Cid tra acht as í-sin uair & aimser do-cuaidh Colum craibtech-nair Cille i n-iath n-oirer-min n-Alban da bhennuccadh,
Ocus do guidhestair Colum Cille go duthrachtach Senach sen-gobha, uair bá mac mathar dó Colum Cille; & is amhlaidh ro bhaoi an Senach-sin, & cáor crithreach comhluaimnech a t-tren-bél a thencaire 'ga toccbáil. Ocus tainic mana ina edan fon am-sin, & tádhbás dó mac a mathar do bheith isin moir-eccen-sin; & tucustair urchar a c-coinne Choluim Cille ó Dhoire buan-rathmhar Broscca gusan aiccen fhuineta eter {folio 137v} Erinn & Albain. Ocus is e ionadh a t-tárla an cáor comramach sin, a m-béol na píasta, gur marbustair d'áon urchar h-í.
Ocus do guidhestair Coluim Cille Día, amhail ro lenastair an peist béo íatt, go lenadh 'arna marbadh go h-ard-phort na h-Erenn; & an uair ro gabhadh cuan ag Coluim cona cleircibh, tainic an pheist a t-tír a n-aoin-feacht fríu. Ocus do cosccradh h-í acc na cléircibh, & do benadh an cháor a c-cédoir eiste. Ocus ruccadh an chaor dochum Senaigh, go a cerdcha, & do-róine tri mionna miorbhuilecha mór-cumachtacha dhi .i. an glunan Senaigh, & an gerr curaigh, & clocc niam-grenta Naile, óir as é an Senach sáothar-mór tuccustair do Tigernach táobh-faid-geal an t-uasal clog, óir as dó ba h-ainm an glasan Tigernaigh. Ocus tucc Ticcernach do Mo Laisi an lethan-clocc go m-bíodh i c-cuchtair Mo Laisi ar an leic, 'go b-faghtáoi proinn cét 'na onóir 'sa cuchtair; & gurab é fa clocc udhachta & adhairt ag Mo Laisi a n-am a écca; oir is é rob én ordain & togha do Naile a n-ionad Mo Laisi h-i f-fiadhnuisi naomh-locha h-Eirne tre briathraibh Dé & Mo Laisi; gurab é as naomh-chlog do Naile o sin alle, amhail ro raidhedh ag foillsiugadh a mhiorbhuile:
- Clocc Naile, mór a neimh,
Sloinnfet a fherta a t-talmuin,
Eisttid lim-sa cách uile
Ag móradh a miorbuile.
- Imdha mainces 'ga mhancaibh
Eter nemh is talmain,
Imdha sochar 'gun clocc cóir,
Imdha uaisle is onoir.- Imdha a duthcas 'sa dlighedh,
Mor a cháin o gach cinedh,
O do-rinne Senach soin
Ro-mhor a ferta a t-talmain.- Senach do teilcc an chaor tenn
A c-coinne Coluim na c-cell,
Gur marbh peist gránna gailbech,
Chos-lom, chenn-mór, corp-ainmheach.- Lenaid an peist iad don cuan
Colum 'sa muinter re a lúadh,
Ticc marb dá n-es amuich
A h-aithle urcair Shenaigh.- Do cosccradh ann le Coluim
An peist ba gránna coluinn,
Go t-tucc chum Senaigh alle
An cáor a cliabh na peiste.- Do-ni tri mionna miolla
Senach don caóir, ba griobhdha,
In glunan Senaich cétt-clann,
Is an gerr curaigh coimhteann.- An clocc-sa clocc Naile móir,
An tres mionn diobh, mar as doigh;
Ag sin, mar as derb duibh,
Mionna as neimhnighe ar talmain.- Do Tigernach do-rad Senach
An clocc, do-rad as in belach,
Glasan Tighernaigh go tenn
A ainm ag cach go coitcenn.
- Tucc Tigernach do Mo Laisi
An clocc, fa mór a maisi,
Clocc cuchtrach Mo Laisi,
Is clog udhachta a ghalair.- An uair do bi 'sa cuchtair coir
{folio 138v}
An clocc ba riogdha go Roimh,
Proinn cet do nimh, mor a brígh,
Do geibhti de gach aon oidchí.- Mo Laisi an uair testa tes
i n-Daimh-Inis ba geal cnes,
Togtar Naile do nimh
Fágthar dó an clocc 'sna cleirigh.- An t-éun ordain Naile moir,
Don clocc-sin ba h-ainm coir,
As é an clocc do thogh iar sin
Naile a h-ucht Dé duiligh.- Ag Naile, fír an fath,
An clocc, is biaid go brath,
Ag sin a fír, borbh an breth,
Ó Naile go Senach.- Is e fuair an rimiadh amlaidh
Nach f-fuair aon clocc ar talmain,
Gibe baile i t-tegmadh-sin,
Tús ríaraighthi 'ga cleircibh.- Urdail sochair re a clocc ann
Tucc dó Coluim Cille tall,
Meth no écc do cloinn Conaill coir
Muna freccrait a n-onoir.- Tucc Tigernach ba geal troigh
Urdail sochair re a mionnaibh,
Ar mhainces Tigernaigh tréin
A crích n-oiregdha n-Oirgíall.
