; & an almsa fhétfus fer echtairceineoil do tabairt dó {folio 94r}. An t-esslan d'anmain 'san ccarcair cumaing crábaidh, & dinech na dabcha d'ól, & a breith go a adhba bhunaidh, & foiridh conach, & sgamach, & sinech, & gach uile ghalar bhíos ar innilibh becca & mora. Ocus ro fágbadh fágbála iomdha ar an uiscce .i. gach aon da n-gébha trid tri lomanna d'ól de a n-onóir do Dhia & d'Farannan, & tiocfadh slán. Trí troisccthi a n-onóir Farannain gacha bliadhna .i. cédaoine, aoine, & satharn enuair 'san bliadhain, & trosccadh roimh feil Farannain. Ocus ro faccaibh mar aithne ag gach aon gan uiret deilcc bruit do bhúain da fhiodhbadh foltalainn, & gan slán do chodladh 'na leabaidh, acht easslán bías i n-éiccen, & reliqua. Mallacht cliar & ceall & clocc, naemh & neimhedh Erenn, & garseicle & míoclú moradhbal da gach aon nach íocfadh a chíos & a cháin lé comharba Farannain, & andara mallacht da gach aon duini dobhéra cíos an chomarba acht d'fior iomchair a meircce míorbuiligh.

Is amlaidh so frith an reiccles úasal oirdnidhe & ionad naomh & neimedh fa huaisle i n-iath Eireamóin ar tós .i. feacht n-aon da ttainic Columcille ar saorcuairt Leithe Cuinn & naoimh Erenn maille fris, & tainic go tír Úa fFiachrach Muaidhe, & asé ba rí 'san tír an tan sin .i. Tiopraite mac Maoiledúin, meic Fiachrach Ealgaigh, meic Dathi meic Fiachrach. Ro edhbair & ro ardthiodhlaic Tiopraite tri h-eccailsi onóracha & tri reiclesa {folio 94v} ronaomhta do Choluimcille & da naomhaibh. As iadso na


p.7

h-eccailsi sin .i. Sccrin oirdeirc Adamnáin, & Alt fiorálainn Farannáin, & Cill caomhálainn Cuanna ar bord na h-Iasccaidhe. Ocus a ccionn aimsire imceine 'na diaigh sin .i. a ccionn cuicc cét bliadhan gabhais Cathal Croibderg ua Concobair righe Connacht d'aimdeoin Gall & Gaoidheal, & ro gabh treisi ar fonn Úa f-Fiachrach, & cuiris ferann manach an chuiccidh uile le Cnoc moralainn Muaidhe, & ro cengail All fíorálainn Farannáin ris; & ata marsin osin ille. Conadh í betha Farannain gonuicce sin.11

As leabhrán Meic Seain Charraigh í Maonaigh .i. comarba Farannain do sccriobadh an betha sin Farannain. Do sliocht Dathi meic Fiachrach an Sean sin, amal derbus a geinelach ata sccriobtha i n-a leabur fein. A tigh na m-brathar ag Drobaois ro sccriobadh, 13 Febrv. 1629. Meisi Micel bocht brathair.