- Tucc Naile leis alle
An clocc-sin do déoin Mo Laisi,
'S do faccaibh Mo Laisi don clocc
Tus onora 'na ard-port.- Do bi ag Naile niamhda
An clocc-sin do réir riaghla,
Gur baisttedh leis Luán lán,
Mac Iorgalaigh iomnar.- An clocc rob athair baistidh
Do Luán triath an gaisccid,
Ag an caraidh, mor medhrach,
Sinell ocus Tigernach.- Tainic Luán se fir décc
{folio 139r}
D'íarraidh a bhaiste, 's ni brecc,
Fíonnachta as Murchad amuigh,
O b-fuilit clann mher Murchaid.- Do baistedh na sé fir décc
Le Naile, is ni brécc,
Do ched Tigernaigh on t-sáil,
Is Sinill ocus Ronáin.- Do-ni Luán luth buadha
Oirdeirc lá cách at-cuala,
Bradan gacha ladhra lais,
Eter cois is laimh leabhair.- Do raid Flannán ba geal cnes,
Mac Logha: do-rinnis cles.
Biaidh air, ar Naile nar,
Ó so amach go brath Luan.- On luth an sin do-rinde
Adbar baisttidh, an gille,
{}
Coimhdhes dó muir is talman.
- As-bert Naile nemdha
Le Luán go moir-menma:
Millfit do siol seng, 's na mill
Mo cháin, a Lúain lain-grind.- Derccais Luan ba geal snuadh,
Le h-aitesc Naile 'ga luadh:
Cred í an chain do millfit soin,
Mo síol, a naoimh oicc uasail?- Dligim úait ocus ód shiol
Luach do baiste, mór a brigh,
Cain úait is ót síol iar soin,
Luach righe daibh 'na deaghaid.- Caiscc oraibh gacha tres bliadain, 12
Bladh dom cáin, coir a h-iarraidh,
Meth nó écc da n-oba soin,
Go raibh 'na toiseach naenbhair.- Bó no chapall 'sa cháisc damh
Ó shíol Luáin 'na lenmhain,
Dligidh mo chlocc, as fír soin,
Erredh cos is lámh 'na lenmuin.- Is screapall cathrach, ferr mo dhail,
{folio 139v}
Dlighim dibh is da mnaibh,
Se pinginne d'airgett gheal,
Nó as pinginn óir mo dliged.- Corn gach ciorcaill don dabaig
Dligidh dibh fós mo mhanaigh,
A dabhaigh 'sa tonna-soin,
Cuid dála a h-aithle an cuirn-sin.- Screapall bainnsidhe buadha
Dlighim ot cloinn do-cúala;
Buaidh cloinne is conaigh co cert
Aca, o fuicfett mo bennacht.
- Da n-esccaine mo clocc cruaidh
An lánamhain tre diombúaidh,
Do ghebhaitt a n-dís gan fheall
Gairde saoghail is ifreann.- Toirrces gach céud lára lem,
Dligim od shiol, as reim tenn,
Bidh lem od cinedh coidhce
Cétt laogh gach bó benn-báoithe.- Céd-arc gach muice as dlecht damh
O shiol Luáin na c-comhramh,
Céd-uan gach cáorach go c-cáil
Ód shiol as lem-sa, a Luáin.- Ced punnan gach arbha úir
Dam-sa re n-dol annsa c-cúil,
Uaim don arbhar da chionn-soin
Sonus a c-crúaich 's a c-cuctair.- Mesccán as gach maistreadh uaibh
Dligim dom chios-cáin o buaibh,
Do gebhthar uaim da cinn-soin
Buaidh blechta is buaidh toraidh.- Agh trí n-glac as gach creich cruaidh,
Dligim gidh sin da bhar slúagh,
Du damh go díles an dail,
Gidh úathad bhios 'gá gabháil.- Buaidh cosccair uaim da cionn sin
Don t-slúagh do beir an m-boin-sin,
Uaim d'feraibh Locha h-Éirne
Buaidh catha, buaidh coimhéirge.- Ni léigeabh a n-guin le gáibh,
{folio 140r}
An c-cein congbaid a cáin,
Ni léigeabh teidm ina t-tír,
Ni leicceabh creach le coicrich.- Ni leicceabh galar granna,
Ni léicceabh morán plágha,
An c-céin congmad mo cháin cóir,
Ní dhingnett ulc na eccóir.- Mo bhennacht oniu go brath
Ar shíol Luáin, fír an fáth,
Is congmatt damh mo cáin chert
Le diadacht is le dáonnacht.- Mallacht uaim muna chongmat
Damh mo cháin rioghdha ro-grod,
Mallacht Shinill as búan móid,
Mallacht Brícin is M'Aedhócc;- Mallacht Thighernaigh sheabhraigh
Ar do shiol, a mheic mhenmnaigh,
Mallacht easpoic Eogain Finn,
Da millter an cáin dlighim.- Maith mo lucht diogaltais 13uilc,
Sinell, Senach is geal cuirp,
Mo Laisi, is Tigernach tenn,
Fergus, Ronán, is Comghall.- Faenci, is easpoc Eogan Mór,
Espoc Cárthainn, Lasar lór,
Ag sin eirgit liom ale
Do naemhadh mo chomairce.- Mo chadach is M'Aedhocc Mór,
Críostt as cor ettrainn fa dó,
Go madh comhailltech inn mar soin,
An fedh do beith grian os talmain.
- Lem clocc an Bhreifne na ród,
Comtrom le mionna M'Aedhóg,
Tucc damh M'Aedhócc, as derbh sin,
Cuairt gacha bliadna dom chléircibh.- Tucc M'Aedhócc mallacht 'na port
Gach Breifnech do dénadh riom olc,
Rem clocc is rem tempal toir,
A los chongbála a c-cadaigh.- Gach nech dhíbh nách bía dom díon
Do Breifnechaib, buan a m-bríg,
Do-bér dóibh is M'Aedhog na mionn
Gairde saoghail is ifrionn.- Do gheall me is M'Aedhocc múadh
Síol Luáin go n-iomat slúagh,{folio 140v}
Gomadh coimdes d'ar cleircibh
Siol Luáin is sáoir Bhréifnigh.- Ní fetthar claochlodh ar c-cadaigh,
Ni fétthar coscc ar c-coccaidh,
Ní fétthar buain rér t-teglach,
Meisi is M'Aedhócc móir-mhenmnach.- Mo Laisi do thenn ar tús
An cadach-sin tre imtús,
Meisi do thenn iar sin
Le M'Aedhócc cruas ar c-cadaigh.- Do gheall damh Bricin bádhach
Ocus M'Aedhócc mor-dálach
Dith ar Breifneachaib gach fuinn
Fa shárachad mo thermuinn.- Do raid Luan fa geal corp:
Cia dom shíol do-ní riot olc,
Da m-brister léo do chain chain,
A Naile reidh rathmair?
- Geinfidh mac úait, a fhéil fhinn,
A Luáin úasail airm-ghrinn,
Cernach a ainm ar cúl crech
Seacht meic ag an c-Cernach.- Do-géna bladh dibh mo reir,
Clanna Cernaigh, bús rioghdha réim,
Brisfidher leo an cain crúaidh
Le bloidh don cloinn cloidemh-rúaidh.- Stefán, Dalach, buan a rath,
Firgil is Odhar úallach,
An cethrur laoch as mor gail,
Congbad sin mo cáin chubaidh.- Maol Dúin is Cáomhán calma
Brisfitt mo cháin catharrdha,
Do ghebait úaim resan dáil
Diombúaidh cloinni ocus conaigh.- Esccáinim oníu go brath
Síol Maol Dúin, ba fír an fáth,
Nar geine uadha, as réim cert,
Nech dan dú íath nó oireacht.- Do-ghenaid siol Camain cais
{folio 141r}
Milledh mo chána go crois;
O Muigh Lemhna cuirfett soin
Iatt tre esccaine i Mumhain.- Bíaidh mac ag Cernach go beacht,
Bíaidh rí é gan fresabhra,
Bidh Odhar a ainm 'ga thoigh
O n-geinfitt aicme Uidhir.- Gebaidh a shiol ríghe tenn,
Coingebhatt mo cháin le treall;
Benfad díobh righe don dáil
D'eis mo chána gan congmáil.- An uair brister mo cáin cruaidh,
Tionoltar uile mo shluaigh,
Teccaitt lem mar sgeith o a t-toigh,
Lucht congmála mo chadaigh.
- Bentar mo cluicc-si mar sgiath
Ar shiol Luain, borb a liach,
Ocus cluicc Shinill sheabhraigh,
Is cluicc taoibh-gil Thigernaigh.- Bentar cluicc Mo Laisi ann,
Is Ronáin, is Fuince feidhm-teann,
Ar siol Luáin go m-brighe,
Da n-díocúr on deígh-righe.- Ni suidhfit 'san righe reil
Clanna Luain, ger bhéodha a réim,
Ni ghebhait da éis go cert
Righe ar íath nó ar oireacht.- Bídh me in nathair ag dith sluagh,
As me an teine as cró-derg guál,
As me an leoman ag dith cruid,
As me an mathgamain ar mhenmuin.- Me an bheithir as réim rioghdha,
Me Naile mór maordha,
Biaidh 'gum foghladh, as reim tenn,
Giorra soaghail is ifrenn.- Me mac rígh Muman moire,
Mé cisde na cánóine,
Mé as neimhnighe peall is port,
Mé náemh is úaisle árd-chlog.Clog.